Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Chreid an lucht féachana i pé carachtar a chuir Petie os a gcomhair’ – an t-aisteoir aitheanta Peadar Ó Treasaigh ar shlí na fírinne

Tá an t-aisteoir Peadar Ó Treasaigh, as an Spidéal i nGaeltacht na Gaillimhe, ar shlí na fírinne.

Chaith Ó Treasaigh breis agus leathchéad bliain i mbun aisteoireachta ar an ardán, ar an scáileán beag, agus ar an scáileán mór agus bhí sé ar dhuine de na haisteoirí is aitheanta i saol na Gaeilge.

Seans gur mar gheall ar a ról mar an sagart, an tAthair Éamonn, i Ros na Rún a chuimhneodh lucht féachana teilifíse ar Ó Treasaigh, ról a bhí aige ar feadh tuairim is 20 bliain.

Ach bhí páirteanna, idir bheag agus mhór, aige i roinnt mhaith cláracha teilifíse agus scannán ó cuireadh tús ceart le tionscadal closamhairc na Gaeilge i lár na 1990idí.

Ba é a bhí i ról ‘Máirtín Crosach’ sa scannán bunaithe ar Cré na Cille a stiúir Bob Quinn in 2007, bhí sé sa scannán Kings a eisíodh an bhliain chéanna agus i ról ‘Micil Flaherty’, agus bhí sé ina shagart arís sa scannán An Bronntanas a tháinig amach in 2014. Ba é an scéalaí sa scannán beathaisnéise faoin amhránaí sean-nóis Joe Éinniú, A Song of Granite, a rinneadh in 2017 freisin.

Ó thaobh na teilifíse de, ba mhinic ar chláracha TG4 é. Chomh maith lena chuid oibre ar Ros na Rún, bhí róil ag Ó Treasaigh sa tsraith iomráiteach do dhéagóirí Aifric, agus bhí sé le feiceáil in Na Cloigne (2010), Seachtar na Cásca (2010), Scéal (2013), Corp + Anam (2014) agus An Klondike (2015). Ba é a léirigh an phearsa stairiúil Mícheál Ó Cathasaigh sa scannán faisnéise Murdair Mhám Trasna (2018) freisin.

Bhí Ó Treasaigh i gcliar an dráma Cúigear Chonamara leis an drámadóir Mícheál Ó Conghaile nuair a céadléiríodh é sin in 2003. Bhí sé in Go dTaga do Ríocht leis an drámadóir céanna in 2008, agus in Maum le Macdara Ó Fátharta in 2015.

Bhí aithne mhaith ar Ó Treasaigh ina bhaile dúchais mar gheall ar an bplé a bhí aige – idir aisteoireacht agus léiritheoireacht – leis an gcompántas áitiúil drámaíochta Aisteoirí an Spidéil. Bhí baint aige leis an gcompántas le caoga bliain anuas mar aisteoir, léiritheoir, agus dearthóir seiteanna.

Dúirt Aisteoirí an Spidéil i ráiteas a d’eisigh an compántas gur “údar mór bróin” dóibh bás Uí Threasaigh, fear a bhí ina “chara mór” ag an ngrúpa.

“An-aisteoir go deo a bhí ann, cuma cén ról: bhí an cumas ann an phearsa bharrúil ghealgháireach agus an phearsa dhorcha a chruthú. Chreid an lucht féachana go docht i bpé carachtar a chuir Petie os a gcomhair.

“B’aoibhinn a bheith ag obair leis ar dhráma. Bhí sé tacúil, spreagúil i gcónaí ag cuidiú le daoine an dúshlán a bhí rompu sa dráma a shárú. Bhí sé féin gairmiúil, críochnúil, pointeáilte agus breá sciobtha ag foghlaim línte!” a dúradh sa ráiteas.

Garraíodóir an ghairm bheatha a bhí ag Peadar Ó Treasaigh. Ba as Baile an Domhnalláin ar an Spidéal ó dhúchas é agus bhí cónaí air i mBaile Éamoinn sa cheantar céanna le fada. Maireann a bhean Máirín, a mac Máirtín, a n-iníon Orla, a dheartháireacha agus deirfiúracha, Máirtín, Pádraig, Mícheál, Eibhlín agus Máire.

Beidh sé á thórramh sa Chillín i mBearna tráthnóna inniu, Dé Máirt an 3 Márta, ón 4-6pm. Léifear Aifreann na sochraide amárach Dé Céadaoin, ag meán lae i gCill Éinde sa Spidéal agus cuirfear i Reilig Réalt na Mara sna Forbacha é.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta