Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Dánfhocail: Irish Epigrams in Verse’ seolta sa Chultúrlann

|

Bhí Dánlann Dillon i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, lán go doras ar na mallaibh agus an cnuasach nfhocail: Irish Epigrams in Verse’ seolta.

Is é atá sa leabhar seo bailiúchán de dhánta agus véarsaí a bhí curtha in eagar agus le chéile ar an chéad dul síos ag an acadóir mór le rá Thomas F. ORahilly in 1921.

Tugann na dánta gairide seo léargas ar an saol mór: pléitear iontu ábhair amhail an grá, an dul in aois agus an cairdeas, mar shampla, ar dhóigh ghreannmhar dheisbhéalach.

Is iad Aidan Doyle agus Ken Ó Donnchú ó Coláiste na hOllscoile Corcaigh a daistrigh an cnuasach seo go Béarla. Labhair Meon Eile leis an bheirt acu faoin phróiseas aistriúcháin a bhí acu agus na dánta is fearr leo sa leabhar. 

Is é cheál Ó Mainnín ó Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste a sheol an leabhar agus labhair sé linn faoin dóigh a bhfuil an t-ábhar go fóill ábhartha sa lá atá inniu ann agus an tábhacht a bhaineann leis an aistriúchán Béarla seo a bheith curtha ar fáil anois don phobal mór.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta