Tá sé ráite ag Seanadóir agus iar-phríomhoide gur chóir don Roinn Oideachais scoileanna atá lag ó thaobh múineadh na Gaeilge de a aithint agus tacaíochtaí breise a chur ar fáil.
Dúirt sé chomh maith gur chóir an riachtanas iontrála Gaeilge d’ábhar oidí a ardú chun dul i ngleic le heaspa cumais múinteoirí sa teanga.
Bhí an méid sin le rá ag an Seanadóir Joe Conway ag coiste Oideachais an Oireachtais i rith na seachtaine.
Mhaígh Conway, Seanadóir de chuid Fhine Gael, go raibh formhór na múinteoirí bunscoile “go feidhmiúil neamhliteartha sa Ghaeilge” agus go bhfuil gníomh práinneach ag teastáil chun caighdeán theagasc na Gaeilge a fheabhsú i scoileanna an stáit.
Dúirt sé go raibh 20 bliain caite aige ag plé le hábhar oidí agus é ag obair i gcoláiste oiliúna agus go raibh a bhformhór mór an-lag ó thaobh na Gaeilge de.
“Chonaic mé thart ar 1,000 ábhar oide ag múineadh na Gaeilge sna 20 bliain sin…agus déarfainn go raibh thart ar 10% díobh, b’fhéidir 100 as an 1,000 sin thar 20 bliain, a raibh Gaeilge mheasartha acu. An 90% eile, agus tá an nath seo úsáidte cheana agam, bhí siad go feidhmiúil neamhliteartha sa Ghaeilge. Sin an taithí a bhí agamsa, caithfidh mé a rá.”
Dúirt Conway go bhfuil an riachtanas iontrála Gaeilge do na cúrsaí múinteoireachta sna coláistí tríú leibhéal “chomh híseal sin gur masla é” agus go gcaithfí é a ardú. Grád H4 sa nGaeilge a theastaíonn chun áit a fháil sna coláistí oiliúna.
Mhaígh sé freisin gurb í an taithí a bhí aige ná nach raibh mórán suime ag múinteoirí i scoileanna Béarla lasmuigh den Ghaeltacht an Ghaeilge a chur chun cinn sa seomra ranga.
Dúirt an Seanadóir go raibh iarrachtaí ar bun an teanga a chur chun cinn i scoileanna ach nach fiú na hiarrachtaí sin go dtí go n-aithneofaí go bhfuil múinteoirí ag dul isteach i scoileanna nach bhfuil in ann an Ghaeilge a mhúineadh.
“Ba cheart go mbeadh sé de mhisneach ag an chigireacht a rá nach bhfuil an scoil seo oiriúnach don fheidhm ó thaobh múineadh na Gaeilge de agus go dtabharfaí isteach múinteoirí cúnta agus b’fhéidir múinteoirí a thabhairt isteach ó na Gaelscoileanna,” a dúirt sé.
“Má leanann muid orainn ag dul síos an bóthar céanna, an imní atá orm, agus seo é an eilifint sa seomra, ná laistigh de ghlúin eile nach mbeidh teanga ann chun athbheochan a dhéanamh uirthi.”







