Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Tuarascáil taighde ‘Éire Aontaithe: Deis chlaochlaitheach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht’ seolta

|

Foilsíodh tuarascáil taighde ag Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste ar na mallaibh ina bpléitear ról na Gaeilge in Éirinn Aontaithe. Seoladh an taighde ‘Éire Aontaithe: Deis chlaochlaitheach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht’ ag Áras Séamas Heaney ar champas na hollscoile. 

Dfhreastail mic léinn, taighdeoirí agus polaiteoirí ar an imeacht le tuiscint níos fearr a fháil ar an taighde, agus le dul i mbun plé leis an haíonna speisialta a bhí i láthair. Ba iad na haíonna sin ná an Dr. Síobhra Aiken ó Ollscoil na Banríona; Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin; an tOllamh le dlí na gceart daonna, Colin Harvey agus Róisín Nic Liam, príomh-thaighdeoir na tuarascála.

Thug Róisín léargas ar an taighde don lucht féachana agus labhair sí linn faoin tábhacht a bhaineann le ceist na Gaeilge agus na Gaeltachta a phlé mar chuid den chomhrá faoi Éirinn Aontaithe.

Dúirt Róisín linn fosta go bhfuil sí ag súil go dtabharfaidh an taighde seo dúshlán an dearcaidh dhiúltaigh a bhíonn ag daoine áirithe maidir leis an Ghaeilge le linn díospóireachtaí faoi athaontú na hÉireann agus an teanga á lua mar cipín idirbheartaíochta’ sa phlé. 

Is é Conradh na Gaeilge a choimisiúnaigh an taighde, mar sin de labhair Meon Eile le Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhchóideachta na heagraíochta. Labhair Conchúr faoin ráth a bhí ar an seoladh é féin agus faoi na ceisteanna a ardaíonn an taighde don Chonradh mar eagraíocht. 

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta