Thug fear óg as Árainn i gcontae na Gaillimhe léargas i dTeach Laighean inné ar na fadhbanna a bhaineann le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht agus ar an drochthionchar a bhíonn aige seo ar chúrsaí teanga, fostaíochta agus oideachais in Árainn.
Bhí Luke Ó Floinn, as Árainn, ar dhuine de thriúr cainteoirí óga a labhair os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge sa Dáil inné.
Pléadh na seirbhísí poiblí dátheangacha atá de dhíobháil ar dhaoine óga chun a saol a chaitheamh trí Ghaeilge agus thagair na cainteoirí ar fad do na dúshláin is mó atá feicthe acu féin.
Dúirt Luke Ó Floinn, a bhí páirteach sa phlé go bhfuil “daoine le páistí óga atá ag iarraidh cur fúthu in Árainn [agus] ag iarraidh teach a thógáil ar thalamh a sinsir,” ach nach dtig leo é sin a dhéanamh.
“[Tá] múinteoirí, leictreoirí, iascairí, postanna atá ag teastáil go géar uainn uilig, imithe ón oileán mar gheall nach féidir le daoine teach a thógáil,” a dúirt sé.
Dúirt sé go bhfuil sé “fíordheacair áit chónaithe a fháil in Árainn mar gheall ar chead pleanála” agus go bhfuil “an dochar” a bhaineann leis an chead pleanála ar na hoileáin feicthe aige féin “leis na blianta”.
Luaigh sé nach raibh “mórán eolais” aige ar chúrsaí pleanála go ginearálta, ach thagair sé do chúpla cás a bhain lena chuid gaolta féin agus ar an drochthionchar a bhí ag na deacrachtaí a bhí acusan le cúrsaí pleanála in Árainn.
“Bhí ar mo chol ceathrar agus a clann an t-oileán a fhágáil mar gheall ar dheacrachtaí pleanála. Sin tríúr páistí imithe ón oileán, páistí a tógadh trí Ghaeilge atá imithe óna gcairde agus óna muintir.”
“D’fhág siad a ngnólacht rathúil, Bláth na Mara, ina ndiaidh chomh maith. Ag baint fheamainne a bhí siad, traidisiún a bhí sa chlann acu feadh na nglúnta. Ní hamháin go bhfuil an stair agus an traidisiúin sin ag dul in éag, ach go bhfuil roinnt postanna caillte ag muintir na háite, m’uncail san áireamh.”
Thagair sé fosta, do chol ceathrar eile leis as Árainn, ar diúltaíodh cead pleanála di in 2020 nuair a fuair sí “comhairle mhíchruinn” faoi shuíomh ar an oileán a chosain €5,500 uirthi.
Dúirt sé go raibh a chol ceathrar “ag tabhairt aire dá leaid óg agus ag íoc cíosa ar theach ar feadh dhá bhliain go dtí gur tugadh 10 lá di leis an teach a fhágáil”, mar go raibh na húinéirí chun AirBnB a dhéanamh as.
“Níor tháinig réiteach ar a scéal” agus tá sí “fós ag streachailt,” a dúirt sé.
“Bhí uirthi seal a chaitheamh le clann, agus ó shin tá sí ina cónaí lena máthair agus a deartháir atá faoi mhíchumas, an ceathrar acu sa teach atá róbheag dóibh agus í sa chóras ar feadh sé bliana ag fanacht ar áit chónaithe di féin.”
Dúirt Ó Floinn nach iad a mhuintir féin amháin atá ag snámh in éadan in tsrutha agus nach “in Árainn amháin atá na scéalta seo le cloisteáil”.
Dúirt sé go “gcaillfear post i ndiaidh poist go dtí go mbeidh sé dodhéanta do dhuine ar bith cónaí a dhéanamh in Árainn”. Mhaígh sé nach mbeidh “todhchaí don phobal ná don teanga ann” agus nach mbeidh “na scoileanna [ábalta] fanacht ar oscailt, murar féidir le daoine cur fúthu sa mbaile”.
Luaigh sé an tábhacht a bhaineann le scoileanna, go háirithe bunscoileanna na tíre seo chun cuidiú leis an Ghaeilge bláthú agus dúirt sé go bhfuil Scoil Eoghanachta ar Inis Mór ag streachailt i gcónaí mar gheall ar líon na ndaltaí atá sa scoil.
“Más ag iarraidh go dtiocfaidh fás ar an nGaeilge atá muid, caithfidh muid aghaidh a thabhairt ar na scoileanna, na bunscoileanna go háirithe. Tá siad [Scoil Eoghanachta] ag streachailt le daltaí a fháil chun an scoil a choinneáil oscailte le tamall anuas.”
I measc na gcainteoirí eile a labhair ag an chruinniú, bhí Eimear Nic Conurchoille as Béal Feirste agus Sadhbh Ní Fheargháil as contae na Mí.
Dúirt Nic Conurchoille gur easpa Gaelcholáistí an bac is mó atá roimh dhaoine óga sa tuaisceart agus nach bhfuil ann do dhéagóirí Bhéal Feirste ach an t-aon ghaelcholáiste amháin, Coláiste Feirste ar Bhóthar na bhFál.
Luaigh sí gur mhaith léi go mbeadh an Ghaeilge níos feiceálaí ar chomharthaí sa tuaisceart “ar na sráideanna agus ar achan seirbhís phoiblí mar atá i bPoblacht na hÉireann”. Dúirt sí go bhfuil sí ag súil go n-oibreoidh rialtas na hÉireann “in éineacht le Stormont chun é seo a bhaint amach don phobal”.
Thagair Ní Fheargháil don easpa bunscoileanna lán-Ghaeilge i bPoblacht na hÉireann agus dúirt sí go raibh go leor cairde aici “ar theastaigh uathu freastal ar bhunscoileanna agus meánscoileanna lán-Ghaeilge ach [nach] raibh siad inrochtana dóibh”.
Dúirt sí go gcreidtear “nach múintear” an Ghaeilge go maith “mar theanga i scoileanna Béarla,” agus go bhfuil sé deacair ar dhaoine “a ngrá dá dteanga a mhúscailt” gan deis acu oideachas a fháil trí Ghaeilge.