Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

DIALANN TUAIRISC: Gradaim nua do na polaiteoirí is mó a chuir le siamsaíocht Sheachtain na Gaeilge sa Dáil…

|

An DT don Mhaíomh is Aistí a Cuireadh i Láthair go Neamhchúiseach mar Fhíric

Naoise Ó Cearúil (FF).

‘Tá níos mó daoine anois ag labhairt na Gaeilge ná riamh i stair na tíre seo.’


An DT don Scéilín Beag gur Chosúil go bhfuil Pointe Mór Tábhachtach ann ach go mb’fhéidir Nach Bhfuil

Barry Ward (FG) dá scéilín ‘Fear AXA’…

‘Bhíomar ag labhairt as Gaeilge le chéile nuair a tháinig an fear ó AXA ar ais ar an nguthán. Bhí orm dul ar ais go dtí an glaoch gutháin. Bhí an fear in AXA ag obair i nDoire agus lean sé ar aghaidh leis an gcomhrá liom as Gaeilge.

‘Fiú go raibh sé ag obair ar son comhlachta agus é i nDoire, bhí sé in ann leanúint ar aghaidh leis an gcomhrá as Gaeilge. Sin an láidreacht a bhaineann leis an nGaeilge. Sin an nádúrthacht a bhaineann leis an nGaeilge.’


An DT don Té is Dearfaí i mBun Brí a Bhaint as a bhfuil ann d’Fhianaise Dhuairc Shochtheangeolaíochta faoin nGaeilge

John Connolly (FF)

‘Mar a dúirt an tAire níos luaithe, tá Gaeilge ag chuile dhuine. Tá Gaeilge mhaith ag formhór an daonra.’


An DT don Té is Diongbháilte A Sheas an Fód in Aghaidh na Fianaise Go dtí nach bhféadfadh sé í a Shéanadh Níos Mó

John Connolly (FF)

‘Tá orm a bheith go hiomlán ionraic faoi rud amháin. Tá sách imní orm do thodhchaí na Gaeltachta,’ arsa John ag deireadh a phíosa cainte.

Tá na moltóirí buíoch de John as sin a roinnt, linn, agus meabhraítear dá chomhghleacaithe go léir gur spás sábháilte an Dáil más suim le haon duine eile acu ualach na fírinne a chur dá gcroí.


An DT don TÉ is Lú a Léirigh Meas ar Dhosháraitheacht Ghrúpa WhatsApp na mBuachaillí

Barry Heneghan (NS)

Ghabh Barry buíochas le hAodhán Ó Deá, Julian de Spáinn agus Pádraig Mac Brádaigh ó Chonradh na Gaeilge ‘as an obair ar fad atá déanta ag an triúr acu’.

‘Tá grúpa WhatsApp againn agus táim i gcónaí ag cur ceisteanna isteach ionas go mbeidh an ceart agam sna rudaí atá á rá agam,’ arsa Barry.

Nár dheas dá mbeadh cairde mar sin againn go léir?


An DT don Té is Mó a Léirigh Iontas gur Féidir le Muintir na Gaeltachta fiú na Rudaí is Tábhachtaí sa Saol a Dhéanamh ina dTeanga Féin

Danny Healy-Rae (NS)

‘Everything they do is through Irish – add, subtract or whatever it is. They are very fluent,’ arsa Danny.

Agus cheap an file fadó gurb é an Béarla ‘the perfect language to sell pigs in’. 


An DT don Té is Mó A Chuir ar ár Súile Dúinn go bhféadfadh Stair na Gaeilge a bheith An-Difriúil ar Fad Murach Guagaíl na Cinniúna

Danny Healy-Rae arís.

‘At one time in the 1960s, we were supposed to be included in the Gaeltacht down as far as Morley’s Bridge. It never happened and I am sorry about that.’

Tusa agus sinn go léir, a Danny, tusa agus sinn go léir.


An DT don Té is Mínáirí agus is Loime i mBun Liostáil na nGaelscoileanna ina nDáilcheantar

Réada Cronin (SF) ar éirigh léi sa chatagóir is déine ó thaobh iomaíochta againn.

‘…Gaelscoileanna cosúil le Scoil Chearbhaill Uí Dhálaigh i Léim an Bhradáin agus Scoil Uí Riada i gCill Choca. Tá dhá bhunscoil agus meánscoil amháin i Maigh Nuad: Gaelscoil Uí Fhiaich, Gaelscoil Ruairí agus Gaelcholáiste Mhaigh Nuad. Tá Gaelscoil Nás na Ríogh agus Gaelcholáiste Chill Dara i Nás, agus táimid ag súil le Gaelscoil nua sna Solláin.’


An DT don Té Is Mó a Rabhamar Griogtha ag na Leideanna a Thug Sé dúinn go bhfuilimid ar tí Freagra a fháil ar Deireadh ar Cheist na Gaeilge

Paul Gogarty (NS)

‘Fuair mé ríomhphost ó dhalta a théann go dtí Coláiste Cois Life ag lorg freagra ar cad é an ardpholasaí atá againn faoin nGaeilge. Tá mé ag labhairt faoin ábhar sin anocht agus beidh mé ag teacht ar ais chuige freisin.’

Is túisce a bheimis ag súil go bhfaighimis míniú ar ‘ardpholasaí na Gaeilge’ ar phíosa tósta dóite ná gurb é Paul Gogarty a mhíneodh dúinn é, ach is ait an mac an saol.


An Té is Fearr ar Éirigh leis Guaim a Choinneáil air Féin agus a Mhianta don Teanga á Nochtadh Acu 

Aire na Gaeltachta, Dara Calleary (FF)

‘Ba bhreá liom dá mbeadh 20 duine sa Seomra seo ag úsáid Gaeilge an chéad bhliain eile. Bheadh sé sin iontach,’ arsa Dara Calleary.

Timpeall 20 Teachta Dála a labhraíonn de ghnáth nuair a bhíonn ráitis Sheachtain na Gaeilge ann agus 22 Teachta Dála a labhair i nGaeilge le linn ráiteas na bliana seo. An rud is annamh is iontach, mar sin, tá sprioc na bliana seo chugainn sáraithe cheana féin. Caithfidh gur rith sé leis an Aire gur trua nach mbíonn daoine i gcónaí chomh coimeádach céanna agus spriocanna don Ghaeilge á leagan síos. Nach trua, mar shampla, nach rabhthas níos coimeádaí nuair a dúradh gur Gaeilgeoirí a bheadh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi 2030?

Nó nuair a gealladh go mbeadh 250,000 duine sa stát ag labhairt na Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais faoin mbliain chéanna? 


An DT don Té is Mó ar Éirigh leo a Mhalairt Ghlan dá raibh á Bhraistint Againn Féin a Chur in Iúl

Louise O’ Reilley (SF)

‘Is breá liom Seachtain na Gaeilge. Is maith liom a bheith ag éisteacht le gach duine agus iad ag caint as Gaeilge. Tá Gaeilge álainn san Oireachtas seo.’

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta