Theastódh 500 bunscoil lán-Ghaeilge nua sa stát le freastal ar an éileamh ar an oideachas lán-Ghaeilge atá léirithe i dtorthaí an tsuirbhé bunscoileanna a rinne an Roinn Oideachais, dar leis an bpátrún Gaelscoileanna is mó sa stát.
Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí an Fhorais Pátrúnachta, nach bhféadfaí “aon argóint a dhéanamh faoi” ach go léirítear éileamh nach beag ar an oideachas lán-Ghaeilge i dtorthaí an tsuirbhé agus go gcaithfidh an Roinn Oideachais agus an tAire Hildegarde Naughton a shoiléiriú “céard atá siad a dhul a dhéanamh le freastal ar an éileamh sin”.
“Táimid ag lorg plean straitéiseach céimiúil ón Roinn. Tá muid sásta dul ag obair air agus tacú leis sin. Ní fheiceann muid go bhfuil aon phlean ag oifigigh na Roinne ná aon toil acu plean a chur i bhfeidhm.
“Tá cead na nAirí faighte acu gan cloí le polasaí an Rialtais ó thaobh oideachas lán-Ghaeilge do chách a chur ar fáil. Ba cheart go mbeadh an Rialtas nó an Roinn ag rá gur seo [an suirbhé] bunús de léiriú gur idir 22-25% atá ag éileamh oideachas lán-Ghaeilge agus an cheist a chur, ‘conas is féidir linn freastal air sin?’” a dúirt sé.
Deirtear sa suirbhé, ar foilsíodh a thuilleadh sonraí as inné, go bhfuil 22% de thuismitheoirí an stáit ag iarraidh oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí, ach nach bhfuil ach 8% de na bunscoileanna ina mbunscoileanna lán-Ghaeilge.
“San achoimre ar rogha na dtuismitheoirí atá sa tuarascáil, léirítear gurbh í an Ghaeilge an rogha teanga a bhí ag 22.1% de thuismitheoirí uile na tíre a ghlac páirt sa suirbhé. Má deir muid go bhfuil an 22% de na tuismitheoirí seo ag rá go roghnódh siad oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí, níl ach 8% de bhunscoileanna na tíre ina scoileanna lán-Ghaeilge.
“Teastaíonn a thrí oiread bunscoileanna lán-Ghaeilge chun freastal ar an éileamh atá léirithe ag an suirbhé. Tá 250 bunscoil [lán-Ghaeilge] sa stát faoi láthair – teastaíonn 750 acu. Teastaíonn 500 bunscoil breise chun freastal ar an éileamh atá léirithe ag an Roinn Oideachais tríd an bpróiseas seo,” a dúirt Ó hEaghra le Tuairisc.
Dúirt sé go léirítear i dtorthaí an tsuirbhé go bhfuil 75,000 páiste sa chóras bunscolaíochta “nach bhfuil oideachas lán-Ghaeilge ar fáil dóibh” agus go bhfuil “fadhb anois ann” mar gheall ar an treoir atá seolta ag an Roinn Oideachais chuig na scoileanna.
“An fhadhb atá againn anois ná go bhfuil an Roinn tar éis treoir a sheoladh chuig chuile scoil sa tír mar gheall ar an torthaí seo atá faighte acu. Deirtear sa treoir seo gur gá dóibh na staitisticí a roinnt le pobal na scoile agus iad a phlé. Má tá os cionn 50% ann, is gá don scoil dul isteach i bpróiseas leis an scoil a athrú.
“Bhí a fhios go maith ag oifigigh na Roinne, mar dúirt muide leo é, ó fuair siad na torthaí nach mbeadh aon scoil lán-Bhéarla ann a mbeadh móramh inti ag lorg go n-iompófaí ina scoil lán-Ghaeilge iad,” a dúirt sé.
Dúirt sé fiú i gcás a mbeadh an 50% ann go gcaithfí an lamháil earráide a chur san áireamh agus go bhféadfadh go mbeadh an figiúr faoi 50% agus nach mbeadh “móramh glan láidir” ann.
“Thuig an Roinn é seo, agus níl aon rud ráite leis na scoileanna faoi conas a d’fhreastalódh siad ar an 22% de thuismitheoirí na tíre atá tar éis a rá gur mhaith leo oideachas lán-Ghaeilge.
“Níl aon treoir, níl aon phlean, ann. Ar bhealach, is beagnach go gceapfá go raibh [an suirbhé] socraithe le go dteipfeadh air ó thaobh na Gaeilge de. Tá neamhaird déanta de threoir a thabhairt do na scoileanna ar conas dul i ngleic leis an éileamh don oideachas lán-Ghaeilge,” a dúirt Ó hEaghra.
Dúirt sé go bhfuil fadhb ann freisin i gceantair ina bhfuil níos mó ná scoil amháin atá ag freastal ar an bpobal céanna cheana féin.
“Sa chás go bhfuil deich scoil lán-Bhéarla i gceantar agus céatadáin idir 15% agus 25% de na tuismitheoirí i ngach scoil ag iarraidh oideachas lán-Ghaeilge, ní thabharfar aon treoir de cheachtar de na deich scoil sin tiontú ina scoil lán-Ghaeilge le freastal ar an éileamh atá sa cheantar mar gheall nár sáraíodh an 50% in aon scoil amháin.
“Dá bhrí sin tá faillí déanta ar an 22% seo nach bhfuil treoir ná plean cinnte tugtha dóibh. Is rud é atá ina ábhar amhrais agus imní dúinne nár thuig an Roinn nach réiteofaí an cheist seo,” a dúirt Ard-Rúnaí an Fhorais Pátrúnachta.
D’fhreagair 145,702 teaghlach an suirbhé náisiúnta bunscoileanna. Astu sin, bhí 91.5% acu ag freastal ar scoileanna lán-Bhéarla. Dúirt 13.3% de na 133,428 teaghlach sin gurbh fhearr leo dá múinfí a ngasúir trí Ghaeilge. D’fhreagair 12,274 teaghlach a raibh a ngasúir ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge. Theastaigh ó 89.6% de na teaghlaigh sin go leanfaí ar aghaidh ag teagasc trí Ghaeilge sna scoileanna sin.
Thug 12.3% (6,916) de na 56,227 teaghlach nach bhfuil a gclann ar scoil go fóill go roghnódh siad scoil lán-Ghaeilge dá ngasúir óga amach anseo agus dúirt 94.3% den 6,916 teaghlach sin gur mhaith leo go leanfadh na scoileanna sin ar aghaidh ag teagasc trí Ghaeilge.
“Nuair a chuirtear rogha na dtuismitheoirí a bhfuil gasúir acu i scoileanna lán-Bhéarla le chéile le rogha na dtuismitheoirí a thug le fios go bhfuil sé i gceist acu a leanaí a chlárú le scoileanna lán-Bhéarla, is é an t-éileamh iomlán go n-athrófaí scoileanna lán-Bhéarla [go scoileanna lán-Ghaeilge] ná 13.9%,” a deirtear sa tuarascáil a scríobhadh bunaithe ar an suirbhé.







