Tá rabhadh oráiste i dtaobh stoirmeacha toirní eisithe do thrí chontae ar an gcósta theas, Corcaigh, Port Láirge agus Ciarraí idir a 4.00pm agus 7.00pm anocht.
Táthar ag tuar go mbeidh sé ina dhíle bháistí i dteannta na toirní agus go bhféadfadh fuarlaigh a bheith in áiteanna, chomh maith le siotaí tréana gaoithe agus clocha sneachta. Rabhadh buí stoirmeacha toirní atá i bhfeidhm i gConnachta agus i gcontae Dhún na nGall.
Tá fainic curtha ag Met Éireann orainn go bhféadfadh an tintreach dochar a dhéanamh agus go mbeadh contúirt ag baint le cúrsaí tiomána.
Deir lucht na haimsire go bhféadfar a bheith ag súil le stoirmeacha toirní tráthnóna inniu, i rith na hoíche anocht agus amach sa lá amárach agus a bheith san airdeall mar go bhféadfadh an rilleadh báistí tuilte a fhágáil romhat ar bhóithre in áiteanna i gCúige Chonnacht agus i nDún na nGall.
Tá an rabhadh buí toirní i bhfeidhm óna 3.00pm inniu agus beidh go dtí a 6.00pm amárach i sé chontae – Gaillimh, Dún na nGall, Liatroim, Maigh Eo, Rod Comáin agus Sligeach. Tá síneadh curtha leis an rabhadh ardteochta atá i bhfeidhm ón Mháirt agus ní thiocfaidh deireadh leis anois go dtí a 9.00 maidin Dé Sathairn.
Tá foláireamh buí ardteochta i bhfeidhm ón Mháirt agus púir aeir an-te tar éis teocht os cionn 40 céim Celsius a thabhairt go dtí an Eoraip.
Dúirt Met Éireann go mbeadh sé ina bhrothall diamhair anseo chomh maith le taise an-mheirbh agus gur chóir do dhaoine iad féin a fheistiú ‘d’oíche thrópaiceach’ eile.
Dúirt siad chomh maith gur chóir do dhaoine a bheith cúramach ó thaobh sábháilteachta agus iad in aice leis an uisce, tráth a bhfuil i bhfad níos mó daoine ag tabhairt a n-aghaidh ar lochanna agus tránna.
Neamhchodladh sa teas, strus teasa agus tinte foraoise cuid eile de na contúirtí a bhaineann leis an teaspach seo nach cleachtach linn sa tír seo.
Ní cóir neamhaird a dhéanamh ar an gcontúirt a bhaineann le stoirmeacha toirní – díle bháistí, damáiste tintrí, contúirt do thiománaithe ar bóthar agus siotaí tréana gaoithe.
Ní dócha anois go go sárófar an teocht ab airde riamh a taifeadadh in Éirinn inniu, sinn 33.4 céim Celsius a cláraíodh i gCaisleán Chill Chainnigh ar an 26 Meitheamh 1887, 139 bliain is an lá amárach.
Dúirt Met Éireann gurb é an teocht is airde inniu, go neamhoifigiúil, ná an 31.9C a taifeadadh i mBaile Átha an Rí sa Ghaillimh.
An chomhairle atá á cur orainn fanacht ar an bhfoscadh ón ngrian, fanacht istigh más féidir, gan tabhairt faoi obair nó aclaíocht dhian nuair is teo an lá agus neart uachtar gréine a choinneáil ar aon chuid den chraiceann nach bhfuil clúdaithe.
Ón mbliain 2005, taifeadadh seacht gcinn de na deich mbliana ba theo riamh in Éirinn agus ba í 2025 an dara bliain ba theo riamh.
De bharr an domhan a bheith á théamh, is mó ná riamh an seans gur tuilleadh den adhaimsir seo atá i ndán dúinn.
Bhí an lá ba theo riamh i mí an Mheithimh sa mBreatain inné nuair a cláraíodh teocht 35.7C in áiteanna i Surrey. Thall sa bhFrainc bhí an teocht sna 40idí i Nantes agus Bordeaux agus é 39 céim i bPáras agus i Toulouse.
Deimhníodh an tseachtain seo go raibh an mheánteocht do mhí an Mheithimh ar an gceann is airde ó 1950 sa Spáinn.
Bhí os cionn 94 milliún dune san Eoraip inné a bhí ag cur suas le teocht os cionn 35C agus 350 milliún eile á loscadh i dteocht a bhí os cionn 30C, sin níos mó ná dhá thrian de phobal na hEorpa ag déileáil le brothall contúirteach.
Táthar ag tuar go mbeidh an teocht idir at 17C agus 20C agus é meirbh marbhánta idir múraíl is aiteall anocht.
Lá te eile atá á ghealladh amárach, scaití gréine agus ceathanna agus an teocht idir 23C agus 29C.
Beidh athrú ar an aimsir ar an Satharn agus an Domhnach agus é níos fionnuaire ná a bhí le seachtain, 17C agus 23C ar an Satharn agus idir 15C agus 20C ar an Domhnach. Gealltar tamallacha gréine agus tamallacha báistí dúinn an dá lá sin.







