Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Céard sa sioc é ‘díosal’ anyways? Bímis ullamh do theic na todhchaí…

| ,

Maidin álainn samhraidh agus bhíomar ag padláil thart ar Dhuga na Canálach Móire.

Ní haon rud nua dúinne turas a thabhairt timpeall ar na foirgnimh áille athchóirithe de chuid Google, thíos ag an Duga.

Nach é Dev a bheadh bródúil as a bhfuil bainte amach sa chuid sin den chathair inar throid sé féin san Éirí Amach – Muilte Uí Bheoláin.

Ach bím i gcónaí ag meabhrú dom féin go mb’fhéidir gur radharc sórt sealadach é seo. An mhaidin áirithe seo bhí mé ag smaoineamh ar an rabhadh a bhí tugtha ag IFAC (Comhairle Chomhairleach Bhuiséad na hÉireann) i rith na seachtaine.

Dúradar (arís) go rabhamar ag brath an iomarca ar na comhlachtaí móra idirnáisiúnta don cháin atá á saothrú ag an tír le blianta beaga anuas. 87% den teacht isteach ó cháin chorparáideach, tagann sé ó thrí cinn de na comhlachtaí móra sin.

Agus is cosúil go bhfuil an gnáth-ioncam sna comhlachtaí móra sin trí oiread an ghnáthphá náisiúnta – €119,000 an duine sa mbliain, a íoctar ar an meán.

Cé mhéad uair a bhfuil an fógra céanna tugtha don Rialtas ag na ‘madraí faire’ airgeadais? An bhfuilimid ag dul chomh mór sin i dtaithí air is nach dtugaimid faoi deara níos mó go bhfuil contúirt ag baint leis an ‘spleáchas’ seo ar cháin ón bhfoinse sin?

Tá an oiread sin cleachtaidh againn ar na potaí móra airgid atá saothraithe ag an tír go bhfuil dreamanna áirithe ag rá nár cheart an tacaíocht bhreise ar bhreosla a tugadh i ngeall ar an gcogadh sa Mheánoirthear a tharraingt siar anois, agus praghas na hola ag ísliú arís. Fág acu é, a deir siad, tá na tacaíochtaí sin tuillte acu– agus ar aon nós nach bhfuil an t-airgead againn?

Labhair mé le cara liom atá ag obair i réimse na staitisticí. Níl aon bhaint go díreach aici leis na comhlachtaí móra sin. Ach bhí sí in ann a rá go raibh a fhios aici go raibh na comhlachtaí sin in ann bogadh thart an-éasca. Ní haon údar imní dóibh foireann a ligean chun siúil nó fiú amháin gnó a dhúnadh síos agus bogadh go tír éigin eile.

Luaigh mé Google ó tharla go raibh mé i ngar dó ar maidin. ‘Tá riar den fhoireann oibre ligthe chun siúil acu ach níl aon fhigiúr deimhnithe ann,’ dúirt sí.

An rud nach raibh am agam a phlé léi, ná an intleacht shaorga. Deirtear go bhfuil go leor daoine atá sa tseirbhís phoiblí ag baint úsáid as anois.

Níor chuala mé go raibh sé ag cur isteach fós ar líon na ndaoine atá ag obair sna ranna rialtais. Ach tiocfaidh an lá.

Tá an oiread sin ag tarlú i réimse na hintleachta saorga gur deacair coinneáil suas leis.

I Meiriceá, i ndeireadh na bliana seo caite (2025) tharla an méid seo:

I mí Dheireadh Fómhair, lig Amazon 14,000 daoine chun siúil.

Mí ina dhiaidh sin thug Verizon fógra do 13,000 duine – thart ar 13% den bhfórsa oibre.

De réir foinse amháin, chaill 1.2 milliún duine a gcuid postanna sna Stáit Aontaithe ó 2025 – suas 58% ón bhliain roimhe sin… Tá AI á lua ag cuid mhór de na comhlachtaí mar chúis leis an gcailliúint postanna sin.

Lean an patrún ar aghaidh san athbhliain le Meta, Banc Mheiriceá, Cloudfare agus comhlachtaí móra eile.

Níl sé soiléir an gciallaíonn an t-athrú mór seo – teacht an AI – go gcaillfear gach cineál poist. Ná níl sé fíor go gcaillfidh daoine atá amach sna blianta agus níos sinsearaí, a gcuid postanna. Is cosúil go bhfuil an tionchar is mó le brath i measc daoine óga, iadsan a bhfuil oideachas maith orthu agus iad ag tosnú amach sa saol.

Deirtear gurb iad an dream is mó atá thíos leis ná an dream sin a bheadh ag súil le bheith ag obair sna comhlachtaí ‘teic’ ag dearadh bogearraí agus a leithéid. Ní bheidh gá leis an oiread sin acu a thuilleadh. Ach tá tuilleadh drochnuachta ann dóibh siúd a bhfuil oideachas maith orthu agus a bheadh ag súil le fostaíocht mhaith – cuntasóirí, comhairleoirí, saineolaithe dlí – tá gach cosúlacht ar an scéal go mbeidh an obair á déanamh amach anseo ag an intleacht shaorga.

Ach ní drochscéalta amach is amach atá le hinseacht. Tá fás agus forbairt i ndán do go leor tionscal a úsáideann an teicneolaíocht nua seo chun a gcuid gnóthaí a mhéadú agus chun tionscail nua a chur sa tsiúl. Ach ní tharlóidh sé sin ar an toirt. Tógfaidh sé am.

Seo an áit a bhfuil an ceacht le foghlaim sa tír seo. An bhfuilimid ag déanamh réidh don réabhlóid nua seo? An bhfuilimid ag cabhrú le lucht tionsclaíochta chun a gcuid gnó a fhorbairt fiú agus iad ag cailleadh postanna de bharr an choir nua seo sa scéal? Bí cinnte go bhfuil tíortha eile ar domhan á dhéanamh sin. Agus chomh fada agus atáthar in ann a dhéanamh amach, tá cuid acu níos fearr ná a chéile ag réiteach don athrú mór seo.

Agus cad atá ar bharr an liosta againne in Éirinn an tseachtain seo – táimid ag plé tacaíochtaí airgid do dhaoine a raibh deacrachtaí acu nuair a bhí praghas na hola ag ardú de bharr dhúnadh Chaolas Hormuz.

Amach anseo, nuair a bheas doirse dúnta thart ar Dhuga na Canálach Móire, de bharr laghdú fostaíochta sna comhlachtaí teic, an mbeidh fiú amháin cuimhne ag daoine ar céard go díreach a tharla i gCaolas Hormuz, agus cén fáth ar tachtadh bóithre, bealaí taistil, agus bealach chun na hoibre ar dhaoine a bhí ag iarraidh lá a bhaint amach? An mbeidh daoine amach anseo a bhí ina ngasúir nuair a tharla sé seo, an cur na ceiste – an é seo an bealach a bhí sibh ag fáil réidh don todhchaí? An mar seo a chaith sibh an pota mór airgid a bhí agaibh in 2025, airgead a d’fhéadfadh sibh a chaitheamh ar bhealach i bhfad níos ciallmhaire? Agus céard sa sioc é ‘díosal’ anyways?

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta