Bhuaigh an stiúideo ealaíne Just Art It ar Shráid Dhoiminic i gcathair na Gaillimhe Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh i mbliana. Brontar gradaim Uí Ógartaigh ar ghnólachtaí i nGaillimh a chuireann an Ghaeilge chun cinn,
Ba é an tAire Gaeltachta Dara Calleary a bhronn na duaiseanna ag searmanas bronnta sa chathair an tseachtain seo.
Dúirt an tAire Calleary go bhfuil Gradam Uí Ógartaigh “sainithe mar ghné an-tábhachtach d’fhéiniúlacht dhátheangach na Gaillimhe” agus go léiríonn na comhlachtaí a ainmníodh “beocht na Gaeilge i saol na cathrach”.
Bhuaigh Just Art It sa chatagóir ‘Taithí Mhiondíola’ sular fógraíodh gurb iad a bhuaigh ‘an Gradam Foriomlán’ freisin. Bronnadh píosa dealbhóireachta a dhear an t-ealaíontóir Pádraic Reaney go speisialta do na gradaim ar Just Art It, agus gheobhaidh siad pacáiste fógraíochta ó The Galway Advertiser, pacáiste poiblíochta ó TG4 agus ballraíocht bliana le Cumann Tráchtála na Gaillimhe mar chuid den duais mhór.
Is siopa, gailearaí, agus ceardlann é Just Art It inar féidir earraí ealaíne a cheannacht agus cúrsaí agus ranganna a dhéanamh. Tá duaiseanna buaite acu ag Gradaim Sheosaimh Uí Ógartaigh le ceithre bliana i ndiaidh a chéile, ach seo an chéad bhliain acu an duais mhór a bhuachan.
Deir úinéir na ceardlainne, Elena Santos, go bhfuil an Ghaeilge “ag croí gach rud a dhéanann” Just Art It agus go bhfuil siad ina mball bródúil de phobal gnó dátheangach na Gaillimhe.
“Tá an Ghaeilge lárnach dár bhféiniúlacht. Tá beagnach gach táirge, comhartha agus seirbhís dátheangach, agus an Ghaeilge chun tosaigh, agus cabhraíonn cóid QR lenár gcustaiméirí an fhoghraíocht a fhoghlaim, ag scaipeadh na teanga ar fud an domhain.
“Tríd an nGaeilge a leabú inár gcleachtais chruthaitheacha agus tráchtála, is é ár n-aidhm stádas na Gaillimhe mar chathair dhátheangach atá saibhir ó thaobh an chultúir de a neartú,” a deir sí.
Bronnadh seacht nduais ar fad ag an searmanas bronnta: an dá ghradam a fuair Just Art It; gradaim sna catagóirí difriúla; agus gradam speisialta na moltóirí.
Bhuaigh an drioglann Micil, a bhunaigh Pádraig Ó Griallais as Indreabhán, an duais sa chatagóir ‘Turasóireacht’. Bhuaigh an caifé Plámás – mar ar féidir lascaine a fháil as ordú trí Ghaeilge – an gradam sa chatagóir ‘Seirbhís Chustaiméara’.
Ba í Marian Ní Chonghaile an tí seo a bhuaigh an gradam sa chatagóir ‘Digiteach’ lena comhlacht ‘Thrive With Marian’. Is cóitseálaí saoil agus gnó í Marian a bhíonn ag scríobh ailt do Tuairisc go minic. Sa chatagóir ‘Pobal agus Cultúr’, bhí an lá ag Club Seoltóireachta Húicéirí na Gaillimhe.
Bronnadh pacáiste tacaíochta gnó ar luach €2,000 ar bhuaiteoirí uile na gcatagóirí.
Fuair Smart Medical, comhlacht atá lonnaithe sa Spidéal i gCois Fharraige, Bronnadh Speisialta na Moltóirí. Ba iad Smart Medical a rinne an chéad AED dátheangach ar domhan.
Bronnadh duais eile ar Kinvara Skincare freisin mar “aitheantas ar a n-úsáid leanúnach den phacáistiú dátheangach”. Scoláireacht ollscoile do chúrsa sealbhaithe teanga a fuair úinéirí Kinvara.
Bhí Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly i láthair ag an searmanas bronnta chomh maith leis an Aire Gaeltachta Dara Callery.
Dúirt príomhfheidhmeannach Ghaillimh le Gaeilge, a reáchtálann na gradaim, go léiríonn Gradam Uí Ógartaigh “an dul chun cinn leanúnach” atá á dhéanamh i nGaillimh ó thaobh na Gaeilge de agus an “fhorbairt atá á déanamh ar an nGaeilge mar theanga bheo ghnó, phobail, agus chultúir” sa chathair.







