Tá ardú eile ar an liúntas a íoctar le teaghlaigh a chuireann lóistín ar fáil do lucht freastail na gcoláistí Gaeilge fógartha ag Aire na Gaeltachta.
Tiocfaidh ardú €1.50 an scoláire i bhfeidhm ag deireadh na míosa agus €16 in aghaidh an dalta in aghaidh na hoíche le híoc le mná agus fir tí na Gaeltachta as lóistín a chur ar fáil faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge.
Fógraíodh ardú €1.50 eile in 2025 agus is é seo an cúigiú huair don rialtas an liúntas a mhéadú le blianta beaga anuas. €10 in aghaidh na hoíche a bhí sa liúntas in 2022.
“Is cúis mhór áthais dom an t-ardú seo a fhógairt don scéim is sine atá á riar ag mo Roinn, Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge,” a dúirt an tAire Dara Calleary agus an scéal á fhógairt ar maidin.
“Tá aitheantas tuillte ag na teaghlaigh a chuireann lóistín ar fáil mar aon leis na coláistí as an acmhainn luachmhar a chuireann siad ar fáil do lucht freastail na gcúrsaí Gaeilge.
“Tá mé lánchinnte go gcuideoidh an t-ardú ar thacaíocht mo Roinne leis an gcostas a bhaineann le lóistín a sholáthar agus chun tuilleadh teaghlaigh a mhealladh le go dtiocfadh fás agus forbairt ar an earnáil thábhachtach seo sna blianta amach romhainn.”
Beidh an t-ardú ag dul do na brúnna agus coláistí cónaithe a chuireann lóistín ar fáil faoin scéim chomh maith. €12 in aghaidh an dalta in aghaidh na hoíche a gheobhaidh siadsan.
Cuirfear na rátaí nua i bhfeidhm ón 30 Bealtaine 2025, tús na gcúrsaí samhraidh i mbliana. Deir Roinn na Gaeltachta go mbainfidh os cionn 530 teaghlach sa nGaeltacht leas as an ardú nua.
Chomh maith leis na harduithe seo, tá ardú ar an bhfóirdheontas a íoctar faoi dhá scéim eile de chuid na Roinne, Scéim Oileánda (ÁRAINN) Gaeltachta faoina dtugtar deis do scoláirí scoilbhliain iomlán a chaitheamh ar cheann de thrí oileán Árann agus an Scéim ERASMUS Gaeltachta faoina dtugtar deis do mhic léinn tríú leibhéil seimeastar a chaitheamh sa Ghaeltacht.
| Fóirdheontas | Ráta 2025 | Ráta 2026 |
|---|---|---|
| Gnáthchúrsaí | €14.50 | €16 |
| Brú / coláiste cónaithe | €10.50 | €12 |
| ERASMUS Gaeltachta | €23.50 | €25 |
| Scéim Oileánda (ÁRAINN) Gaeltachta | €35.50 | €37 |







