Tá impithe ag lucht feachtais ar bhuaiteoirí Ghradaim Alumni na Ollscoil na Gaillimhe gan glacadh lena ngradaim mar gheall ar cheangal na hollscoile le ollscoil taighde agus teicneolaíochta in Iosrael.
Bronnfar na gradaim Dé Sathairn beag seo ach níl liosta na mbuaiteoirí á chur ar fáil ag an ollscoil roimh ré mar atá déanta blianta eile.
Tuigtear do Tuairisc gurb í Deirdre Ní Choistín, ardstiúrthóir TG4 a roghnaíodh do ghradam na Gaeilge i mbliana, an gradam speisialta do dhaoine a d’fhreastail ar an ollscoil agus a rinne éacht ó thaobh na Gaeilge ina dhiaidh sin.
Maíonn grúpa feachtais san ollscoil, an Comhaontas in Aghaidh Cinedhíothú, gur d’fhonn tuilleadh conspóide a sheachaint a chinn an ollscoil gan liosta na mbuaiteoirí a fhógairt i mbliana, ach dúirt urlabhraí de chuid Ollscoil na Gaillimhe le Tuairisc gurb amhlaidh go bhfuil cur chuige poiblíochta nua ann do na gradaim i mbliana.
Bhí conspóid anuraidh ann nuair a a dhiúltaigh triúr – an t-aisteoir Olwen Fouéré, an tOllamh Kerby A Miller, agus an scannánóir Margo Harkin – do chéimeanna oinigh dochtúireachta mar gheall ar an mbaint leanúnach atá ag Ollscoil na Gaillimhe leis an institiúid in Iosrael.
Bronnfar na gradaim alumni ag ócáid speisialta a bheidh ar siúl i Halla Bailey Allen ar champas na hollscoile Dé Sathairn an 23 Bealtaine.
Deir an Ollscoil go ndéantar ceiliúradh trí na gradaim ar na “héachtaí” atá déanta ag “139,000 alumni ar fud an domhain”.
Bronnfar na gradaim in ocht gcatagóir ar fad, catagóir na Gaeilge ina measc. Ar na catagóirí eile beidh ‘Na Dána, an Litríocht agus an Léann Ceilteach’, ‘Gnó agus Tráchtáil’, ‘Dlí, Beartas Poiblí, agus Sochaí’, ‘Innealtóireacht, Altracht, agus Eolaíochtaí Sláinte’, ‘Spórt’, agus gradam speisialta ‘Ceannaire atá ag teacht chun cinn’ do chéimí a d’fhág an coláiste le cúig bliana déag anuas.
Tá léirsiú beartaithe ag Aontas na Mac Léinn agus an Comhaontas in Aghaidh Cinedhíothú don ócáid bhronnta mar chuid den fheachtas in aghaidh an cheangail atá ag Ollscoil na Gaillimhe le hOllscoil Technion in Iosrael.
Blianta eile d’fhógraítí buaiteoirí na ngradam tuairim is mí go leith roimh an mbronnadh agus ansin scaipfí grianghraif ón ócáid bhronnta ina diaidh.
Dúirt urlabhraí de chuid Ollscoil na Gaillimhe le Tuairisc go bhfuil an cur chuige sin athraithe i mbliana agus nach ndéanfar aon fhógra faoi na buaiteoirí go dtí go mbeidh na gradaim bronnta an deireadh seachtaine seo.
“Beidh an Ollscoil ag foilsiú phreasráiteas na nGradam Alumni i ndiaidh na hócáide i mbliana, ionas go mbeimid in ann grianghraif de na daoine a mbeidh na gradaim faighte acu a chur leis,” a dúirt an t-urlabhraí.
Is é seo an chéad bhliain nach ndearnadh réamhfhógra faoi na buaiteoirí. Maíonn an Comhaontas i gCoinne Cinedhíothú go bhfuil an chosúlacht ar an scéal nach bhfuil an Ollscoil “sásta” na buaiteoirí a ainmniú mar gheall ar chonspóid a bhain le gradaim eile a bronnadh anuraidh.
“Is cosúil gur de bharr an tseachtair ar fad a thug ar ais nó a dhiúltaigh a gcuid gradam le linn na bliana seo, mar agóid ar an gconradh leanúnach atá ag Ollscoil na Gaillimhe le Technion agus institiúidí eile de chuid Iosrael, nach bhfuil an Ollscoil sásta na buaiteoirí a ainmniú.
“Tugadh ar ais agus diúltaíodh idir Dhochtúireachtaí Oinigh agus an Gradam Nelson Mandela, agus tá Fondúireacht Nelson Mandela ag déanamh athmhachnaimh ar a nasc leis an Ollscoil de bharr na conspóide,” a dúradh i ráiteas a d’eisigh an eagraíocht.
Sheol an Comhaontas litir chuig an Ollscoil an tseachtain seo caite inar fiafraíodh tuige nach raibh liosta na mbuaiteoirí ar fáil roimh ré.
D’fhiafraigh an Comhaontas den ollscoil an raibh “eagla” ar bhainistíocht na hOllscoile go ngníomhódh na buaiteoirí “de réir a gcoinsiasa” dá mbeadh deis ag pobal na hOllscoile “teagmháil a dhéanamh leo”.
Tá conspóid le tamall faoi cheangal a bheith ag Ollscoil na Gaillimhe le Technion, ollscoil taighde agus teicneolaíochta in Iosrael a bhíonn ag obair le tionscal na n-arm in Iosrael agus le leithéid an mhórdhéantóra arm, Eilbet Systems.
Deir Ollscoil na Gaillimhe go bhfuil ceangal conartha orthu leanúint lena gcomhpháirtíocht le Technion agus na páirtnéirí eile atá ag plé leis an togra taighde ASTERIX a bhfuil sé mar aidhm aige bealaí a fhorbairt chun hidrigin a bhaint as an sáile.
Deir Ollscoil na Gaillimhe go bhfuil comhairle dlí faighte acu faoin gconradh taighde agus nach bhfuil sé i gceist aon chonradh a dhéanamh le hinstitiúidí in Iosrael.
Tuairiscíodh an mhí seo caite go raibh athbhreithniú á dhéanamh ag an Nelson Mandela Foundation ar an úsáid a bhaineann Ollscoil na Gaillimhe as ainm Nelson Mandela, an chéad uachtarán ar an Afraic Theas.
Lorg Tuairisc ráiteas ó Dheirdre Ní Choistín, ardstiúrthóir TG4, faoin scéal seo.







