Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Gradaim Torc ag Féile na Meán Ceilteach 2026

|

Tá na Gradaim Torc ar na buaicphointí is mó i bhFéile na Meáin Ceilteach. Bronntar iad ar léiriúcháin, comhlachtaí, nó daoine a bhfuil obair den scoth déanta acu in earnáil na meán Ceilteach, idir fhís agus fhuaim.

I mbliana, agus an Fhéile lonnaithe i mBéal Feirste, bhí lúcháir an domhain ar Niamh Nic Oistigín ó BBC Gaeilge agus Gradam Torc bainte ag Blas: Gearóid Ó Cairealláin’ sa chatagóir Clár Faisnéise: Fuaim.

Is í Niamh a léirigh an clár faoin ghníomhaí aitheanta as Béal Feirste, Gearóid Ó Cairealláin, a fuair bás ag deireadh 2024. Pléann an clár saol agus saothar Ghearóid agus bhí bród mór ar Niamh as an duais seo a bhaint, go háirithe i mBéal Feirste i measc na nGael.

Is í an craoltóir Caoimhe Ní Chathail a bhí ag cur na nGradam i láthair i mbliana agus labhair Meon Eile léi faoin atmaisféar a bhí le mothú le linn na féile agus an tábhacht a bhaineann le aitheantas a thabhairt trí na Gradaim Torc.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta