Chaith comhairle áitiúil i dTuaisceart Éireann beagnach £100,000 ar tháillí dlí le cur i gcoinne comhartha dátheangach i gcontae Ard Mhacha.
In eolas atá nochta ag Conradh na Gaeilge, léirítear gur chaith Chomhairle Buirge Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon £91,956 ar dlíodóirí agus í ag cosaint cinneadh a rinne comhairleoirí iarratas ar chomhartha dátheangach a dhiúltú i bPort an Dúnáin.
Tar éis próiseas a mhair dhá bhliain, fógraíodh mí an Mhárta i mbliana gur éirigh le hathbhreithniú breithiúnach a thug Iris Hagan tar éis don chomhairle diúltú dá hiarratas comhartha dátheangach a chrochadh ar an tsráid ‘Woodside Hill’ nó ‘Cnoc Chois Coille’.
Shásaigh iarratas Hagan critéir na comhairle féin faoina bpolasaí sráidainmneacha, ina measc gur léirigh os cionn 66% de chónaitheoirí na sráide tacaíocht don chomhartha i suirbhé.
Nuair a cuireadh an t-iarratas os comhair choiste pleanála na comhairle mí Dheireadh Fómhair 2023, breis is bliain ó rinneadh an t-iarratas, diúltaíodh dó.
Tháinig an cinneadh os comhair cruinniú iomlán de chuid na comhairle níos deireanaí an mhí sin ach seasadh leis ar vóta 21-19. Is ina dhiaidh sin a chinn Iris Hagan athbhreithniú breithiúnach a lorg.
Dúirt Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Cearta Teanga le Conradh na Gaeilge, gur “cur amú millteanach” a bhí sa £92,000 d’airgead poiblí a caitheadh ar tháillí dlí.
̌“Nochtar sna cáipéisí um shaoráil faisnéise seo gur chaith Comhairle atá faoi stiúir an DUP £92,000 d’airgead íocóirí rátaí ar a gcuid iarrachtaí cosc a chur ar chomhartha sráide dátheangach do Chnoc Cois Coille i bPort an Dúnáin,” a dúirt sí.
“Is cur amú millteanach é sin ar tháillí dlí do chás cúirte nach raibh seans dá laghad aige an comhartha seo a stopadh, do shráid inar thacaigh móramh mór (67%) de chónaitheoirí leis an chomhartha, agus nach raibh ach 3% a chuir ina choinne. Chuaigh comhairleoirí Aontachtacha i gcoinne chritéir a bpolasaí féin, cé go mbíonn siad ar na meáin go laethúil faoi láthair ag maíomh nach gcuireann siad i gcoinne na comharthaíocht dátheangaí in áiteanna gur mian le tromlach na gcónaitheoirí sin. Ansin, chinn siad £92,000 a chaitheamh chun a gcinneadh a chosaint.”
Dúirt Nic Liam go raibh sé tráthúil go dtagann an scéal sé chun cinn ag an am céanna a bhfuil conspóid ann faoi dheireadh a bheith ag teacht le Tionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann ceal maoinithe.
Maoiniú £90,000 sa mbliain a bhí á fháil ag an tionscadal atá lonnaithe in Ollscoil na Banríona le beagnach dhá scór bliain ach fógraíodh an tseachtain seo caite go raibh deireadh á chur leis mar nach raibh maoiniú ar fáil. Tá sé ina raic idir Sinn Féin agus an DUP faoi cé is cúis leis an gcinneadh gan tuilleadh airgid a chur ar fáil. Tá sé séanta ag an Aire Pobal, Gordon Lyons ón DUP, gurbh eisean a rinne an cinneadh deireadh a chur leis an maoiniú.
“Feictear dúinn gur scéal é seo a bhaineann leis an DUP ag cur deireadh le £90,000 do Logainmneacha Gaeilge ar lámh amháin, agus ar an lámh eile, ag caitheamh agus ag cur amú £92,000 ag cur cosc ar chomhartha do shráid amháin – agus theip orthu fiú sin a dhéanamh,” a dúirt Nic Liam.
“Is cinnte go bhfeicfidh an pobal an patrún suntasach sin go soiléir. Dúinne, is léiriú é seo ar bhiogóideacht fhrith-Ghaeilge an DUP, atá sásta a seacht míle dícheall a dhéanamh chun stop a chur le forbairt na Gaeilge.”
Dúirt an tAire Geilleagair, Caoimhe Archibald ó Shinn Féin, an tseachtain seo go raibh sise chun teacht i gcabhair ar an tionscadal logainmneacha.
Níor thug an tAire aon sonraí breise maidir le céard a bheadh i gceist ach dúirt urlabhraí ón Roinn Geilleagair, atá freagrach as cúrsaí ardoideachais, go raibh “treoir tugtha ag an Aire Archibald d’oifigigh dul i dteagmháil leis an ollscoil chun a chinntiú gur féidir leanúint ar aghaidh le hobair an tionscadail.”
Tuairiscíodh san Irish News go ndearna oifigeach sa Roinn Pobal iarratas ar mhaoiniú £90,000 ón Roinn Airgeadais, a chuir maoiniú trí bliana ar fáil in 2023, chun an tionscadal a mhaoiniú ar feadh bliain eile.
Dúirt an Roinn Airgeadais le Tuairisc níos luaithe an tseachtain seo go raibh tuiscint ann gurb í an Roinn Pobal a bheadh ag maoiniú an tionscadail ó 2026 ar aghaidh.
Léirigh an Tionscadal Logainmneacha imní faoi chúrsaí maoinithe i dtuairisc a cuireadh faoi bhráid na Roinne Pobal mí na Samhna seo caite.







