Tá cinneadh déanta ag Coimisiún na hEorpa Éire a thabhairt chun cúirte mar nach bhfuil a ndóthain déanta ag údaráis an stáit chun stop a chur le baint na móna.
D’fhógair an Coimisiún inniu go bhfuil cinneadh déanta Éire a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh toisc nach bhfuil Treoir maidir le Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol á comhlíonadh ag Éirinn i ndáil le tionscadail um baint móna.
Faoin Treoir sin, bíonn ar bhallstáit measúnú a dhéanamh ar thionchair chomhshaoil tionscadal ar dócha go mbeidh tionchar diúltach nach beag acu ar an gcomhshaol, tionscadail bainte móna ina measc.
I ráiteas a eisíodh inniu, deir Coimisiún na hEorpa go bhfuil roinnt iarrachtaí déanta ag Éirinn chun stop a chur le baint móna ar shuíomhanna móra ach go bhfuil móin á baint go mídhleathach ar shuíomhanna faoi bhun 50 heicteár go fóill.
Rinneadh leasú ar an reachtaíocht in Éirinn chun rialú a rinne an Chúirt Bhreithiúnais i 1999 a chur i bhfeidhm ach deir an Coimisiún nach ndearnadh “aon ghníomhaíocht forfheidhmiúcháin mar thoradh ar na hathruithe reachtacha” sin agus nach bhfuil Éire “ag cinntiú sa chleachtas go rialaítear na tionscadail bainte móna uile agus go ndéantar measúnú ar an tionchar atá acu ar an gcomhshaol”.
Sheol an Coimisiún litir fógra fhoirmiúil chuig Éirinn i mí Iúil 2019 agus sheol sé tuairim réasúnaithe chuici i mí Iúil 2020.
“An tráth sin, bhí gníomhaíochtaí móra bainte móna ar siúl nach raibh faoi réir ceadanna pleanála ná measúnuithe ar an tionchar ar an gcomhshaol,” a deir an Coimisiún.
Deirtear go bhfuil “gníomhaíocht mhór déanta ag Éirinn chun stop a chur le Bord na Móna, ar oibreoir faoi úinéireacht stáit é, móin a bhaint” ó bhí mí Iúil 2020 ann agus go bhfuil gníomhaíocht athshlánúcháin, atá maoinithe go príomha ag an AE, ar siúl anois ar na láithreáin atá faoi úinéireacht Bhord na Móna.
Deirtear chomh maith go bhfuil an Ghníomhaireacht um Chaomhnú an Chomhshaoil ag tabhairt faoi ghníomhaíocht forfheidhmiúcháin in aghaidh oibreoirí ar láithreáin tráchtála faoi úinéireacht phríobháideach atá os cionn 50 heicteár agus go bhfuil roinnt oibreoirí móna tráchtála tar éis stop a chur lena ngníomhaíochtaí dá bharr sin.
“Mar sin féin, is eol don Choimisiún go bhfuil gníomhaíocht bainte móna ar mhórscála ar siúl fós, nach bhfuil faoi réir cead pleanála ná measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol, go háirithe i ndáil le láithreáin atá faoi bhun 50 heicteár.
“D’ainneoin a bhfuil ann d’fhianaise ar na gníomhaíochtaí neamhdhleathacha sin atá ar siúl fós, níl gníomhaíocht forfheidhmiúcháin á déanamh ar an leibhéal áitiúil. Measann an Coimisiún nach leor na hiarrachtaí atá déanta ag údaráis na hÉireann go dtí seo, agus dá bhrí sin, tá Éire á tarchur aige chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.”







