Ná habair go bhfuil tú chun tuilleadh a scríobh faoi chúrsaí toghcháin. Nach bhfuil dóthain ráite faoin am seo?
Tá go deimhin. Ach ní ar iarmhairt na bhfothoghchán i nGaillimh Thiar agus i mBaile Átha Cliath atá an colún seo á dhíriú ach ar mhachnamh ar thoghadh Teachtaí Dála i gcoitinne. Go háirithe ar an gceist seo: an ndéanfaí leas an phobail agus leas na Dála dá gcuirfí stop lena síormhéadú?
Tá 174 Teachta sa Dáil faoi láthair. Deimhníonn méadú leanúnach ar dhaonra an stáit gur dócha go mbeidh 182 Teachta ar a laghad sa chéad Dáil eile.
Ní foláir cur le líon na suíochán sa Dáil i gcomhréir le méadú an daonra mar gheall ar fhoráil sa Bhunreacht a deir nach gceadaítear líon na dTeachtaí Dála a bheith “faoi bhun comhalta in aghaidh gach 30,000 den daonra”.
Má shroicheann fás an daonra an réamh-mheastachán oifigiúil is airde don bhliain 2042 beidh thart ar 220 Teachta i nDáil Éireann mura leasaítear airteagal 16.2.2 den Bhunreacht idir an dá linn.
Tá ardú dosheachanta ar ionadaíocht pharlaiminteach na hÉireann romhainn mar sin – ardú a chuirfidh ráta ionadaíochta na Dála chun cinn arís ar mhórán tíortha eile.
Mar shampla dá mbeadh feisirí parlaiminte á dtoghadh sa Ríocht Aontaithe de réir ráta ionadaíochta na hÉireann, ní 650 feisire a bheadh i Westminster ach 2,300. Is fiú mar sin dhá cheist a chur agus a chíoradh.
Ar chóir stop a chur le síormhéadú Dháil Éireann? Cé mhéad Teachta Dála a theastaíonn dáiríre chun feidhmiú éifeachtach an chórais pholaitiúil a dheimhniú?
Tá ceisteanna mar seo á gcíoradh ag an gCoimisiún Toghcháin. Baineann siad go dlúth le hábhair phraiticiúla chomh maith le tuairimí níos leithne faoi riaradh an stáit.
Tarraingeoidh daonáireamh 2026 agus an léiriú a thabharfaidh na torthaí ar fhás leanúnach an daonra aird ar cheisteanna polaitiúla nach bpléitear ach go hannamh. Seo cúig cinn:
- Costas?
Nuair a thoghfar 45 Teachta Dála breise beidh 45 tuarastal breise (€118,224 faoi láthair) á n-íoc leo. Anuas air sin, i dtéarmaí an chostais reatha, beidh beagán le cois dhá mhilliún euro an duine le caitheamh ar chostas foirne, ar liúntais taistil agus ar liúntais eile, agus ar phinsin.
Costas iomlán: thart ar €100 milliún, arís i dtéarmaí an chostais reatha. Beidh an fíorfhigiúr níos airde.
Ní costas seasta é seo ach costas a rachaidh i méid gach uair a chaithfear an Dáil a mhéadú arís chun foráil an Bhunreachta a chomhlíonadh ionas nach rachadh an coibhneas idir Teachtaí Dála agus saoránaigh os cionn 1/30,000.
- Spás?
Meastar nach bhfuil slí i seomra na Dála ach le haghaidh thart ar 15 Teachta Dála breise. Bheadh athchóiriú mór de dhíth chun suíocháin a chur ar fáil do 45 Teachta breise, gan trácht ar níos mó.
Is é sin mura ndéanfaí cinneadh go gcaithfí seomra nua níos mó a thógáil ar an suíomh reatha nó in áit éigin eile chun freastal ar fhás fadtéarmach.Tá suíomh na seanpharlaimininte i mBanc na hÉireann i bhFaiche an Choláiste molta ó am go ham mar ionad oiriúnach.
Ní dhearnadh meastachán ar chostas na hoibre i gceachtar cás. Is léir áfach go mbeadh rogha le déanamh idir costas measartha athchóirithe (thart ar €50m b’fhéidir má chuirtear caiteachas ar oifigí breise san áireamh) nó na céadta milliún euro ar thogra níos mó.
