Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Imní’ ar CyberSafeKids faoi bhota comhrá do dhaoine óga atá molta i dtuarascáil Údarás na Gaeltachta

Tá “imní” ar an gcarthanacht CyberSafeKids faoi bhota comhrá atá molta ag Údarás na Gaeltachta ina dtuarascáil ar an Intleacht Shaorga, a bheadh ina “cara” Gaeilge ag “daoine óga” atá ag maireachtáil taobh amuigh den Ghaeltacht.

Deirtear sa tuarascáil go bhféadfaí bota comhrá darbh ainm ‘Cara’ a chruthú leis an Intleacht Shaorga a spreagfadh “daoine de gach aois” chun an Ghaeilge a labhairt “i ngnáthshuíomhanna laethúla agus neamhfhoirmiúla” chomh maith le “comhráite a bheith acu maidir le hábhair éagsúla”.

Deirtear sa tuarascáil a rinne Ernst & Young don Údarás gur “dúshlán” é do dhaoine óga in Éirinn “go bhfuil go leor acu ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid ina saol laethúil ach níl siad páirteach i bpobal labhartha Gaeilge”.

Maítear sa tuarascáil, IS na Gaeilge: Tuarascáil ar Anailís Bearnaí agus ar Léargas ó Pháirtithe Leasmhara, go gcuirfeadh bota comhrá Gaeilge ar chumas na ndaoine óga sin “a gcuid Gaeilge a úsáid go simplí i suíomh neamhfhoirmiúil a thacaíonn le húsáid níos réchúisí as Gaeilge”.

Deir an tÚdarás go gcabhródh a leithéid de bhota “na spriocanna beartais maidir le cainteoirí laethúla 2030 a chomhlíonadh”.

Tá sprioc leagtha síos ag an Rialtas sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go mbeadh 250,000 cainteoir laethúil Gaeilge ann faoin mbliain 2030. Bhí beagán faoi bhun 72,000 cainteoir laethúil Gaeilge sa stát, de réir Dhaonáireamh 2022.

Ach dúirt urlabhraí de chuid CyberSafeKids, carthanacht a bhíonn ag déanamh abhcóideachta “ar son páistí, tuismitheoirí, agus oideachasóirí” i réimse na sábháilteachta idirlín, go bhfuil “imní” orthu faoi bhotaí comhrá IS a d’fhéadfadh “spleáchas a fhorbairt ar chaidrimh shintéiseacha in ionad caidrimh le daoine”.

“Cé go bhfáiltímid roimh aon tionscnamh a chuireann le labhairt na Gaeilge, bheadh an imní chéanna orainn faoi aon “cara” le haghaidh “daoine óga” a labhraíonn Gaeilge agus a bheadh á rialú ag Intleacht Shaorga ghiniúnach agus a bhíonn orainne anseo ag CyberSafeKids faoi theacht a bheith ag leanaí agus daoine óga ar aon bhota comhrá IS nach mbíonn dóthain cosaintí orthu agus a d’fhéadfadh spleáchas a fhorbairt ar chaidrimh shintéiseacha in ionad caidrimh le daoine,” a dúirt urlabhraí de chuid na carthanachta le Tuairisc.

Deirtear i dtuarascáil an Údaráis go gcruthófaí an bota ‘Cara’ “de réir na rialacha agus na dtreoirlínte sábháilteachta agus príobháideachais ar fad”.

Nuair a d’fhiafraigh Tuairisc den eagraíocht fiontraíochta agus pleanála teanga an raibh taighde déanta acu faoi “chairde comhrá” dá leithéid agus faoin imní a d’fhéadfadh a bheith ann faoina leithéid d’uirlis, dúradh gur “tacar sonraí teoranta” a bheadh in úsáid. Dúradh nach dtabharfadh ‘Cara’ “freagra ar cheisteanna nach mbaineann leis an tacar sonraí teoranta sin”.

“Tá ceisteanna níos leithne ann, cinnte, mar aon le haon teicneolaíocht a bhíonn i lámha an phobail agus mar a rinne Údarás na Gaeltachta cur síos ar na dúshláin sin i measc dúshláin eile sa cháipéis Uirlisí IS don Ghaeilge: Deiseanna agus Dúshláin,” a dúradh sa ráiteas ón Údarás.

Ach dúirt CyberSafeKids nár chóir “cara” a dhéanamh “d’aon aonán IS” agus go mbíonn an chontúirt ann, nuair a dhéantar a leithéid, go bhfágfar “an difríocht idir caidrimh dhaonna agus idirghníomhaíochtaí sintéiseacha doiléir”.

Dúirt an charthanacht go bhféadfaí “srian” a chur le bota comhrá IS sa chás gur mar “áis staidéir amháin” a bheadh an bota comhrá á úsáid le nach mbeadh ar fáil uaidh ach “saintopaicí faoi leith”, ach go bhfuil an chuma ar an scéal nach mar sin a bheadh ‘Cara’ Údarás na Gaeltachta.

“Sa chás go mbeadh sé mar aidhm leis tacú le scileanna teanga go ginearálta agus, an chuma air gurb é sin atá i gceist leis an mbota comhrá seo, tharlódh nach mbeadh na srianta sin i bhfeidhm, agus go bhféadfadh fadhbanna atá sách coitianta a bheith i gceist.

“Is iad na fadhbanna sin go dtabharfaí eolas atá míchruinn nó claonta ar ais, ‘siabhráin’ (freagraí atá bréagach nó míthreorach); siceafantaíocht (faomhadh an úsáideora chun tosaigh ar chruinneas fíorasach); atreisiú na laofacht deimhnithe; agus tóraíocht comhrá chun daoine a mhealladh isteach agus chun ró-úsáid a chothú,” a dúirt urlabhraí CyberSafeKids.

Dúradh go raibh roinnt comhlachtaí a bhfuil uirlisí comhrá IS deartha acu cheana féin tar éis na rialacha faoi aois na n-úsáideoirí a ardú agus gur chuir comhlachtaí eile “toiliú tuistí” leis na háiseanna.

Thug CyberSafeKids le fios gur “drochthubaistí do dhaoine óga” ba chúis leis na hathruithe a rinne leithéidí Character AI agus ChatGPT dá n-inneall féin.

“Ba chóir [an méid sin] a chur san áireamh agus aon táirge a bheadh á úsáid ag daoine óga á dhearadh agus an tsábháilteacht a bheith lárnach sa dearadh féin agus gan a bheith taobh le scagaire teaghlaigh,” a dúirt CyberSafeKids.

“Sa chás áirithe seo, d’fhéadfadh go mbeadh deacracht eile ag tuismitheoirí ar mhian leo an comhrá a mhaoirseacht, sin nach mbeadh dóthain eolais acu ar an nGaeilge, an teanga a bheadh á labhairt,” a dúirt urlabhraí CyberSafeKids.

Baineann go leor conspóide leis an tionchar a bhíonn ag AI ar pháistí. I gcás amháin, chuir Juliana Peralta, cailín 13 bliain d’aois as Meiriceá, lámh ina bás féin tar éis comhráite fada le Character AI i mí na Samhna 2023. Chuir páiste eile lámh ina bhás féin tar éis an aip chéanna a úsáid agus rinne páiste eile fós iarracht déanamh amhlaidh ach tháinig slán as an iarracht. Chuir tuismitheoirí na bpáistí sin an dlí ar Character AI i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta