Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

AN POD GAEILGE: An cuma le muintir na Gaeltachta agus aontachtaithe an Tuaiscirt faoi áit na Gaeilge sa phlé faoi ‘Éire Aontaithe’?

| ,

Tá ár gcomhfhreagraí sa Tuaisceart Póilín Ní Chiaráin in éineacht le Bridget, Pádraic agus Seán Tadhg ar eagrán na seachtaine seo de An Pod Gaeilge chun plé a dhéanamh ar thaighde nua atá foilsithe ag Conradh na Gaeilge faoi áit na teanga sa díospóireacht faoi ‘Éire Aontaithe’.

Pléitear chomh maith an chonspóid a bhain le deireadh a bheith curtha tionscadal na logainmneacha ó thuaidh. £90,000 a bhí i gceist ansin, an méid céanna airgid a chaith comhairle áitiúil ag cur i gcoinne comhartha dátheangach in Ard Mhacha.

Agus ar deireadh pléitear fógra an Aire Oideachais nach mbeidh aon scoil lán-Ghaeilge nua á tógáil as seo go ceann cúig bliana.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta