D’éirigh le beagnach 90% de na hiarratais pleanála a rinneadh ar thithe a thógáil sa nGaeltacht ó 2024, de réir figiúirí nua.
Léiríonn na figiúirí, atá curtha ar fáil ag Roinn na Gaeltachta do Tuairisc, go n-éiríonn le formhór mór na n-iarratas pleanála tithíochta a dhéantar sa nGaeltacht.
De réir na bhfigiúirí, rinneadh beagnach 2,000 iarratas pleanála chun teach a thógáil sna ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre idir tús 2024 agus mí an Mhárta 2026.
D’éirigh le 1,763 (88%) de na hiarratais seo agus diúltaíodh do 231 (12%) díobh.
Níl aon sonraí tugtha sna figiúirí a cuireadh ar fáil maidir le cén fáth gur diúltaíodh d’iarratais ná ar líon na n-iarratas a tarraingíodh siar le linn an phróisis pleanála.
Dúirt urlabhraí ón Roinn go bhféadfadh iarratais aonair ar chead pleanála do níos mó ná aonad tithíochta amháin a bheith san áireamh i gcuid de na figiúirí.
Deir lucht feachtais go bhfuil easpa tithíochta, deacrachtaí pleanála agus praghsanna arda ag cruthú deacrachtaí do dhaoine óga agus teaghlaigh atá ag iarraidh cur fúthu sa nGaeltacht. Deirtear go bhfuil todhchaí na teanga á chur i mbaol dá bharr.
As na seacht gcontae Gaeltachta, is i nGaillimh a rinneadh an líon is mó iarratais. Rinneadh 809 iarratas ar chead pleanála i nGaeltacht na Gaillimhe sa tréimhse thuas agus d’éirigh le 81% de na hiarratais sin.
Bhí ráta ceadaithe 75% ag an 371 iarratas a rinneadh leis na húdaráis áitiúla i nGaillimh in 2024 agus d’ardaigh sé sin go dtí 86% anuraidh nuair a d’éirigh le 324 as an 376 iarratas ar chead pleanála a rinneadh sa nGaeltacht le linn 2025. Bronnadh cead pleanála ar 85% de na hiarratais a rinneadh sa gcéad ráithe i mbliana.
Nuair a bhí ionadaithe ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe os comhair Choiste Títhíochta an Oireachtais an mhí seo caite, dúradh go léirigh an ráta íseal diúltaithe go mbíonn “caighdeán ard” ag baint leis na hiarratais ar chead pleanála a chuirtear faoina mbráid agus go mbíonn an treoir a thugtar d’iarrthóirí cead pleanála “soiléir”.
Dúradh go mbíonn trí mhórchúis le diúltú cead pleanála i gceantair Ghaeltachta i nGaillimh le dhá bhliain anuas: athchóiriú “míchuí” ar fhoirgnimh thalmhaíochta nó iascaigh le hiad a ligean go gearrthéarmach; easpa eolais ar Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe; agus easpa sonraí sna pleananna faoi chúrsaí uisce agus dramhuisce.
D’éirigh le gach ceann de na naoi n-iarratas ar chead pleanála chun teach a thógáil i nGaeltacht na Mí ó thús 2024 agus bhí ráta ceadaithe os cionn 90% i gceist i nDún na nGall (95%), Maigh Eo (94%) agus Ciarraí (92%) chomh maith.
I nDún na nGall, d’éirigh le 97% den 321 iarratas a rinneadh le Comhairle Contae Dhún na nGall anuraidh chun teach a thógáil i gceantar Gaeltachta. Níor diúltaíodh ach do 11 den 321 iarratas sin le linn 2025. D’éirigh le 325 as 350 iarratas in 2024.
I Maigh Eo, bhronn an t-údarás áitiúil cead pleanála ar 221 den 236 iarratas a rinneadh i gceantar Gaeltachta idir 2024 agus mí an Mhárta i mbliana.
D’éirigh le 92% den 182 iarratas a rinneadh i gCiarraí le linn na tréimhse céanna. Níor diúltaíodh ach do naoi gcinn den 102 iarratas a rinneadh sa nGaeltacht i gCiarraí in 2024 agus diúltaíodh do sé cinn den 79 iarratas a rinneadh ar an gcomhairle contae anuraidh.
I gCorcaigh, d’éirigh le 50 den 57 iarratas (88%) a rinneadh i gceantair Ghaeltachta an chontae sin ó thús 2024.
| Iarratais ar Chead Pleanála sa nGaeltacht 2024-2025 | ||||
|---|---|---|---|---|
| Contae | Iomlán | Ceadaithe | Diúltaithe | Ráta Ceadaithe |
| Gaillimh | 809 | 656 | 153 | 81% |
| Dún na nGall* | 671 | 635 | 36 | 95% |
| Maigh Eo | 236 | 221 | 15 | 94% |
| An Mhí | 9 | 9 | 0 | 100% |
| Port Láirge | 30 | 25 | 5 | 83% |
| Ciarraí | 182 | 167 | 15 | 92% |
| Corcaigh | 57 | 50 | 7 | 88% |
| Iomlán | 1,994 | 1,763 | 231 | 88% |
| *Níor cuireadh figiúirí do 2026 ar fáil | ||||
Bhí an ráta ceadaithe d’iarratais i nGaeltacht Phort Láirge i measc na gcinn ab ísle, 83%, ach mar sin féin, ó thús 2024, níor dhiúltaigh Comhairle Contae agus Cathrach Phort Láirge ach do chúig cinn den 30 iarratas ar chead pleanála sa Ghaeltacht.
Dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta gur bailíodh na sonraí maidir le hiarratais phleanála sa nGaeltacht mar ullmhúchán do chruinniú a bhí ag ionadaithe ón Roinn le Coiste Tithíochta an Oireachtais le gairid. Bhain an cruinniú sin le cúrsaí pleanála sa nGaeltacht
Dúirt an t-urlabhraí go léiríonn na figiúirí “go bhfuil ag éirí le tromlach an-ard na n-iarratasóirí ar chead pleanála sa Ghaeltacht cead a fháil chun tithíocht a fhorbairt”.
Dúradh go bhfuil Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag obair le chéile “ar bhonn leanúnach” chun tacú leis an soláthar tithíochta sa nGaeltacht.
Rinneadh tagairt freisin den éileamh atá sa nGaeltacht ar scéim deontais chun tithe tréigthe a athchóiriú. Dúradh éirigh eolas a cuireadh ar fáil cheana gur éirigh le breis is 300 iarratas ar an Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh a bhain le tithe sa nGaeltacht ó cuireadh tús leis an scéim in 2022 agus go raibh €13 milliún de dheontais ceadaithe mar thoradh ar na hiarratais sin.







