Tá frustrachas ar bhaill an tascfhórsa atá ag plé leis an soláthar oideachais lán-Ghaeilge faoi chur chuige na Roinne Oideachais agus ball amháin den tascfhórsa den tuairim go bhfuil “srian” curtha ar a chuid oibre.
Dúirt Ard-Rúnaí an Fhorais Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra, gur cuireadh “srian láithreach” ar an bpleanáil agus ar a bhféadfadh an tascfhórsa a phlé nuair a thug an roinn treoir shoiléir dóibh nach bhfuil aon airgead ann do bhunú scoileanna lán-Ghaeilge nua.
Bhí cruinniú ann níos luaithe an mhí seo ag ar chas oifigigh na Roinne Oideachais leis na pátrúin éagsúla atá ar scoileanna na hÉireann. Pléadh ag an gcruinniú an Plean Náisiúnta Forbartha a seoladh mí Eanáir 2025 agus na tionscadail atá beartaithe ag an Roinn don bhliain atá amach romhainn.
Tá €7.55 billiún luaite leis an bplean forbartha agus é le cur i bhfeidhm idir 2026-2030. Bíonn cruinniú ann gach bliain leis na tograí a dtabharfaidh an Roinn Oideachais fúthu a shocrú agus dúirt Ó hEaghra nach ndearnadh tagairt ar bith don oideachas lán-Ghaeilge sna pleananna a cuireadh i láthair lucht freastail an chruinnithe a bhí ar siúl níos luaithe an mhí seo.
Mhaígh Ó hEaghra nach féidir glacadh le cur chuige na Roinne Oideachais i dtaobh na pleanála don oideachas lán-Ghaeilge mar gheall ar an úsáid atá á baint ag an Roinn as na staitisticí a fuarthas i suirbhé a rinneadh ar bhunscoileanna na tíre.
Tá sé ráite ag roinnt mhaith daoine in earnáil an oideachais lán-Ghaeilge go raibh an cheist faoin ngaeloideachas a cuireadh sa suirbhé sin lochtach.
De réir na dtorthaí ar an suirbhé a rinneadh anuraidh, níor mhaith ach le 13% de thuismitheoirí a bhfuil a ngasúir i scoileanna lán-Bhéarla cheana féin teanga teagaisc na scoile sin a athrú go Gaeilge.
“Má tá an Roinn ag rá ‘seo é an t-éileamh’ agus an 13% i gceist acu, ní dóigh liom gurb in cur chuige ar féidir glacadh leis i ndáiríre. Go háirithe nuair a bhí an oiread sin deacrachtaí ag baint leis an suirbhé féin. Bhí an cheist a cuireadh an-deacair ag tuismitheoirí a fhreagairt mar go raibh siad ag tógáil san áireamh suim na scoile sa Ghaeilge, cumas na foirne agus cén staid ag a raibh a bpáiste sa scoil.
“Chuireamar in iúl roimh ré gur droch-cheist a bhí inti agus nach mbeadh fíorléiriú ar an éileamh, ach ní raibh an Roinn sásta an cheist a athrú. Anois tá oifigigh na Roinne ag rá i gcruinnithe go bhfuil cruthúnas cruinn acu ar an éileamh ar Oideachas Lán-Ghaeilge,” a dúirt Ó hEaghra le Tuairisc.
Tá a “mbuairteanna curtha in iúl arís agus arís eile” ag baill an tascfhórsa don Roinn Oideachais, a deir Ó Eaghra, ach is beag aird atá á tabhairt orthu.
“An freagra a tugadh dom ná go raibh an suirbhé ar bhunscoileanna ann agus go bhfeicfí céard a thiocfadh as sin. Tá ár mbuairteanna curtha in iúl arís agus arís eile leis an tascfhórsa.
“Tá muide [an Foras Pátrúnachta] ag glacadh páirt ghníomhach sa tascfhórsa ach tá muid á fháil an-dúshlánach agus níl muid cinnte go bhfuil na héilimh atá á lorg ag an earnáil á dtabhairt ar bord faoi láthair,” a dúirt sé.
Dúirt Ó hEaghra gur “fadhb bhunúsach” é gur scoileanna Béarla iad formhór na scoileanna sa tír agus go bhfágfadh cur chuige na Roinne “síneadh” a chur le scoileanna atá ann cheana nach mbeadh aon fhás mór i ndán don Ghaeloideachas.
“Tá an bhéim ar fad á cur ar scoileanna a iompú ó Bhéarla go Gaeilge. Ag an mbunleibhéal tá siad ag tagairt don Suirbhé ar Bhunscoileanna chun éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge a mheas. Tá na torthaí seo ar bhonn náisiúnta ag teacht isteach ag 13% de thuismitheoirí i scoileanna meán-Bhéarla gur mhaith leo an scoil a iompú ina scoil lán-Ghaeilge.
“An fhadhb bhunúsach ná gur scoileanna Béarla iad formhór na scoileanna. Mura bhfuil siad ach ag cur síneadh leis an staid reatha, ní chuirfidh siad scoileanna lán-Ghaeilge in áiteanna nach bhfuil siad ann cheana,” a dúirt sé.
Tá sé i gceist ag an Roinn Oideachais torthaí iomlána an tsuirbhé ar bhunscoileanna a fhoilsiú go luath. Beidh briseadh síos de réir scoile ann ar na torthaí agus beidh léargas ar fáil ar an éileamh atá ar an oideachas lán-Ghaeilge ar bhonn áitiúil.
Nuair a foilsíodh torthaí an tsuirbhé i mí Aibreáin mhaígh an Roinn gur tugadh “léargas ginearálta” ar mhianta na dtuismitheoirí a bhfuil leanaí acu sa bhunscoil ar leibhéal náisiúnta agus ag leibhéal an chontae.
Dúradh go mbeadh “eolas soiléir” sna torthaí do scoileanna aonair faoi na “céimeanna a d’fhéadfadh a bheith le glacadh” ag scoil sa chás gur léireofaí “éileamh ar athrú” sna torthaí.
Léirigh Teachtaí Dála agus eagraíochtaí Gaeilge imní nuair a seoladh an suirbhé an bhliain seo caite faoi chur chuige na Roinne Oideachais i leith na ceiste faoin oideachas lán-Ghaeilge sa suirbhé.
Maíodh ag cruinniú de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge go raibh an baol ann go mbeadh an suirbhé claonta i gcoinne na Gaeilge.
Dúirt an Teachta Dála Naoise Ó Cearúil ag an gcruinniú sin i mí Dheireadh Fómhair gur gheall le “treoircheist i gcoinne iompú isteach ina Gaelscoil nó ina Gaelcholáiste” a bhí sa cheist faoin teanga theagaisc sa suirbhé.
Thuar Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, ag an gcruinniú céanna gur “beag seans” go mbeadh “toradh dearfach ann don Ghaelscolaíocht” mura n-athrófaí an cheist.







