Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Mór an náire’ é nach bhfuil aon tagairt don Ghaeilge i straitéis náisiúnta dhigiteach nua

 Tá cáineadh déanta ar an Rialtas as gan aon tagairt a dhéanamh don Ghaeilge sa straitéis náisiúnta dhigiteach agus AI.

Tá sé i gceist ag Conradh na Gaeilge teagmháil a dhéanamh leis an Rialtas faoin neamhaird atá déanta den Ghaeilge agus den Ghaeilge sa straitéis náisiúnta dhigiteach nua a foilsíodh an tseachtain seo caite.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha, le Tuairisc gur “mór an náire” é nach bhfuil tagairt do ról na Gaeilge sa saol digiteach sa cháipéis National Digital and AI Strategy a sheol Roinn an Taoisigh an. Is i mBéarla amháin atá an cháipéis féin ar fáil.

“Tá Roinn na Gaeltachta ag obair ar na rudaí seo freisin, shílfeá go mbeadh [an straitéis] ag teacht leis an obair sin. Beidh an Conradh ag labhairt leis an Rialtas faoi seo, mura bhfuil muid mar pháirt san fhorbairt ar an ábhar seo, fágfar an teanga taobh thiar.

“Is gá go mbeadh sí san áireamh sa chur chuige. Cibé cén rud faoi úsáid na hintleachta saorga i réimsí éagsúla, tá an oiread sin féidearthachtaí ann nach féidir neamhaird mar seo a dhéanamh uirthi.

“Bhí mé ag caint le tuismitheoirí a raibh páistí le riachtanais bhreise acu nach mbíonn in ann uirlisí agus ábhar a fháil i nGaeilge, rudaí a bhíonn ar fáil do dhaoine eile mar gheall ar an AI,” a dúirt de Spáinn.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Naoise Ó Cearúil le Tuairisc nach é an National Digital and AI Strategy an “áit is oiriúnaí” le déileáil le ceist na Gaeilge sa ré nua dhigiteach.

“Ní raibh an straitéis sin ag breathnú ar ghnéithe éagsúla ar nós na Gaeilge nó daoine le míchumas, bhí sé ag breathnú ar conas a bhíonn an stát ag déileáil le rudaí digiteacha. Ní hin an áit is oiriúnaí le déileáil leis.

“Tá Foras na Gaeilge ag déanamh obair ar an Intleacht Shaorga, tá roinnt rudaí ar siúl acu, agus tá an tÚdarás [Údarás na Gaeltachta] ag plé leis freisin. Níor labhair mé leis an bhForas faoi le cúpla mí anuas, níl mé cinnte cá bhfuil siad anois, ach labhróidh mé arís leo,” a dúirt Ó Cearúil, atá ina chathaoirleach ar Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta, agus Phobal Labhartha na Gaeilge i dTithe an Oireachtais.

Dúirt sé gur “chóir” don Rialtas breathnú ar shamhail mhór teanga a chruthú don Ghaeilge agus go bhfuil a leithéid déanta ag tíortha eile a bhfuil teanga dá gcuid féin acu. Dúirt sé, áfach, go gcaithfí cuimhneamh freisin ar an gcostas a bhainfeadh lena leithéid de thogra agus na rudaí a d’fhéadfaí a dhéanamh leis.

“Rud éigin is cóir don stát breathnú air ná LLM don Ghaeilge. Níl sé chomh simplí sin lena rá gur chóir don stát LLM a chruthú, ach tá sé feicthe againn i dtíortha beaga éagsúla – Singeapór, an Albáin, agus an Eastóin – go bhfuil cúpla tír tar éis é a dhéanamh.

“Ba chóir dúinn breathnú air sin, an costas a bhainfeadh lena dhéanamh agus cé a bheadh i gceannas air. Ní dóigh liom go bhfuil an taithí againn mar stát ná ag aon Roinn chun é a chruthú. Bheadh orainn obair le comhlacht príobháideach ar nós Open AI nó Google,” a dúirt Ó Cearúil, a bhfuil stoc aige sa chomhlacht intleachta saorga Gong.

“Caithfimid breathnú an féidir leis an stát é a chruthú. Bhí mé ag breathnú air seo thart ar sé mhí ó shin, ní rabhas in ann mórán dul chun cinn a dhéanamh leis. Nílim cinnte cén costas a bhainfeadh leis, ná conas a dhéanfar é, ach an príomhrud atá ann ná go mbeadh seirbhísí an stáit ar fáil go digiteach faoi 2030,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Cearúil gur chóir go mbeadh na seirbhísí sin ar fáil “trí Ghaeilge, ní hamháin trí Bhéarla” agus go mbeadh “cosaint an tsaoránaigh agus cosaint a sonraí” an-tábhachtach.

“Is cóir dúinn an intleacht shaorga a úsáid san earnáil phoiblí áiteanna ar féidir linn, le ham a shábháil chomh maith, ach caithfimid é sin a dhéanamh go sábháilte,” a dúirt sé.

Sheol an t-iarAire Gaeltachta Catherine Martin Plean Digiteach don Ghaeilge sa bhliain 2022 – thart ar an am céanna a seoladh an chéad leagan den uirlis Chat-GPT go poiblí ach sula raibh cleachtadh ag an bpobal uirthi. Luaitear an intleacht shaorga sa Plean Digiteach ach tá fás as cuimse tagtha uirthi sna trí bliana atá imithe tharainn ó foilsíodh an cháipéis.

Níl aon tagairt don Phlean Digiteach don Ghaeilge i bplean náisiúnta nua an rialtais.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta