D’fhéadfaí freastal ar an éileamh ar an ngaeloideachas le 350 scoil bhreise lán-Ghaeilge a chur ar fáil, gan aon chostas rómhór a chur ar an stát, de réir taighde nua.
De réir an taighde nua maidir leis an lorg a d’fhágfadh reachtaíocht nua faoin ngaeloideachas ar an ngeilleagar, is é is dóichí ná a mhalairt gur chun leas na heacnamaíochta agus na sochaí a bheadh sé tuilleadh oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil.
Tá ceist an easpa solatháir don ghaeloideachas i mbéal an phobail le tamall, go háirithe i bhfianaise an scéala nach bhfuil aon phlean ag an Roinn Oideachais cur le líon na scoileanna lán-Ghaeilge sa stát as seo go dtí 2030, in ainneoin na fianaise go léir go mbeadh éileamh ar a leithéid.
De réir an taighde nua, a rinne an t-eacnamaí aitheanta Jim Power don bhrúghrúpa nua Imeasc, is chun leas na heacnamaíochta a bheadh aon reachtaíocht nua a chuirfeadh le líon na ndaltaí a fhaigheann oideachas lán-Ghaeilge.
Deirtear sa tuarascáil nua go bhfuil seans ann go mbeadh “costas beag breise” ag baint le tógáil infreastruchtúr nua gaeloideachais – 350 scoil – as seo go ceann 20 bliain.
Idir náid [nó gan aon chostas] agus €10 mbilliún a bheadh an costas sin, a deirtear, ach ó tharla go maireann infreastruchtúr nua scoile idir 50-60 bliain, is é is dóichí ná nach gcosnódh an gníomh ar son an ghaeloideachais ach €2 billiún idir seo agus 2046.
Is amhlaidh an scéal, a deirtear, mar gheall ar an amúchadh. Is é atá i gceist leis an amúchadh ná an próiseas faoina n-íoctar ar ais iasacht de réir a chéile thar thréimhse áirithe ama.
I dtús na tréimhse íocaíochta, téann formhór an chaiteachais ar an ús, ach de réir a chéile is ag laghdú bunshuim an airgid a bhítear.
Luaitear sa taighde gur beag an tsuim airgid €2 bhilliún in imeacht fiche bliain i gcomparáid leis an mbuiséad breis is €14 billiún sa bhliain atá ag an Roinn Oideachais faoi láthair agus an t-airgead atá curtha ar leataobh acu do thógáil scoileanna.
Maítear chomh maith sa tuarascáil nach mbeadh aon chostas breise ó thaobh an teagaisc de ag baint le tuilleadh gaeloideachais a sholáthar
Deirtear nach mbeadh gá le breis múinteoirí dá gcuirfí oiliúnt níos fearr ar fáil d’ábhar oidí.
An moladh atá sa tuarascáil ná scoileanna Béarla a iompú ina scoileanna Gaeilge chomh maith le scoileanna lán-Ghaeilge nua a bhunú.
Deirtear go gcabhródh aon dualgas reachtúil nua i leith sholáthar an oideachais lán-Ghaeilge leis an stát ceann dá phríomhspriocanna teanga a bhaint amach – gur cainteoirí líofa Gaeilge a beidh in 20% d’earcaigh nua chuig an tseirbhís phoiblí faoi 2030.
D’fhágfadh an t-ardú ar líon na ndaltaí dátheangacha a thiocfadh tríd an gcóras tumoideachais nua go mbeadh dóthain daoine ann chun an sprioc earcaíochta a bhaint amach, a deirtear.
Deir údar na tuarascála, Jim Power, dá gcuirfí leis an líon daltaí a théann ar aghaidh ó ghaelscoil go dtí gaelcholáiste go gcuirfí níos lú d’airgead an státchiste amú.
De réir taighde a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais féin in 2022, i 21 den 26 contae téann níos lú ná leath de dhaltaí gaelscoile ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge.
