Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Féile na gCloigíní Gorma 2026: Lón an phobail i nGael-Ionad Mhic Goill

|

Tá Féile na gCloigíní Gorma 2026 faoi lánseol in iarthar Bhéal Feirste agus mar chuid den fhéile, cuireadh lón saor in aisce ar fáil don phobal i nGael-Ionad Mhic Goill inné. 

Rinne baill den Kind Economy an chuid is mó den bhia, agus chuir oibrithe Newhill Youth and Community Centre roinnt eile ar fáil. Is grúpa teifeach agus iarrthóirí tearmainn é an Kind Economy a bhíonn i mbun feachtasaíochta maidir leis an chosc atá ar obair d’iarrthóirí tearmainn. Is é an sprioc le bia a chur ar fáil d’imeachtaí mar seo ná táispeáint don phobal go bhfuil scileanna ag na hiarrthóirí tearmainn seo nach bhfuil cead acu cur in úsáid le post a fháil agus airgead a shaothrú dóibh féin.

Labhair Meon Eile le Nuala Ní Scolláin ó Ghlór na Móna agus le hAoibhín Nic Ionnrachtaigh ó Newhill Youth and Community Centre faoin imeacht seo agus faoin luach agus tairbhe a bhaineann le Féile na gCloigíní Gorma ina hiomlán.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta