Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Blaiseadh den Oireachtas i gCultúrlann Uí Chanáin

|

Thug Máire Ní Choilm cuairt ar Chultúrlann Uí Chanáin i nDoire ar na mallaibh le blaiseadh d’obair Oireachtas na Gaeilge a thabhairt do dhaoine áitiúla.

Ba thús é seo le sraith seisiún a bheidh á héascú ag Máire, amhránaí aitheanta atá ag obair mar Oifigeach Taibhealaíon Uladh leis an Oireachtas ón bhliain seo caite, sna míonna amach romhainn agus í ag iarraidh eolas a scaipeadh agus níos mó daoine a mhealladh le páirt a ghlacadh sna himeachtaí a bhíonn ar siúl ag an eagraíocht.

Le linn an tseisiúin, rinne Máire cur síos ar stair agus ar fhorbairt an Oireachtais, ar na comórtais agus scéimeanna éagsúla a chuireann an eagraíocht ar fáil, agus ar na dóigheanna ar féidir a bheith páirteach iontu.

Labhair Meon Eile le Máire faoin imeacht agus le Jack Mac Íomhair, Stiúrthóir Chultúrlann Uí Chanáin, atá ag súil leis an chaidreamh idir an Chultúrlann agus an tOireachtas a neartú agus a chothú amach anseo.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta