Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

A-Leibhéil an Tuaiscirt vs Ardteistiméireacht na Poblachta

|

Le breis agus 100,000 duine óga fud fad na hÉireann ag tabhairt faoi scrúduithe stáit an samhradh seo, idir an dá chóras ar dhá thaobh na teoranncé acu is fearr: A-Leibhéil an Tuaiscirt nó Ardteistiméireacht na Poblachta?  

Tá aimsir na scrúduithe linn agus tá thart ar 30,000 dalta ag tabhairt faoi A-Leibhéil sa Tuaisceartagus sa Deisceart tá beagnach 72,000 ag dul don ArdteistSeo iad na scrúduithe is mó dá saol go dtí seo agus cé go bhfuil an brú céanna i gceist, tá gcur i bhfeidhm an-difriúil ar fad. 

mblianathosaigh scrúduithe A-Leibhéithart faoin 11 Bealtaine agus cuirfear i gcríoch iad faoin 19 Meitheamh. Tá amchlár na hArdteiste níos giorraag tosnú ar 3 Meitheamh agus ag críochnú faoin 23 Meitheamh. 

Ó thaobh na réimsí staidéir de, déanann daltaí A-Leibhéil staidéar ar thrí nó ceithre ábhar thar thréimhse dhá bhliainBíonn seacht n-ábhar i gceist san Ardteist de ghnáthmhúintear i rith tréimhse dhá bhliain fosta 

Níaon ábhar riachtanach A-Leibhéil ann. Roghnaíonn daltaí trí ábhar ar a laghad a thaitníonn leoagus táthar ann a dhéanann ceithre ábhar nó níos mó i gcásanna speisialtaCaithfidh gach aon dalta atá ag tabhairt faoin Ardteist, áfach, BéarlaGaeilge agus Mata a dhéanamh mura bhfuil díolúine acu, chomh maith le ceithre ábhar eile ar a laghad  

Ó thaobh rogha ábhar de, bíonn sé difriúil ó scoil amháin go scoil eilesa Tuaisceart agus sa Deisceart araon. Chun léargas a thabhairt ar an réimsebhí thart ar 35 scrúdú ar ábhaiéagsúla ar siúl ar amchláscrúdaithe na hArdteiste 2026 i gcomparáid leis na 85 ábhar éagsúla sa Ríocht Aontaithe. 

Dandóigh, níl go leor múinteoirí ar fáil i ngach scoil chun 35 nó 85 ábhar a mhúineadh. Má tá dalta ag iarraidh staidéar a dhéanamh ar ábhar faoi leith nach bhfuil ar fáil ina scoil, is féidir leo tabhairt faoi go neamhspleách 

Nuair roghnaíonn daltaí na cúrsaí a mbeidh siad ag díriú orthubíonn réimse níos leithne ábhar san Ardteist mar gheall go mbíonn seacht n-ábhar á ndéanamh acu. Mar thoradh air sin, bíonn níos mó roghanna ag daoine agus iad ag cur isteach ar chúrsaí ollscoile 

gcóras an Tuaiscirt, bíonn sé ina bhuntáiste ag scoláirí fios a bheith acu cécúrsa ollscoile ar mhaith leo staidéar a dhéanamh air agus iad ag roghnú na n-ábhar meánscoile, mar gheall go mbíonn disciplíní acadúla áirithe riachtanach faoi choinne cúrsa ollscoile faoi leith 

Ó thaobh na dtorthaí de, ní féidir comparáid dhíreach a dhéanamh idir an dá chóras. Is córais agus modhanna measúnaithe éagsúla iad beirtÚsáideann an CAO córas pointí na hArdteisteagus sa Tuaisceart déantar tairiscintí ollscoile bunaithe ar ghráid A-Leibhéil ar UCAS 

Maidir leis an chóras oideachais ghinearáltaar roinnt táscairí oideachais amhail cáilíochtaí dara leibhéal, éiríonn níos fearr le foghlaimeoirí sa Tuaisceart. Ag an am chéannatá ráta níos airde de dhaoine a fhágann an scoil go luath ann  14% sa Phoblacht in aghaidh 6% sa Tuaisceart de réir AgendaNI 

Is ionann an córas oideachais sa Tuaisceart agus an córas sa Deisceart sa dóigh is go dtéann muid uilig isteach sna hinstitúidí oideachais thart ar cheithre bliana daoisagus tagann muid amach nuair atá muid thart ar 17 mbliana daois. Téann na céadta míle fríd an chóras seo gach bliain agus oireann sé go maith do dhaoineOireann sé don tsochaí  ullmhaíonn sé muid don choláistele céim a bhaint amachle hairgead a shaothrúchun cur leis an gheilleagar agus leis an tsochaíAithníonn muid go bhfuil buntáistí ag baint leisagus gurb é sin an cultúr atá bhfeidhm le fadaagus ar fud an domhain  

Aithníonn muid go maith fosta go bhfuil drochthionchar suntasach ag baint leis. I suirbhéanna a rinneadh sa Tuaisceart agus sa Deisceartthuairiscigh níos mó ná 50% de scoláirí bhí ag tabhairt faoi scrúduithe gur tháinig meath tromchúiseach ar a sláinte intinne agus ar a sláinte fhisiciúil. 

Mar sin, cé acu córas is fearr? Tá an dá chóras thar a bheith doiligh, agus tagann brú millteanach agus drochéifeachtaí ar mheabhairshláinte leoAchcibé taobh den teorainn ar a bhfuil muidcaithfear a bheith déanta. 

Má tá físhoiléir ag scoláire maidir lena ghairm bheatha, is féidir go n-oireann A-Leibhéil níos fearr dóibhAch má tá siad fós ag fiosrú gcuid spéiseannatugann an Ardteist réimse níos leithne roghannaDá bhrí sin, ní ceist í cé acu córas is fearr go huilíoch, ach cé acu córas is fearr don scoláire aonair.  

Níceachtar acu foirfe. Is rud thar a bheith deacair iad scrúduitheBhítá agus beidh. Ní féidir córas chomh teann seo a bheith oiriúnach do dhream scoláirí chomh leathan is atá sé. Mar sincad is féidir linn a dhéanamh ach sult a bhaint as an ghrian a thagann gach uile bhliain nuair a bhíonn na scrúduithe ar siúl; aimsir na scrúduithe  é sin agus coinnle a lasadh. Mar a deir an seanfhocal Is leor ó Mhór a dícheall 

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta