Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

87% de thuismitheoirí ag iarraidh an Béarla a choinneáil mar theanga theagaisc a ngasúr de réir shuirbhé na Roinne Oideachais

|

B’fhearr le 87% de thuismitheoirí a bhfuil a ngasúir i scoileanna lán-Bhéarla an teanga sin a choinneáil mar “phríomhtheanga theagaisc”, de réir thorthaí an tSuirbhé Náisiúnta Bunscoile a rinne an Roinn Oideachais anuraidh.

Ghlac breis agus 3,200 scoil páirt sa suirbhé inar cuireadh ceisteanna a bhain le héiteas sainchreideamh na scoileanna, teanga theagasic na scoileanna, agus an scaradh inscne sna scoileanna.

Mhaígh an Roinn Oideachais inniu go dtugann na figiúirí ón suirbhé “léargas ginearálta” ar mhianta na dtuismitheoirí a bhfuil leanaí acu sa bhunscoil ar leibhéal náisiúnta agus ag leibhéal an chontae.

Dúradh in anailís na Roinne ar thorthaí an tsuirbhé gur léiríodh gurbh é mian na dtuismitheoirí agus na gcaomhnóirí go bhfanfadh “an Béarla mar phríomhtheanga theagaisc” i mbunscoileanna a dhéanann a gcuid teagaisc den chuid is mó i mBéarla.

Ba iad contae Mhuineacháin agus contae Phort Láirge an dá chontae ba mhó a bhí ag iarraidh an Béarla a choinneáil mar theanga theagaisc sna bunscoileanna agus 88.8% d’fhreagróirí an tsuirbhé sna contaetha sin in aghaidh a scoil a iompú ina Gaelscoil.

Bhí céatadáin os cionn an mheáin sa Longfoirt (88.4%), i Corcaigh (87.8%), i gCill Dara (87.5%), i Laois (87.5%), i Liatroim (87.6%), i Luimneach (87.6%), in Uíbh Fhailí, agus san Iarmhí (88%).

Bhí na céatadáin sna contaetha eile os cionn 80% freisin ach faoi bhun an mheáin (87%): Cill Mhantáin (86.9%); Loch Garman (86.8%); Tiobraid Árann (86.9%); Sligeach (84.7%); Ros Comáin (85.9%); an Mhí (86.8%); Maigh Eo (85.8%); Lú (86.7%); Cill Chainnigh (86.3%); Ciarraí (84.9%); Gaillimh (85.5%); Baile Átha Cliath 86.6%); Dún na nGall (85.3%); an Cábhán (84.7%); agus Ceatharlach (85.9%).

Ba i gcontae an Chláir a bhí an t-éileamh ba mhó ar athrú teanga theagaisc – theastaigh ó an Clár 15.2% de thuismitheoirí agus caomhnóirí an chontae sin go n-iompófaí scoil a ngasúr ina scoil lán-Ghaeilge.

Dúradh go mbeadh an Roinn “ag leanúint ar aghaidh” le hanailís “mhionsonraiteh” ar thorthaí an tuisrbhí agus go bhfuil tuairiscí “a bhaineann go sainiúil le gach bunscoil” á n-ullmhú acu.

Gheobhaidh gach bunscoil tuairisc shainiúil dá scoil féin i mí na Bealtaine agus tabharfar “eolas soiléir” dóibh “faoi na céimeanna a d’fhéadfadh a bheith le glacadh” ag an scoil sa chás gur léiríodh “éileamh ar athrú”.

Tugadh tuairimí na dtuismitheoirí a bhfuil a gclann ar scoil cheana féin agus tuairimí tuismitheoirí a bhfuil clann óg acu a bheidh ar scoil sna blianta amach romhainn san áireamh agus an suirbhé á dhéanamh.

Fuarthas 241,301 freagra ar an suirbhé agus, tar éis “próiseas bailíochtaithe”, deimhníodh go raibh 200,381, nó 83% acu, bailí agus 40,920 neamhbhailí.

Tháinig formhór na n-aighneachtaí neambhailí chun cinn mar gheall ar iontrálacha dúblacha a bhain le hÉirchóid a úsáideadh cheana féin chun freagra a chur isteach.

Measadh go raibh “sciar níos lú” neamhbhailí toisc nárbh fhéidir an tÉirchód a luadh sna haighneachtaí a “nascadh leis na foinsí sonraí riaracháin ábhartha a dheimhneodh go raibh leanaí in aois scoile nó níos óige sa teach. Bhí cuid de na hÉirchóid a luadh leis na haighneachtaí neamhbhailí ó thaobh struchtúr de.

Tá torthaí an tsuirbhé bunaithe ar na freagraí bailithe a thug an 41.3% de na theaghaigh incháilithe go léir a d’fhreagair an suirbhé.

Léirigh Teachtaí Dála agus eagraíochtaí Gaeilge imní nuair a seoladh an suirbhé an bhliain seo caite faoi chur chuige na Roinne Oideachais i leith na ceiste faoin oideachas lán-Ghaeilge sa suirbhé.

Maíodh ag cruinniú de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge anuraidh go raibh an baol ann go mbeadh an suirbhé claonta i gcoinne na Gaeilge.

Dúirt an Teachta Dála Naoise Ó Cearúil ag an gcruinniú sin i mí Dheireadh Fómhair gur geall le “treoircheist i gcoinne iompú isteach ina Gaelscoil nó ina Gaelcholáiste” a bhí sa cheist faoin teanga theagaisc sa suirbhé.

Thuar Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, ag an gcruinniú céanna gur “beag seans” go mbeadh “toradh dearfach ann don Ghaelscolaíocht” mura n-athrófaí an cheist.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta