Beidh “an-bhrú” ar aistritheoirí Gaeilge mar gheall ar a fheabhas is atá an Intleacht Shaorga i mbun aistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge, dar le comhairleoir Intleachta Saorga Údarás na Gaeltachta, Colm Ó Riain.
Deir Ó Riain go mbeidh “an-bhrú” ar aistritheoirí Gaeilge ach go bhfuil “an todhchaí linn agus tá AI lárnach ann pé rud a smaoinímid”.
Agus é faoi agallamh ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi thaighde nua atá seolta ag Údarás na Gaeltachta faoi na samhlacha móra teanga is fearr ó thaobh na Gaeilge, dúirt Ó Riain gur “curation” a bheadh i gceist leis an aistriúchán amach anseo mar gheall ar a chumhachtaí is atá na samhlacha móra teanga
Rinneadh an taighde le “clár ceannais” a chur le chéile de na córais intleachta saorga is “éifeachtaí” ó thaobh an aistriúcháin Gaeilge de a mheas.
Deir an tÚdarás gur scrúdaíodh sa taighde “cé chomh cumasach” is atá na huirlisí Intleacht Saorga ó thaobh an aistriúcháin de agus go ndearnadh “iniúchadh” ar an gcaoi a láimhseálann siad “gramadach, cultúr agus comhthéacs” na teanga.
Dúirt Ó Riain gur “uirlis” a bheadh sa chlár ceannais nua a thabharfadh “cabhair” d’aistritheoirí Gaeilge. Dúirt sé freisin go raibh cuid de na huirlisí intleachta saorga ag feidhmiú ag “caighdeán daonna” i réimsí áirithe anois, an Ghaeilge ina measc.
“Tá córas IS ag baint caighdeán daonna amach sa Ghaeilge. Ní i ngach áit ach tá feabhas mór ag teacht orthu,” a dúirt Ó Riain.
De réir an taighde a rinneadh i gcomhar le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, Ollscoil Luimnigh agus taighdeoirí “neamhspleácha”, tá Gemini Flash – uirlis AI atá níos lú ná na ceanna eile ar an liosta – “níos fearr” ná na córais atá níos aitheanta.
Cuireadh tástáil ar naoi gcinn de shamhlacha móra teanga sa taighde: dhá leagan de Chat GPT, dhá leagan de Gemini, trí leagan de Llama, Mistral, agus Claude. Ba é Gemini 3-Flash an leagan “is fearr” ó thaobh na Gaeilge de, dar leis an Údarás. Sa dara háit bhí Chat GPT-5, agus sa tríú háit bhí Gemini 2.0.
Tugadh 12 pháipéar Ardteiste, in ábhair éagsúla, do na hinnill éagsúla agus cuireadh na freagraí a ghin siad i gcomparáid le scéimeanna marcála na Roinne Oideachais. Ba iad na páipéir as Gaeilge a úsáideadh sa taighde agus gineadh na freagraí i nGaeilge.
“Ceann de na torthaí is suntasach ná go bhfuil IS ‘beag’ Gemini Flash ag déanamh níos fearr ná córais IS níos mó agus i roinnt tástálacha, níos fearr ná córais eile Gemini féin,” a dúradh i ráiteas ón Údarás.
“Dealraíonn sé go bhféadfadh feabhas a chur ar chóras IS i mBéarla dochar a dhéanamh dá feidhmíocht i dteangacha ar nós na Gaeilge,” a dúirt an tÚdarás.
Deir an tÚdarás go bhfuil “bearna” ann i sonraí digiteacha na Gaeilge i gcomparáid le mórtheangacha an domhain amhail an Béarla agus an Spáinnis agus gurb é cuspóir na taighde seo “an bhearna sin a thomhas, a rianú, agus le himeacht ama spreagadh a thabhairt do na comhlachtaí IS a bheith airdeallach ar an nGaeilge”.
“Mar an eagraíocht a bhfuil cúram uirthi i dtaobh forbairt shóisialta agus eacnamaíoch phobail na Gaeltachta, caithfimid a bheith gníomhach lena chinntiú go mbeidh freastal ar an nGaeilge sna huirlisí a mhúnlóidh an chéad ghlúin eile de sheirbhísí digiteacha,” a dúirt Tomás Ó Síocháin, príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.
Deir an tÚdarás go bhfuil “dul chun cinn mór” déanta le dhá bhliain anuas i réimse na hintleachta saorga ach nach mbíonn an “dul chun cinn sin i bhfabhar teangacha ar nós na Gaeilge i gcónaí”.
“Ní chiallaíonn leagan nua de chóras IS go bhfuil sé níos fearr don Ghaeilge. Mar chruthúnas air sin, d’fheidhmigh Claude 3.7 níos laige ná 3.5 ar chuid mhaith cúraimí Gaeilge. Tá córais IS ag baint caighdeán daonna amach sa Ghaeilge den chéad uair. Osclaíonn sé sin doras nua, d’fhoghlaimeoirí, do chruthú ábhair, agus do chaomhnú na teanga.
“Tá an clár ceannais nua seo ann le feasacht a thógáil i measc forbróirí agus an phobail, agus le cuideachtaí móra IS a chur ar an eolas faoi cé chomh maith nó chomh holc is atá a gcuid uirlisí ag freastal ar phobal na Gaeilge,” a dúradh i ráiteas ón Údarás faoin taighde.
Cé go bhfuil cairt leagtha amach ag an Údarás ina ndéantar rangú ar chumas na n-uirlisí éagsúla, dúirt Colm Ó Riain go “n-athraíonn sé seo ó lá go lá”.
Fágann sé sin go mb’fhéidir go mbeadh córas eile seachas Gemini Flash ar bharr an liosta go han-sciobtha.
Deir an tÚdarás go “nuashonrófar an clár ceannais seo go rialta agus forbairtí nua ag teacht chun cinn”.
Dúirt Ó Riain go bhfuil sé beartaithe freisin “costais agus úsáid fuinnimh” a chur san áireamh sa rangú AI amach anseo.
“Tá IS inbhuanaithe chomh tábhachtach le IS cumasach, b’fhéidir níos tábhachtaí fós. Sa deireadh, ba cheart don chlár ceannais seo a bheith ina threoir a spreagann forbróirí infheistíocht cheart a dhéanamh sa Ghaeilge. Níor cheart go mbeadh aon teanga fágtha ar leataobh san aois nua seo, ba cheart go mbeadh siad i gcroílár na forbartha,” a dúirt sé.
An samhradh seo caite, léirigh aistritheoirí gairmiúla imní faoi úsáid na hintleachta saorga in obair aistriúcháin sa tseirbhís phoiblí. Dúirt roinnt aistritheoirí le Tuairisc go raibh imní orthu go bhféadfaí eolas míchruinn a scaipeadh i nGaeilge agus i dteangacha eile mura mbíonn daoine ag plé leis an aistriúchán.







