Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Naoi gCeist ar Chiara Ní É


Tugann Ciara Ní É, @miseciara ar Instagram, freagraí dúinn anseo ar ár gceistneoir Naoi gCeist, atá bunaithe ar mhúnla an Cheistneora Proust.

Is file, aisteoir agus duine lán cruthaitheach í Ciara. Is bunaitheoir REIC agus comhbhunaitheoir AerachAiteachGaelach í, chomh maith.


Cathain a bhíonn tú is sona sásta?

Táim thíos faoin tuath le scata mór Gael… siúlóidí, sána & snámh san fharraige i rith an lae, ansin dinnéar blasta, le scéalta is amhránaíocht cois tine istoíche. Neamh!

Céard é an shó is mó ar a gcaitheann tú d’airgead? 

Bím cúramach go leor le hairgead ach nuair a chuirfidh sé feabhas mór ar an gcaighdeán is fiú é a chaitheamh – bia ceart, lóistín compordach, eitiltí ag amanna oiriúnacha…. agus ó thaobh na dtáirgí de, “ceannaigh drochrud agus bí gan aon rud”.

Cén tréith is tábhachtaí duit i gcara?

Cruthaitheacht! Níl deireadh leis!

Cén focail nó nathanna cainte a úsáideann tú rómhinic?

Dorn san aer do na Gaeil!

Ainmnigh cúpla rud a chuireann isteach ort?

Go bhfuil mo chuid ama ar thalamh an domhain srianta sa chaoi nach féidir liom mo chuid oibre uilig a dhéanamh agus am a chaitheamh le mo chairde is teaghlach, agus taisteal ar fud an domhain agus scileanna nua a fhorbairt agus codladh go headartha gach lá.

Dá bhféadfá rud amháin a athrú fút féin, céard a roghnófá?

Ba mhaith liom a bheith in ann codladh am agus áit ar bith a d’oirfeadh sé dom

Cén duine a mhaireann an bhfuil an meas is mó agat orthu?

Tá an iomarca daoine ag teacht chun cuimhne! Déarfaidh mé máithreacha trí chéile, cá mbeimís dá n-uireasa?

Cé hiad na húdair/an leabhar is fearr leat?

Ní féidir liom ceisteanna mar seo a fhreagairt go cruinn riamh, mar go n-athraíonn mo fhreagra go rialta. Le déanaí bhíos an-tógtha le A Little Life le Hanya Yanagihara, agus Heartstopper, aistrithe go Gaeilge ag Eoin McEvoy.

Céard é an ceacht is tábhachtaí atá foghlamtha agat faoin saol go dtí seo?

Glac bog an saol agus glacfaidh an saol bog tú.

Go raibh míle maith ag Ciara as a cuid freagraí suimiúla.


Is féidir coimeád suas le Ciara ar Instagram anseo

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta