Tá “bac saorga” á chur ar fhás na Gaeilge mar gheall ar chinneadh an Aire Oideachais, Hildegarde Naughton, gan aon scoil lán-Ghaeilge nua a thógáil as seo go ceann cúig bliana, dar le cathaoirleach nua Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge Thithe an Oireachtais, Shane Moynihan.
Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil le Tuairisc go bhfuil sé féin “ar aon tuairim” leis an Aire Gaeltachta Dara Calleary agus leis an Taoiseach Micheál Martin faoin scéala. Tuairiscíodh ag tús na míosa go raibh míshuaimhneas ann idir Fianna Fáil agus Fine Gael mar gheall ar fhógra an Aire Naughton, agus go raibh sé i gceist ag Calleary agus Martin an cheist a ardú léi.
“Tá mé ar aon tuairim leis an Aire Gaeltachta agus leis an Taoiseach. Ní féidir a rá nach dtógfar aon scoil nua lán-Ghaeilge, cuireann sé bac saorga ar fhás na teanga. Caithfimid díriú ar conas a dhéanaimid é a éascú, scoileanna Gaeilge a chur ar bun – cinn nua a thógáil nó scoileanna Béarla a tiontú [ina scoileanna Gaeilge].
“Ní dóigh liom go bhfuil [cur chuige na Roinne Oideachais] inghlactha. Ní féidir linn cur suas leis an mbac seo. Tá mé féin an-tógtha leis an taighde atá déanta ag Imeasc, agus tá mé den tuairim gur chóir go mbeadh rogha ag daoine meánscoil lán-Ghaeilge a roghnú dá gclann,” a dúirt Moynihan.
Sheol an grúpa feachtais Imeasc tuarascáil faoin oideachas lán-Ghaeilge. Léiríodh sa taighde nua sin gur dóichí ná a mhalairt gur chun leas an gheilleagair agus na sochaí a bheadh sé tuilleadh oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil. An moladh atá sa tuarascáil ná scoileanna Béarla a iompú ina scoileanna Gaeilge chomh maith le scoileanna lán-Ghaeilge nua a bhunú.
Dúirt Moynihan le Tuairisc go raibh “ceisteanna” ann faoin suirbhé a rinne an Roinn Oideachais anuraidh faoin éileamh a bheadh ar oideachas lán-Ghaeilge sa tír agus nach bhfreagraíonn torthaí an tsuirbhé sin an bhuncheist atá ann faoin éileamh sin.
Fuarthas sa suirbhé go mbeadh 13% de thuismitheoirí sásta dá dtiontófaí an scoil a bhfuil a ngasúir ann ina scoil lán-Ghaeilge. Fuair polaiteoirí agus eagraíochtaí Gaeilge locht mór ar an gceist a cuireadh agus mhaígh nach léargas cruinn ar an éileamh ar oideachas trí Ghaeilge a bheadh sna torthaí.
“Nuair a eisíodh an suirbhé, d’ardaigh mé féin ceisteanna faoin mbealach a cuireadh na ceisteanna ann. Tá an t-éileamh ann [don oideachas lán-Ghaeilge], tuigim é sin mar dhuine atá bainteach le bord Gaelscoile.
“Caithfidh muid roghanna a chur ar fáil, caithfidh muid a bheith oscailte faoi. Má fhéachann tú ar an 13%, ní fhreagraíonn sé sin an cheist ‘ar chóir go mbeadh an rogha ag daoine’. Tá an cheist sin fós ann,” a dúirt Moynihan.
D’fhreastail an Teachta Dála do Bhaile Átha Cliath Thiar Meán ar Choláiste Chillian i gCluain Dolcáin, áit ar cothaíodh “grá don teanga” ann. Dúirt sé gur fhág an tréimhse a chaith sé sa mheánscoil lán-Ghaeilge tuiscint aige ar an “gcumhacht” atá ag an oideachas trí Ghaeilge.
“Go pearsanta, ó thaobh na meánscolaíochta Gaeilge, tuigim go maith an chumhacht agus an poitéinseal a thugann meánscoileanna Gaeilge dúinn, agus an t-ardoideachas agus an breisoideachas Gaeilge freisin.
“Caithfimid an meon sin a athrú, nuair a labhraíonn muid ar an oideachas Gaeilge, nach bhfuil muid ag caint ar cháilíocht sa Ghaeilge ach ar cháilíochtaí trí Ghaeilge,” a dúirt Moynihan.
Toghadh Moynihan ina Theachta Dála den chéad uair in 2024. Dúirt sé le Tuairisc gur theastaigh uaidh a bheith ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i nDáil Éireann ón gcéad lá a ndeachaigh sé isteach ann mar gheall ar an “mborradh” atá faoin nGaeilge i láthair na huaire.
“D’fhan an Ghaeilge liom ó bhí mé ar scoil, an grá don teanga, agus bainim úsáid as aon deis a bhíonn agam í labhairt. Bhíodh cláir raidió ann, painéil chainte, tráchtaireacht ar RnaG agus Raidió na Life. D’fhan sí liom agus mé i mo chónaí i Londain.
“Nuair a toghadh mé, d’iarr mé a bheith ar an gCoiste Gaeilge agus Gaeltachta. Feicim an borradh atá tagtha faoin nGaeilge agus tá mo mhac féin ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge,” a dúirt sé.
Mhaígh Moynihan go bhfuil “fís agus misean” aige dá chathaoirleacht ar an gCoiste agus go bhfuil sé an-tábhachtach dó go gcuideodh obair bhaill an Choiste le daoine atá ag iarraidh a saol a chaitheamh trí Ghaeilge.
“Tá fís agus misean agam. Caithfimid cur leis an sprioc go bhfuil aon duine atá ag iarraidh a shaol a mhaireachtáil i nGaeilge in Éirinn in ann é sin a dhéanamh. Sin é a bheidh mar threoir agam féin [ar an gCoiste], baineann sé sin le gach aon ghné den saol – an t-oideachas, an cultúr, an geilleagar, an saol poiblí,” a dúirt sé.
Dúirt sé go mbeidh an Coiste ag díriú chomh maith ar cheist na Gaeilge sa tseirbhís phoiblí agus an sprioc atá leagtha síos ag an Rialtas go mbeadh 20% de sheirbhísigh phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge faoin mbliana 2030.
Ar na rudaí eile a gcuirfidh an cathaoirleach nua spéis iontu tá an “nuálaíocht i nGaeilge” agus an Intleacht Shaorga. Dúirt sé gur chóir go mbeadh baint ag an nGaeilge leis an gcóras taighde, an córas eacnamaíochta, agus leis an nuálaíocht in Éirinn.
“Tá an nuálaíocht i nGaeilge fágtha ar lár againn, sin ceann de na rudaí atá mé ag iarraidh díriú isteach air. Tá an-obair ar bun ag Údarás na Gaeltachta, agus cuirim an-fháilte roimh an mbéim atá siad a leagan ar an AI. Tá an-chuid rudaí thar a bheith spéisiúil ag tarlú le nuálaíocht na Gaeilge agus le tionchar na Gaeilge ar an ngeilleagar,” a dúirt Moynihan.







