Tá méadú tagtha ar líon na n-ainmneacha Gaeilge atá á dtabhairt ar bhuachaillí agus ar chailíní, de réir eolais nua atá curtha ar fáil ag an bPríomh-Oifig Staidrimh.
Tá 24 ainm Gaeilge ar liosta an 100 ainm is mó tóir do bhuachaillí do 2025, agus 17 ainm atá ar liosta na gcailíní. Is méadú é sin ar an 19 n-ainm a bhí ar an liosta do bhuachaillí in 2024. Tá sé ainm Gaeilge i measc na ndeich n-ainm is coitianta ar liosta na mbuachaillí agus trí cinn ar liosta na gcailíní.
Ar bharr liosta na mbuachaillí ar fad, bhí an t-ainm ‘Rían’ ar leagan éigin é den ainm Gaeilge ‘Rian’. Is é ‘Rian’ an litriú cruinn i nGaeilge an lae inniu ar an ainm ‘Riaghan’, ainm a bhí ar dhuine de thaoisigh Ghaelacha an cheantair Uí Dróna (Idrone) i gCeatharlach. Is uaidh sin a tháinig an sloinne coitianta ‘Ó Riain’, nó ‘Ryan’.
Bhí ‘Rían’ sa tríú háit ar liosta na bliana seo caite ach anois is é an t-ainm is coitianta a thugtar ar bhuachaillí in Éirinn. Níl an leagan ceart Gaeilge den ainm – ‘Rian’ nó ‘Riaghan’ gan síneadh fada – ar an liosta ar chor ar bith.
Ba é ‘Éabha’ an t-ainm Gaeilge is mó a tugadh ar chailíní beaga in 2025 agus é sa dara háit ar an mórliosta, taobh thiar den ainm ‘Lily’ – ar leagan ceana é den ainm ‘Elizabeth’.
Ba iad ‘Oisín’ (5ú háit), ‘Fionn’ (6ú háit), ‘Liam’ (7ú háit), ‘Tadhg’ (8ú háit) agus ‘Cillian’ (9ú háit) na cúig ainm Gaeilge eile a bhí i measc na ndeich n-ainm ba choitianta ar bhuachaillí anuraidh.
Ní raibh ach dhá ainm Gaeilge eile i measc na ndeich n-ainm ba mhó ar liosta na gcailíní – ‘Fiadh’ agus ‘Éala’. Bhí leagan eile den ainm ‘Fiadh’ – ceann a bhfuil síneadh fada bradach ann amhail ‘Rían’ – níos ísle ar liosta na bliana seo freisin: ‘Fíadh’.
Tá an t-ainm ‘Éala’ tar éis léimt go hard ar liosta na n-ainmneacha a thugtar ar chailíní le blianta beaga anuas – ainm nach mbíodh rian de le fáil ar na liostaí cúpla bliain ó shin. Tá an t-idirlíon breac le mífhaisnéis faoin ainm – an mhífhíric is mó ná gurb é an t-ainm Gaeilge atá ar an éan Cygnus. Ar ndóigh, sin í an ‘eala’ – focal nach bhfuil síneadh fada ann.
Tá an t-ainm ‘Éle’ le fáil sa tSean-Ghaeilge, agus deirtear linn san fhinscéal Táin Bó Cuailgne go raibh sí ar dhuine de dheirfiúracha Mhéabh Chonnacht. Luaitear cúigear deirfiúracha sa scéal sin – Deirbhre, Clothra, Eithne, Mughain, agus Éile.
Tá an focal le fáil i logainmneacha freisin. Is é Durlas Éile an ceann is cáiliúla, seans, ach tá Baile Caisleáin Éile, Barr Éile, agus Éile Uí Fhógarta ann freisin. Tá carachtar eile sa mhiotaseolaíocht – atá difriúil le deirfiúr Mhéabh Connacht – darb ainm ‘Éile freisin. Bean sí a bhí inti sin.
Ach i gcás na dtrí ainm thuas, is ‘L’ caol seachas ‘L’ leathan is ceart a bheith ann. Ní léir, mar sin, cé as a dtáinig an leagan ‘Éala’, murar mílitriú ar ‘eala’ nó ‘Éile’ é.
Ar liosta na gcailíní, san 80ú háit ar an mórliosta agus sa 14ú ar an liosta Gaeilge, bhí an t-ainm ‘Ríadh’. Ní léir bunús an ainm seo, a bhfuil cruth na Gaeilge air, ach an oiread. Seans gur iarracht atá ann an t-ainm ‘Rian’ a chur in oiriúint do chailín tríd an iarmhír ‘-a’ (atá coitianta sa Laidin: Julius > Julia) a chur leis.
Tá briseadh síos tugtha ag an bPríomh-Oifig Staidrimh de réir an chontae freisin. Bhí ainm Gaeilge ar bharr an liosta do chailíní i naoi gcinn de na contaetha agus ar bharr an liosta do bhuachaillí i 17 gcontae.
Bhí ‘Éabha’ ar bharr an liosta i Maigh Eo, Ros Comáin, an Clár, Corcaigh, agus Cill Chainnigh. ‘Saoirse’ a bhí ann i Liatroim, ‘Fiadh’ i gcathair Phort Láirge, agus ‘Cara’ i gCeatharlach.
Bhí ‘Rían’ ar bharr an liosta i Maigh Eo, an Clár, Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge, Loch Garman, Cill Mhantáin, Ceatharlach, Muineachán, an Cabhán, Uíbh Fhailí, agus Tiobraid Árann. Ba é ‘Oisín’ ba choitianta i gcathair na Gaillimhe agus i gcathair Phort Láirge, ‘Páidí’ i gcontae Phort Láirge, ‘Liam’ i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin agus i gCill Dara, agus ‘Fionn’ san Iarmhí.
Tá borradh beag faoi na hainmneacha ceana freisin i mbliana – leaganacha atá ciorraithe nó beagán difriúil leis na bunleaganacha. Mar shampla, bhí an t-ainm ‘Páidí’ sa 12ú háit ar an mórliosta agus ba é an seachtú hainm ar an liosta Gaeilge. Leagan ceana den ainm ‘Pádraig’ is ea ‘Páidí. Tá an t-ainm ‘Teidí’, ar leagan ceana den ainm ‘Éamonn’ é, ag bun an liosta mhóir ar fad ag uimhir a 99.
| Aimn | ||
|---|---|---|
| Rían | 1 | 490 |
| Oisín | 5 | 331 |
| Fionn | 6 | 321 |
| Liam | 7 | 313 |
| Tadhg | 8 | 286 |
| Cillian | 9 | 271 |
| Páidí | 12 | 239 |
| Seán | 23 | 185 |
| Oscar | 31 | 149 |
| Cian | 33 | 142 |
| Éabha | 2 | 294 |
| Fiadh | 3 | 273 |
| Éala | 10 | 209 |
| Saoirse | 17 | 209 |
| Róisín | 29 | 135 |
| Caoimhe | 31 | 130 |
| Sadhbh | 32 | 129 |
| Aoife | 34 | 131 |
| Méabh | 38 | 116 |