Tá aighneacht choscrach curtha faoi bhráid coiste Oireachtais ag teifeach ón Úcráin ag cásamh an easpa deiseanna a bhíonn ag daoine a thagann chun cónaí anseo an Ghaeilge a fhoghlaim.
“I deeply wish I could write this statement as Gaeilge, but as a refugee, I feel I was robbed of the true opportunity to learn and integrate through Ireland’s native tongue,” a deir Valeriia Stepanenko in aighneacht a cuireadh faoi bhráid Choiste Oireachtais na Gaeilge an tseachtain seo.
Tá Stepanenko ina hOifigeach Comhionannais le hAontas Daltaí Iarbhunscoile na hÉireann (ADIÉ) agus dúradh gur bronnadh díolúine “go huathoibríoch” uirthi toisc gur tháinig sí ón iasacht.
Deir Stepanenko, atá ag freastal ar scoil lán-Bhéarla, gur baineadh deis imeasctha di agus gur theastaigh an Ghaeilge chun tuiscint cheart a fháil ar chultúr agus ar mhuintir na hÉireann.
“Thuig mé láithreach mar dhuine a tháinig as an Úcráin nach bhféadfadh ach an Ghaeilge léargas ceart cruinn a thabhairt duit ar thraidisiúin na nÉireann agus nach bhféadfadh ach an Ghaeilge deis a thabhairt duit fíornasc a dhéanamh le muintir agus cultúr na hÉireann,” a dúirt sí.
“Bhraith mé an-mhíchompordach agus fiú suaite agus mé ag iarraidh an saol a chaitheamh gach lá i dteanga an choilínigh agus d’fhág na cosúlachtaí léanmhara idir stair an dá thír againn go raibh eagla orm go bhféadfadh fórsa na láimhe láidre Úcráinis mo dhúchais a dhíothú.”
“Is i dteanga dhúchais na tíre a bhíonn fáil ar an bhfíorchaidreamh, ar an ngreann agus an tuiscint chultúrtha agus tá sé riachtanach go ndéanfaí sin a chosaint agus a chur chun cinn.”
Laoibhse Ní Thíreal, Oifigeach Idirnáisiúnta le hADIÉ, a léigh an ráiteas ó Stepanenko mar chuid d’aighneacht a chur an tAontas faoi bhráid an choiste.
Thagair Ní Thíreal don tuarascáil a d’fhoilsigh an tOllamh Pádraig Ó Duibhir faoi chóras na ndíolúintí níos luaithe an mhí seo, tuarascáil inar dúradh go laghdaíonn bronnadh na díolúine ar dhaltaí a thagann ón iasacht “roghanna saoil agus imeasctha do na daltaí seo”.
Den chuid is mó, bronntar díolúintí ón nGaeilge ar dhaltaí a bhfuil míchumas foghlama acu nó ar dhaltaí a fuair a gcuid oideachais bunscoile thar lear.
De réir figiúirí na Roinne Oideachais, bronnadh 19,777 díolúine ón nGaeilge ar dhaltaí iarbhunscoile in 2024/25 agus beagnach leath acu (9,467) bronnta ar dhaltaí a tháinig ón iasacht.
“Agus muid ag caint ar ionchuimsiú, caithfimid spás a thabhairt do dhaltaí nua na hÉireann agus do dhaoine atá ag lorg tearmainn sa tír seo, cosúil le Valeriia,” a dúirt Ní Thíreal.







