Tá praghas na hola tite faoi bhun $100 an bairille arís tar éis d’Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald Trump sos cogaidh a fhógairt sa chogadh leis an Iaráin.
Íslíodh praghas na hamhola ar innéacs Brent agus WTI araon aréir nuair a gheall an Iaráin go gcinnteodh sé bealach sábháilte do thancaeir ola trí Chaolas Hormuz – bealach caol farraige idir Murascaill na Peirse agus Murascaill Óman a bhí nach mór dúnta ag an Iaráin ó chuir na Stáit Aontaithe agus Iosrael tús lena n-ionsaithe i mí Feabhra.
Bhí Brent ag $94 maidin inniu, anuas ó $110 inné, agus bhí WTI ag $97. Tá praghas na hamhola fós i bhfad níos airde ná mar a bhí sular cuireadh tús leis an gcogadh sa Mheánoirthear.
Dúirt Trump ar a shuíomh meán sóisialta féin, Truth Social, aréir go mbeadh sos cogaidh i bhfeidhm ‘ar an dá thaobh’ ar feadh coicíse agus go n-osclófaí Caolas Hormuz “ina iomláine, láithreach bonn agus go sábháilte”. Mhaígh Uachtarán Mheiriceá go raibh spriocanna míleata na Stát Aontaithe sáraithe cheana féin agus go bhfuil dul chun cinn mór déanta maidir le comhaontú síochána leis an Iaráin.
“Tá beagnach gach aon cheann de na cnámha spairne éagsúla a bhí ann san am a caitheadh réitithe anois idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráin, ach ligfidh tréimhse coicíse dúinn an Comhaontú a thabhairt chun críche.
“Thar ceann Stáit Aontaithe Mheiriceá, mar Uachtarán, agus mar ionadaí ar Thíortha an Mheánoirthir, is onóir é an fhadhb fhadtéarmach seo a thabhairt chun críche,” a dúirt Trump.
Dheimhnigh Aire Gnóthaí Eachtracha na hIaráine, Abbas Araqchi, go n-éireodh an tír sin as ionsaithe a dhéanamh ar thíortha eile sa Mheánoirthear a fhad is a stopfadh na hionsaithe ar an Iaráin agus gur ag an Iaráin a bheadh smacht ar Chaolas Hormuz.
Tá cuireadh tugtha ag Príomhaire na Pacastáine, Shehbaz Sharif, do thoscaireachtaí ó Mheiriceá agus ón Iaráin teacht go Islamabad ag deireadh na seachtaine le “comhaontú críochnúil” a shocrú.
“Tá gaois agus tuiscint ar leith léirithe ag an dá pháirtí agus níor staon siad de chur chun cinn dearfach na síochána agus na seasmhachta. Tá muid ag súil go mór go n-éireoidh le ‘Cainteanna Islamabad’ síocháin inbhuanaithe a bhaint amach agus táimid ag iarraidh tuilleadh dea-scéalta a roinnt sna laethanta atá amach romhainn,” a dúirt Sharif.







