Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Bean ó Chorca Dhuibhne ceaptha ina Ceannaire ar thogra nua de chuid TG4 agus Údarás na Gaeltachta

| ,

Tá Karina Feirtéar as Baile an Fheirtéaraigh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne ceaptha ina Ceannaire ar Oiliúint Gairme sna Meáin ag TG4 agus Údarás na Gaeltachta.

Tá an ceapachán á dhéanamh mar chuid de “chomhpháirtíocht straitéiseach nua” idir TG4 agus an tÚdarás a bhfuil sé d’aidhm aici “oiliúint” ar dhaoine in earnáil na léiriúchán neamhspleách leis an earnáil sin a fhorbairt.

Beidh an ceannaire nua, a bhí ina bainisteoir ar an stáisiún Gaeilge do pháistí Cúla4 go dtí seo, freagrach as riaradh an togra nua agus na gclár oiliúna agus forbartha a bheidh á reáchtáil mar chuid de.

Tá súil ag TG4 go gcuirfear “oiliúint shainiúil” agus “mapáil shoiléir gairme” ar fáil d’earnáil na meán Gaeilge tríd an ról nua eagraíochtaí a thabhairt le chéile “i gcomhpháirtíocht chun tallann a fhorbairt” agus “todhchaí láidir don tionscadal a chruthú”.

Tá infheistíocht €1.2 milliún in aghaidh na bliana le déanamh ag Údarás na Gaeltachta agus TG4 sa togra nua idir seo agus deireadh na bliana 2028. Cuirfear “cláir forbartha agus oiliúna straitéisí” ar fáil do dhaoine ar mhaith leo an ghairm atá acu sna meáin Ghaeilge a fhorbairt.

Beidh cláir á reáchtáil do chomhlachtaí “atá ag cur ábhar cruthaitheach ar fáil in earnáil na meán” freisin. Maíonn an tÚdarás agus TG4 go gcuirfidh an togra “le scileanna, cáilíochtaí, agus le cumas iomaíochta” na gcomhlachtaí.

Dúradh i ráiteas ó TG4:

“Tháinig an chomhpháirtíocht nua seo chun cinn mar thoradh ar thaighde cuimsitheach a raibh TG4 agus an tÚdarás in bhun le blianta beaga anuas. Mar chuid den taighde sin, chuathas i gcomhar le comhlachtaí, le fiontraithe agus leis na heagrais forbartha stáit atá lárnach i bhforbairt na hearnála closamhairc.

“Léirigh torthaí an taighde go bhfuil tuilleadh infheistíochta ag teastáil chun borradh a chur faoi oiliúint agus faoi fhorbairt in earnáil na meán Gaeilge agus sna comhlachtaí léiriúcháin,” a dúradh i ráiteas a chuir TG4 amach faoi cheapachán Fheirtéar.

Dúirt Ardstiúrthóir TG4, Deirdre Ní Choistín, go bhfuil “cumasú na cruthaitheachta i gcroílár straitéis TG4” agus go dtabharfaidh an chomhpháirtíocht nua le hÚdarás na Gaeltachta deis don stáisiún teilifíse “díriú ar fhás agus ar fhorbairt na hearnála Gaeilge” agus scileanna a fhorbairt don todhchaí “ar bhonn straitéiseach fadradharcach”.

“Tréaslaím le Karina Feirtéar atá ceaptha ina ceannaire ar ‘Oiliúint Gairme sna Meáin’ chun an straitéis don fhorbairt oiliúna san earnáil a chur i gcrích.

“Tá os cionn 28 bliain taithí aici in earnáil na meán Gaeilge, i bhforbairt tallainne, i mbainistíocht athruithe agus i bhforbairt foirne cruthaitheacha agus teicniúla a bheidh thar a bheith luachmhar sa ról seo. Guím gach rath uirthi sa ról nua seo,” a dúirt Ní Choistín.

Thosaigh Karina Feirtéar ag obair sna meáin Ghaeilge i 1998 agus is iomaí ról a bhí aici ó shin. Ó chuir sí tús lena gairm le TG4 bhí sí ina bainisteoir cruthaitheach, ina bainisteoir léirithe neamhlínigh, agus ina bainisteoir óige. Tá sí ina bainisteoir ar Cúla 4 ó seoladh an stáisiún sin i mí Mheán Fómhair 2023.

Ruairí Ó hAilín agus Sadhbh Ní Ógáin. Pictiúr: Martina Regan

Fógraíodh dhá cheapachán eile inné in Údarás na Gaeltachta. Is é Ruairí Ó hAilín a bheidh ina cheannaire ar fhostaíocht agus nuálaíocht agus beidh Sadhbh Ní Ógáin ina bainisteoir gnóthaí straitéiseacha.

Bhí Ó hAilín ina bhainisteoir i Fiontraíocht Éireann roimhe seo agus tá spéis ar leith aige sa teicneolaíocht dhigiteach agus sa nuálaíocht phróisis agus oiliúint foirne. Tá blianta fada caite ag Sadhbh Ní Ógáin ag obair le Foras na Gaeilge agus bhí baint nach beag aici le Treo Straitéiseach 2020-2025 agus Plean Corparáideach 2023-2025 na heagraíochta sin.

“Tá muid an-sásta fáiltiú roimh Ruairí agus Sadhbh chuig foireann an Údaráis. Tá saineolas eisceachtúil ag an mbeirt acu ina réimsí féin, Ruairí i bhforbairt fiontraíochta agus nuálaíochta, agus Sadhbh i bpleanáil straitéiseach agus i rialachas. Cuirfidh an dá cheapachán seo go mór lenár gcumas ár misean a chur i gcrích ar son phobail na Gaeltachta,” a dúirt príomhfheidhmeannach an Údaráis, Tomás Ó Síocháin

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta