Dáithí Mac GabhannTá sé deimhnithe inniu go bhfuil aistriú croí faighte ag Dáithí Mac Gabhann, Gael óg naoi mbliana d’aois as Béal Feirste a bhfuarthas amach go raibh aistriú croí de dhíobháil air in 2018 nuair a bhí sé 14 mí d’aois.
I dteachtaireacht a scaipeadh ar na meáin shóisialta ar maidin dúradh go raibh an “fanacht is faide” ag aon pháiste ar domhan le haistriú croí a fháil “thart” agus go bhfuil Dáithí ag teacht chuige féin go maith anois.
In 2023 ainmníodh dlí nua faoi dheonú orgán i ndiaidh Dháithí Mhic Gabhann.
Bhí tuismitheoirí Dháithí, beirt chainteoirí Gaeilge, i mbun feachtais le roinnt blianta chun an dlí maidir le deonú orgán a leasú.
De réir ‘Dlí Dháithí’, bíonn gach duine fásta sa Tuaisceart áirithe mar dheontóir orgáin seachas sa chás go roghnaíonn siad gan a bheith ina ndeontóir orgáin.
Sa teachtaireacht a scaip muintir Dháithí inniu dúradh go raibh
“buanna móra faighte aige go dtí seo ach go raibh sé “ag tús a thurais” san agus “bóthar fada roimhe go fóill”.
Dúradh sa teachtaireacht gurb é an deonú orgáin “an bronntanas is fearr” gur féidir le duine ar bith a thabhairt do dhuine ar bith eile.
Agus dúradh go raibh a thuismitheoirí, “thar a bheith buíoch” de dheontóir Dháithí agus a dteaghlach as ucht cinneadh a dhéanamh croí a thabhairt do Dháithí ag am an-deacair “nach féidir fiú a shamhlú” agus nach raibh a dhath le gnóthú acu féin as.
“Chun meas a léiriú orthu agus ar mhaithe lena bpríobháideachas, ní bheidh muid ag rá aon rud eile ag an phointe seo,” a dúirt siad.
Bhí Dáithí 14 mí nuair a fuair Máirtín Mac Gabhann agus Seph Ní Mhealláin, beirt Ghaeilgeoirí as Béal Feirste, amach go raibh Siondróm Hipeapláiseach Croí air, a d’fhág nár fhorbair an taobh clé dá chroí mar is ceart sa bhroinn.
Cuireadh Dáithí, ar an liosta feithimh in 2018 chun aistriú croí a fháil agus chuir a thuismitheoirí tús le feachtas chun an dlí maidir le deonú orgán a leasú.
Tá tuismitheoirí Dháithí i mbun feachtais le blianta anuas chun aird a tharraingt ar chás a mic agus cás na ndaoine eile atá ar an liosta feithimh ar dheonú orgáin sa Tuaisceart.






