Tá agóid beartaithe inniu ag an ngrúpa Misneach in Ollscoil na Gaillimhe mar gheall ar an scéal nach mbeidh an Ghaeilge riachtanach don té a cheapfar ina leas-uachtarán agus meabhránaí ar an ollscoil.
Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo, tá post an Leas-Uachtaráin agus Meabhránaí, an dara post is sinsearaí san ollscoil, fógartha ar shuíomh na hollscoile agus an Ghaeilge líofa luaite mar cháilíocht a bheadh “inmhianaithe” ag iarrthóirí seachas í a bheith riachtanach.
Beidh an té a cheapfar freagrach as “forbairt agus cur i bhfeidhm straitéis Gaeilge” na hollscoile agus beidh Oifigeach Gaeilge na hollscoile, Caroline Ní Fhlatharta, ag freagairt dó.
Deir Misneach go bhfuil “torthaí” na gcinntí a rinneadh san ollscoil le cúpla bliain anuas an riachtanas Gaeilge a bhaint de phoist shinsearacha san institiúid le feiceáil anois.
“Ba mhaith leis an ollscoil í féin a bhrandáil mar ollscoil dhátheangach ach faoi láthair tá sí ag creimeadh a caighdeáin Gaeilge ag an mbarr. Tá Misneach ag eagrú agóid i gcoinne an mhéid seo…chun ár míshástacht a léiriú le cur i leith na hollscoile ó thaobh na Gaeilge agus chun an Ghaeilge a chur ar ais mar riachtanas do phoist shinsearacha,” a dúirt urlabhraí de chuid an ghrúpa feachtais.
Idir an dá linn, chuir Sinn Féin ceist ar an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais faoin scéal sa Dáil le deireanas.
Is ag fanacht ar fhreagra ar a cheist acuireadh ar an Aire James Lawless atá urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh. Deir Ó Snodaigh nach mbeidh inniúlacht sa Ghaeilge ag an bhfoireann atá “freagrach as an nGaeilge san ollscoil” agus go bhfuil stádas na teanga á “ísliú” ann le tamall anuas.
“An aithníonn [an tAire Lawless] go bhfuil ísliú stádais tugtha don Ghaeilge san ollscoil le roinnt blianta anuas, agus an bhfuil sé i gceist aige aon ghníomh a ghlacadh chun stádas na Gaeilge san ollscoil a threisiú?” a d’fhiafraigh Ó Snodaigh den Aire Lawless.
Dúirt sé gur chóir don Aire Bille an Choláiste Ollscoile, Gaillimh 2017 “a chur i bhfeidhm” le dul i ngleic le ceist na Gaeilge san ollscoil dhátheangach.