- Riachtanas?
Tá bóithre, gluaisteáin agus gach modh taistil feabhsaithe go mór ó ritheadh an Bunreacht i 1937. Níl aon chosúlacht ach oiread idir cumarsáid na linne sin a bhí ag brath ar an gcóras poist agus ar chóras anásta teileafóin agus córais na linne seo.
Is féidir fón póca, ríomhphost, na meáin nuachta agus shóisialta, WhatsApp, Zoom, Skype srl a úsáid chun teagmháil le duine amháin nó le slua in áit ar bith ar domhan in imeacht soicind ar dhóigh a bhí do-shamhalta i 1937.
Ní léir ó thaobh taistil agus cumarsáide de go bhfuil gá leis an ráta ionadaíochta in 2026 a bhí oiriúnach sna 1930idí.
- Síorphlénó cinneadh?
Glacann na saineolaithe daonra go léir leis go mbeidh gá le méadú eile ar bhallraíocht na Dála tar éis an chéad olltoghchán eile i bhfianaise thorthaí an daonáirimh a dhéanfar an bhliain seo chugainn. Tarraingeoidh an cinneadh dosheachanta sin aird arís ar shíormhéadú na Dála.
Má ghlactar leis gur chóir stop a chur le síormhéadú na Dála – má nach beag – bí cinnte go ndéarfaidh go leor daoine nár chóir an cinneadh a fhágáil faoi Theachtaí Dála.
Fiú má mholann an Coimisiún Toghcháin uasteorainn áirithe, b’fhiú iarraidh ar thionól saoránach an t-ábhar a bhreithniú in dhiaidh sin.
- Anfigiúris oiriúnaí?
Ba chóir go spreagfadh an chéad mhéadú eile ar bhallraíocht na Dála díospóireacht ar cheist níos bunúsaí ná an costas: cé mhéad Teachta Dála a theastaíonn chun rialú éifeachtach na tíre chomh maith le freasúra éifeachtach a dheimhniú?
Is féidir an cheist a chur ar bhealach eile: cén feabhas a thiocfadh ar rialú na tíre dá mbeadh scór Teachtaí Dála breise i dTeach Laighean? Nó dhá scór, nó níos mó amach anseo?
Ritheadh rún sa Seanad i mí an Mhárta a mhol leasú ar airteagal sa Bhunreacht a deir nach gceadaítear coibhneas níos mó ná 1/30,000 idir Teachtaí Dála agus an daonra. Níor chuir an rialtas ina choinne.
Níor iarradh sa rún go gcuirfí uasteorainn áirithe i bhfeidhm. Dúirt an seanadóir Michael McDowell, a mhol an rún, gur chóir foráil ionadaíochta an Bhunreachta a athbhreithniú.
Bhí daonra an stáit ag dul i laghad agus an Bunreacht á dhréachtú sna 1930idí, a dúirt sé, ach is tapúla ráta fáis an daonra faoi láthair ná i mballstát ar bith eile san AE.
Ar ndóigh ní bheidh fonn ar Theachtaí na Dála reatha bac a chur ar thoghadh a thuilleadh Teachtaí ná i mbealach a n-atofa féin.
Is fiú cuimhneamh áfach ar an gcinneadh a chuir comhrialtas Fhine Gael agus an Lucht Oibre i gcrích idir olltoghcháin 2011 agus 2016 líon na suíochán Dála a laghdú ó 166 agus 158.
Ganntanas airgid a thug orthu an cinneadh sin a dhéanamh gan dabht. Cá bhfios mar sin féin nach gcuirfidh athrú eile ar an aeráid pholaitiúil nó eacnamaíochta brú ar rialtas eile filleadh ar an ábhar.
Go háirithe má shíltear go mb’fhearr €100 milliún nó níos mó a chaitheamh ar sheirbhísí riachtanacha seachas ar Theachtaí Dála breise.
Buille faoi thuairim: dá n-iarrfaí ar an bpobal vótáil ar leasú ar an mBunreacht faoina gceadófaí méadú ar líon na suíocháin Dála sa chéad olltoghchán eile ach a chuirfeadh uasteorainn i bhfeidhm as sin amach, nach mbeadh toradh na vótála ionann agus cinnte?







