Tá cosaint déanta ag an Taoiseach Micheál Martin ar chur chuige an rialtais maidir le tuilleadh scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú ar fud na tíre.
Tá sé luaite sa chlár rialtais go mbunóidh an rialtas Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí nuair in áiteanna a bhfuil éileamh orthu ach tá imní léirithe ag lucht feachtais nach bhfuil sé i gceist an gealltanas sin a chomhlíonadh.
Nuair a cheistigh Tuairisc an Taoiseach, ag oscailt oifigiúil Champas Íosagáin i mBaile Bhuirne an tseachtain seo a chuaigh thart, dúirt sé nach raibh sé “fíor in aon chor,” nach bhfuil an rialtas “i bhfabhar Gaelscoileanna agus i bhfabhar Gaelcholáistí nua” a bhunú.
Dúirt sé, go dtug sé féin “tacaíocht do Ghaelscoileanna agus do Ghaelcholáistí” i rith a shaol polaitíochta.
“Ní dóigh liom go bhfuil sé féaráilte nó ionraic a rá go bhfuilimid i gcoinne Gaelcholáistí nua nó nach bhfuil sé ar intinn againn cead a thabhairt do Ghaelcholáistí nua. Ní hé sin an scéal in aon chor.”
Bhí súil ann go mbeadh sprioc chun tuilleadh scoileanna lán-Ghaeilge a thógáil luaite sa Pholasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais ag deireadh na bliana seo caite ach níor gealladh ach go mbunófaí tascfhórsa nua le breathnú ar an soláthar oideachais lán-Ghaeilge.
Dúirt an Foras Pátrúnachta, an pátrún is mó ar ghaelscoileanna sa stát agus foras a bhfuil ionadaíocht aige ar an tascfhórsa, go bhfuil an chuma ar an scéal cheana féin nach bhfuil sé i gceist ag an Roinn Oideachais aon Ghaelcholáiste nua a thógáil.
I dtuarascáil a foilsíodh in 2022, dúirt an Roinn Oideachais nach mbeadh ann ach “deiseanna teoranta” scoileanna lán-Ghaeilge nua a bhunú toisc go mbeidh laghdú ag teacht ar líon na ndaltaí a bheidh cláraithe i bhformhór mór na limistéar pleanála scoile sa stát sna blianta beaga amach romhainn.
Tá imní ar lucht an Ghaeloideachais go bhfuil an Roinn ag iarraidh leanúint le múnla an aonaid lán-Ghaeilge, cé gur moladh i dtaighde a choimisiúnaigh an Roinn féin nár chóir aonaid Ghaeilge a bhunú i scoileanna Béarla feasta.
Mar fhreagra ar cheist Tuairisc, dúirt an Taoiseach go raibh “modhanna eile” ann chun oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil agus go raibh an rialtas “solúbtha” agus “oscailte”. Luaigh an Taoiseach go sonrach Gaelcholáiste Choilm, aonad lán-Ghaeilge i gColáiste Choilm i mBaile an Chollaigh i gCorcaigh.
Nuair a d’fhiafraigh Sinn Féin den aire oideachais le gairid cén obair a bhí ar bun ag a roinn chun bearnaí sa soláthar oideachais lán-Ghaeilge a líonadh, dúirt an tAire Hildegarde Naughton nach raibh formhór mór na nGaelcholáistí ar fud na tíre lán, fiú i gceantair ina raibh brú ó thaobh daonra de.
Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, nach raibh i gcaint an aire ach “leithscéal” le neamhaird a dhéanamh ar na feachtais atá ann ar son Gaelcholáistí nua.
De réir na pobalbhreithe, Dearcadh an Phobail i Leith na Gaeilge agus na Gaeltachta’, a rinne an comhlacht Amárach Research, le gairid, thug 49% de dhaoine le fios go roghnóidís an t-oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí dá mbeadh a leithéid ar fáil ina gceantar.
Léirigh torthaí an tSuirbhé Náisiúnta Bunscoile gur mhaith le 13% de thuismitheoirí a bhfuil a ngasúir i scoileanna lán-Bhéarla teanga teagaisc na scoile a athrú go Gaeilge.
Léiríonn anailís a rinne Tuairisc an mhí seo caite go bhfuil níos lú ná 5.9% de dhaltaí scoile sa stát ag freastal ar bhunscoil nó ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge, figiúr atá níos ísle ná mar a bhí i gceist in aon bhliain ó 2013.







