Tá triúr oibrithe óige le fostú ar Oileáin Árann chun seirbhís óige a chur ar fáil as Gaeilge ar na trí oileán.
Tá maoiniú €300,000 le cur ar fáil don togra píolótach ceithre bliana, atá á mhaoiniú ag an Roinn Oideachais agus Óige i gcomhpháirtíocht le Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin agus Muintearas,
Tacóidh an maoiniú le triúr oibrithe óige a fhostú go páirtaimseartha ar Inis Mór, ar Inis Meáin agus ar Inis Oírr.
Deir an Roinn Oideachais gur “cloch mhíle shuntasach” é an tionscnamh do dhaoine óga atá ina gcónaí ar Oileáin Árann agus go gcinnteoidh sé gur féidir leo rochtain a fháil ar thacaíochtaí óige comhsheasmhacha, atá fréamhaithe i gcultúr a bpobail féin agus trína gcéad teanga.
“Is é cuspóir an tionscnaimh seo a chinntiú go bhfuil rochtain ag daoine óga ar Oileáin Árann ar na deiseanna agus na tacaíochtaí céanna agus atá ag a gcomhghleacaithe ar fud na tíre, agus ag an am céanna láidreachtaí uathúla shaol an oileáin agus na Gaeilge a aithint agus a cheiliúradh,” a dúirt an tAire Hildegarde Naughton agus an tionscnamh seolta.
“Cuidíonn obair óige a sholáthar trí Ghaeilge le folláine, féiniúlacht agus nasc a neartú, agus ag an am céanna déantar forbairt ar an muintearas láidir atá ann cheana féin ar fud na n-oileán.
“Mar thoradh ar infheistíocht a dhéanamh in oibrithe óige atá lonnaithe san áit, táimid ag cruthú spásanna sábháilte agus cuimsitheacha inar féidir le daoine óga nascadh le chéile, muinín a fhorbairt agus tacaíocht a fháil laistigh dá bpobail féin.”
Forbraíodh an tionscnamh píolótach tar éis dul i gcomhairle le scoileanna, seirbhísí áitiúla agus páirtithe leasmhara sa phobal.
Bunphrionsabal den tionscnamh seo is ea go ndéanfar gach gníomhaíocht a bhaineann le hobair óige ar na hoileáin agus trí mheán na Gaeilge.
San áireamh sa chlár freisin tá próiseas meastóireachta a thabharfaidh léargas luachmhar ar sholáthar seirbhísí oibre óige trí Ghaeilge i bpobail oileánda amach ón gcósta agus a chuirfidh bonn eolais faoi fhorbairt beartais amach anseo.