De réir na bhfigiúirí céanna, níos lú ná aon trian de dhaltaí gaelscoile a théann ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge i gcás 19 den 26 contae.
Deirtear sa taighde nua nach ann d’aon taighde in Éirinn faoi conas a chuireann scileanna an dátheangachais le cumas an duine níos mó pá a shaothrú ach gur léir ó chás Cheanada go saothraíonn an té a bhfuil an dá theanga aige ar a laghad níos mó ná 5% níos mó ná an duine nach bhfuil aige ach teanga amháin.
Sa tslí sin chuirfeadh soláthar níos mó gaeloideachais le bonn cánach agus gníomhaíocht gheilleagrach an stáit, a deirtear.
Dá gcuirfí san áireamh an méadú pá 5% agus an t-ardú 20% ar líon na ndaoine dátheangacha sa stát as seo go ceann fiche bliain, a mbeifí ag súil leis, d’íocfadh an infheistíocht bhreise san oideachas lán-Ghaeilge aisti féin, a deirtear.
Déantar tagairt chomh maith sa tuarascáil don taighde idirnáisiúnta a léiríonn go bhfuil buntáistí breise ag baint leis an dátheangachas, ag áireamh buntáistí breise cognaíocha a mhaireann ar feadh do shaoil agus a chabhraíonn le galair a bhaineann leis an aois a chur ó dhoras.
Chomh maith leis sin, tá buntáistí eacnamaíochta ag baint leis an dátheangachas in Éirinn nach bhfuil áireamh ceart déanta orthu go fóill, a deirtear.
De réir na tuarascála nua, Anailís ar an Tionchar Geilleagrach a bheadh ag Reachtaíocht Nua le Cur leis an Soláthar Oideachas Lán-Ghaeilge, bheadh a thuilleadh gaeloideachais ag teacht go mór le polasaí an stáit, an Straitéis 20 Blian don Ghaeilge 2010-2030, go háirithe.
De réir mórshuirbhé náisúnta a d’fhoilsigh Foras na Gaeilge an mhí seo caite, 44% de dhaoine ó dheas a bheadh sásta a gcuid páistí a chur go dtí gaelscoil ach a leithéid a bheith ar fáil ina gceantar agus 40% a chuirfeadh a bpáistí go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge.
Méadú mór a bhí i gceist ansin ar 2013 nuair a dúirt 23% go gcuirfidís a bpáistí go dtí bunscoil lán-Ghaeilge agus nuair a dúirt 12% go gcuirfidís a bpáistí go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge.
“Tá spriocanna uaillmhianacha polasaí ag an stát i leith na teanga,” a deirtear sa tuarascáil.
“Léiríonn an anailís eacnamaíochta go bhféadfaí an caiteachas breise [a bhainfeadh le tuilleadh gaeloideachais] a sheasamh ar bhonn a bheadh neodrach ó thaobh costas (sa chás is fearr), nó ar shlí go mbeadh buntáiste eacnamaíochta i gceist toisc go bhféadfadh daoine a bheith ag súil le teacht isteach níos mó san fhadtéarma.”
Deir an grúpa nua Imeasc go bhfuil gá le reachtaíocht chun a chinntiú go bhfuil sé de cheart ag gach páiste oideachas lán-Ghaeilge a fháil.
Tá céatadán na ndaltaí atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge níos ísle ná mar a bhí sé aon uair le breis is deich mbliana anuas.
Léirigh anailís a rinne Tuairisc i mbliana go bhfuil níos lú ná 5.9% de dhaltaí scoile sa stát ag freastal ar bhunscoil nó ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge, figiúr atá níos ísle ná mar a bhí i gceist d’aon bhliain ó 2013.
Léiriú eile a bhí sna figiúirí ar an meath atá tagtha ar ghluaiseacht an ghaeloideachais agus gur ag cúlú atá an oideachas lán-Ghaeilge seachas ag fás.







