Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Corn an Oireachtais ag Sean-Nós na Fearsaide

|

Is le Corn an Oireachtais – comórtas cór do Ghaelscoileanna – a cuireadh tús le Sean-Nós na Fearsaide in Áras Mhic Reachtain, Béal Feirste, ar na mallaibh.

Bhí cúig bhunscoil ó fud fad an Tuaiscirt páirteach sa chomórtas agus is iad Bunscoil Bheanna Boirche as Contae an Dún a bhain an corn i bliana.

Tá Sean-Nós na Fearsaide ag dul ar aghaidh ó bhí 2014 ann le comórtais sa tsean-nós, seoltaí leabhair agus ócáidí eile. Tá fás agus forbairt tagtha ar an fhéile i gcaitheamh na mblianta, go háirithe ó thaobh rannpháirtíocht i gCorn an Oireachtais.

Labhair muid le Daithí Mac Uait ó Áras Mhic Reachtain faoin bhorradh agus faoin atmaisféar beomhar a bhí san fhoirgneamh le linn na féile.

Is é an ceoltóir aitheanta Irial Ó Ceallaigh a bhí ag moltóireacht ag Corn an Oireachtais agus dinis sé dúinn faoin sárchaighdeán amhránaíochta a chonaic sé i measc na scoileanna, sin agus faoin obair chrua a chuireann múinteoirí, tuismitheoirí agus daoine áitiúla isteach chun imeachtaí mar seo a chur le chéile.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta