Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Cuirtear deireadh le díolúine na Gaeilge sa bhunscoil agus tugtar díolúine ‘sealadach’ isteach ag an dara leibhéal – taighde nua

|

Moltar i dtuarascáil nua go gcuirfí stop le bronnadh díolúintí ón nGaeilge ag leibhéal na bunscoile agus gur “díolúintí sealadacha” a bheadh i gceist ag leibhéal na hiar-bhunscoile.

Dar le húdar na tuarascála, an tOllamh Emeritus Pádraig Ó Duibhir, ní amháin go bhfuil córas na ndíolúintí ag séanadh deiseanna foghlama ar dhaltaí, ach go bhfuil cuid dá n-oidhreacht agus dá bhféiniúlacht á séanadh orthu chomh maith.

Chuir Pádraig Ó Duibhir na moltaí sa tuarascáil nua, a choimisiúnaigh Conradh na Gaeilge, faoi bhráid Choiste Oireachtais na Gaeilge i dTeach Laighean tráthnóna.

De réir an taighde, beidh díolúine ag 22.5% de dhaltaí iar-bhunscoile faoi 2030 má leanann an ráta fáis mar a bhí le cúig bliana anuas agus mura ndéantar “gníomh go práinneach”.

Deir Ó Duibhir nach dtagann an cleachtas in Éirinn maidir le díolúintí leis an taighde atá déanta faoin ábhar agus go bhfuil sé “as riocht” leis an gcleachtas idirnáisiúnta chomh maith.

Is iad an dá phríomhchúis go mbronntar díolúintí ar dhaltaí ná go mbíonn míchumas foghlama acu nó sa chás go bhfuair siad a gcuid oideachais bunscoile thar lear.

Bhí breis is 73,000 dalta le díolúine ó staidéar na Gaeilge sa scoilbhliain 2024–2025.

Tá an líon daltaí a bhfuil díolúine acu ag an mbunleibhéal “réasúnta seasta”, dar le Ó Duibhir. 12,131 dalta nó 2.2% den iomlán a bhí ann anuraidh.

Deir sé, áfach, go bhfuil “fás as cuimse” tagtha ar bhronnadh díolúintí ag an iar-bhunleibhéal. Tháinig méadú 109% idir 2017-2025 ar líon na ndíolúintí a bronnadh ar dhaltaí iar-bhunscoile. Bhí díolúine ag 14.3% de dhaltaí iar-bhunscoile anuraidh, ardú ó 2.5% i 1999 agus ó 9.4% in 2017.

In 2024 bhí díolúine ag 37,974 dalta iar-bhunscoile toisc go raibh míchumas foghlama acu ach rinne 19,404, os cionn leath díobh, staidéar ar theanga Eorpach eile seachas an Ghaeilge agus an Béarla. De réir an taighde nua, léiriú é seo nach raibh míchumas foghlama teanga I gceist sna cásanna sin.

Deir Pádraig Ó Duibhir go n-aithníonn an Roinn Oideachais agus Óige “buntáistí agus tairbhí” an dátheangachais ach go séantar na buntáistí agus na tairbhí sin ar dhaltaí nuair a thugtar díolúine dóibh.

“Séantar na buntáistí cognaíocha a bhaineann leis an dátheangachas, séantar léargas níos doimhne ar a n-oidhreacht orthu, séantar cuid dá bhféiniúlacht orthu, séantar na deiseanna gairme agus sóisialta a bhronnfadh cumas sa Ghaeilge orthu, séantar an deis orthu freastal ar chúrsa Gaeltachta, séantar an deis orthu cabhrú lena bpáistí féin Gaeilge a fhoghlaim amach anseo.

“Anuas air sin, tugtar an teachtaireacht dóibh go bhfuil laigí iontu, nach bhfuil siad cumasach go leor le Gaeilge a fhoghlaim, nach bhfuil siad cumasach go leor teangacha eile a fhoghlaim, rud a chúngaíonn a roghanna taisteal thar lear orthu.”

Dúirt Ó Duibhir go séantar “go leor de na nithe” céanna ar an dalta os cionn 12 bliain d’aois a thagann chun na hÉireann. Séantar chomh maith ar na daltaí sin, a deir Ó Duibhir, “an deis imeasctha a bhronnfadh bunchumas sa Ghaeilge” orthu agus séantar orthu an deis teanga eile a fhoghlaim a chuirfeadh le líon na dteangacha atá acu cheana féin “mar chainteoirí ilteangacha”.

“Tugtar an teachtaireacht dóibh nach bhfuil an Ghaeilge tábhachtach agus nach gcuireann muintir na hÉireann luach uirthi faoi mar a dhéantar ar mhionteangacha i dtíortha eile.”

Deir Ó Duibhir gur minic go mbíonn ar thuismitheoirí daltaí iar-bhunscoile rogha a dhéanamh idir staidéar na Gaeilge agus tacaíocht foghlama a fháil dá bpáistí mar go gcuirtear an tacaíocht foghlama ar fáil ag an am céanna leis an rang Gaeilge.

“Tá an Roinn ag iarraidh é a bheith ina ghruth is ina mheadhg acu. Ag maíomh ar lámh amháin go bhfuil polasaí ionchuimsitheach i bhfeidhm agus ar an lámh eile ag bronnadh díolúintí ó staidéar na Gaeilge nach bhfuil ag teacht le polasaí ionchuimsitheach,” arsa Pádraig Ó Duibhir.

Moltar sa taighde go gcuirfí deireadh le díolúintí ag leibhéal na bunscoile agus go gcuirfí curaclam teanga na bunscoile a in oiriúint do dhaltaí a bhfuil riachtanais bhreise acu.

Ag leibhéal na hiar-bhunscoile, moltar “díolúintí sealadacha” agus “páirtdíolúine” a thabhairt isteach. Moltar chomh maith “socruithe réasúnta” agus rogha ó thaobh sonraíochta a thabhairt isteach “mar a dhéantar ar fud na hEorpa a chur ar fáil in ionad díolúintí buan”.

Deirtear chomh maith gur chóir an tacaíocht foghlama atá ar fáil don Ghaeilge san iar-bhunscoil a bheith ar comhchaighdeán leis na hábhair. Tá “rud éigin cearr”, a deir Ó Duibhir, má tá díolúine ag breis is 14% de dhaltaí ó ábhar.

Deir sé gur chóir gur síceolaithe oideachais na Roinne Oideachais agus Óige (NEPS) a chinnfeadh díolúine a bhronnadh ó staidéar na Gaeilge ar dhaltaí “i gcásanna fíoreisceachtúla”.

“Bheadh an cur chuige seo ag teacht leis an gcleachtas a leantar i dtíortha na hEorpa a cheadaíonn díolúintí fíoreisceachtúla ó fhoghlaim teangacha,” a deir Ó Duibhir.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, a choimisiúnaigh an taighde, go gcaithfí “stop a chur leis an gcur i gcéill” a bhaineann le córas na díolúine Gaeilge.

“Deirtear sa chiorclán a bhaineann leis na díolúintí nach mbronntar díolúine ach go hannamh agus go heisceachtúil. Ní féidir leis an Aire nó leis an Roinn seasamh leis an ráiteas sin a thuilleadh.

“In áit sin, táimid ag éileamh orthu gníomhú le práinn, le misneach agus le cothrom na féinne a chur ar fáil do gach dalta,” a dúirt Julian De Spáinn.

 

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta