Naoi gCeist ar Rónán Ó Snodaigh

Tugann Rónán Ó Snodaigh freagraí dúinn anseo ar ár gceistneoir Naoi gCeist, atá bunaithe ar mhúnla an Cheistneora Proust.
Is ceoltóir ceannasach, Gaeilgeoir, file, amhránaí agus ball den ghrúpa cheoil Kíla é Rónán.
Cathain a bhíonn tú is sona sásta? Nuair a bhíom ag bogadh, ag luascadh ; ag seinnt ceoil nó ag éisteacht leis
Céard é an shó is mó ar a gcaitheann tú d’airgead? 
Garden Centres , bíom ag ceannach plandaí , crainnte , potaí agus boilgíní de shíor…
Cén tréith is tábhachtaí duit i gcara?
Ionracas
Cén focail nó nathanna cainte a úsáideann tú rómhinic?
…..mmmm tuigim …..
Ainmnigh cúpla rud a chuireann isteach ort?
Saint, bréagadóireacht agus aon saghais bulaíocht
Dá bhféadfá rud amháin a athrú fút féin, céard a roghnófá?
Bheinn níos airde, níos téagartha, níos dathúla , níos leithne, níos doimhne, níos cróga, níos béasaí, níos séimhe, níos cúramaí agus níos cumasaí i ngach uile slí
Cén duine a mhaireann an bhfuil an meas is mó agat orthu?
Mo bhean
Cé hiad na húdair/an leabhar is fearr leat?
Is maith liom scríobhnóireacht mo dhreathair Colm agus
scríobhnóireacht mo mháthair a léamh mar go mbíonn sé an-éasca orm ….. ‘The Famished Road an leabhair ab fhearr liom
Céard é an ceacht is tábhachtaí atá foghlamtha agat faoin saol go dtí seo?
Go bfhuil na mílte mílte daoine luachmhara eile ag roinnt an t-eachta liom.
Go raibh míle maith ag Rónán as a chuid freagraí suimiúla.
Is féidir coimeád suas le Rónán ar Instagram anseo nó a albam nua le Myles O Reilly a fháil anseo






