Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Stoirm Dave chugainn deireadh seachtaine na Cásca

|

Ropfaidh gaoth láidir trasna na hÉireann ag an deireadh seachtaine agus an Stoirm Dave le teacht i dtír. Tá foláireamh buí gaoithe eisithe ag Met Éireann don tír ar fad.

Dúirt Met Éireann go mbeidh an ghaoth aniar aneas an-láidir, agus go n-athródh sí aniar faoi thráthnóna Dé Sathairn agus feothain mhóra agus gálaí ar an gcósta.

Beidh an foláireamh i bhfeidhm ó 3pm Dé Sathairn go dtí mean oíche.

D’fhéadfadh sé go dtitfeadh crainn agus craobhacha agus go mbrisfeadh tonnta thar chéanna agus ballaí, go mbeadh sé contúirteach a bheith ag tiomáint agus go séidfí earraí nach bhfuil ceangailte.

Dúirt Met Éireann go mbeidh aimsir bhriste ann deireadh seachtaine na Cásca, agus go mbeidh sé fliuch agus gaofar, ach gur Dé Sathairn a bheidh an ghaoth mhór ann, gaoth a thiocfaidh leis an mbáisteach throm atá geallta.

Tá foláireamh gaoithe eisithe freisin ag Oifig na haimsire sa Bhreatain fdon Tuaisceart, foláireamh a bheidh i bhfeidhm ó 2pm Dé Sathairn go dtí a 2am Dé Domhnaigh.

Déanfaidh an lá amárach, Aoine an Chéasta, lá deas réasúnta tirim agus an teocht idir 9º-14º, sula dtiocfaidh an foláireamh gaoithe i bhfeidhm Satharn Naofa.

Lá geal gaofar a bheidh ann Domhnach Cásca, an lá is fearr den deireadh seachtaine, ach beidh gaoth mhór ann Luan Cásca.

Aimsir bhriste atá geallta don chuid eile de Sheachtain na Cásca.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta