Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Bóthar tugtha do thiománaí bus a chroch fógra ‘Béarla Amháin’ ina bus in Pennsylvania

|

Briseadh as a post tiománaí bus a chroch fógra ‘Béarla Amháin’ ina bus i stát Pennsylvania sna Stáit Aontaithe tar éis do dhaltaí scoile a bhí ar an mbus a bheith ag labhairt i Spáinnis.

Chroch Diane Crawford, a bhí ina tiománaí do Cheantar Scoile Chontae Juniata in Pennsylvania, fógra ar an mbus a bhí sí a thiomáint don chomhlacht Rohrer Bus Service inar mhaígh sí go raibh cosc ar labhairt na Spáinnise san fheithicil.

“Le meas a léiriú do dhaltaí aonteangacha Béarla, NÍ labhrófar Spáinnis ar an mbus seo!” a bhí scríofa ar an bhfógra.

Agus an cás á fhiosrú, thug Crawford le fios gur chuir sí an fógra sa bhus mar cheap sí go raibh daltaí ag déanamh bulaíochta ar a chéile i Spáinnis agus nach raibh sí féin in ann teacht rompu mar gheall nach bhfuil aici ach an Béarla. Dúirt sí gur chuala sí an focal ‘gorda’, a chiallíonn ‘bean ramhar’ agus “focail ghránna eile”.

Ach dúirt na daltaí féin nach raibh aon bhulaíocht ar bun i Spáinnis ná i mBéarla ar an mbus agus go raibh na daltaí a raibh an Spáinnis acu ag caint is ag comhrá eatarthu féin.

Dúirt duine de na daltaí gur cuireadh an fógra lámhscríofa in airde ar an mbus agus gur dúradh leis na daltaí dátheangacha go gcaithfeadh siad suí chun tosaigh. Dúirt sé gur labhair sé le príomhoide a scoile an lá ar crochadh an fógra agus gur sárú ar a gceart saoirse cainte a bhí ann.

Mhaígh an tiománaí gur cuireadh deireadh lena conradh an oíche i ndiaidh di an fógra a chrochadh sa bhus agus nár shuigh sí i gcathaoir an tiománaí ó shin.

Dúirt duine de na daltaí dátheangacha a bhí ar an mbus nuair a crochadh an fógra leis an nuacht áitiúil i gcontae Juniata go raibh iontas air gur tugadh bata agus bóthar don tiománaí agus gur shíl sé gur leor tréimhse fionraíochta mar phionós.

Dúirt sé go raibh sé “iomarcach” gur briseadh an tiománaí as a post ar fad agus gurbh fhearr leis dá mbeadh sí ag tiomáint an bhus arís. Dúirt sé gur ghoill an eachtra ar “gach duine” a bhí ar an mbus ach go raibh iontas air féin agus ar na daltaí eile nuair nár tháinig Crawford ar ais ag obair ar an mbus.

Dúirt sé nár láimhseáladh an gearán i gceart agus go bhféadfaí réiteach níos fearr a fháil ar an scéal.

“Ní dóigh liom gur cheart go mbrisfí as a post í. Is dóigh liom gur leor tréimhse ar fionraí agus ruainne traenála ach is dóigh liom go raibh sé iomarcach gur briseadh as a post í. Sháraigh an fógra mo chearta saoirse cainte, ach ag an am céanna, tá sé seo thar fóir,” a dúirt sé.

Dúirt sé go raibh sé de cheart ag Crawford labhairt leis na Spáinniseoir sular chroch sí aon fhógra go bhfeicfeadh sí an raibh aon bhulaíocht ar siúl agus gur chóir go mbeadh ruainne beag Spáinnise ar a laghad ag tiománaithe bus don scoil a bhfuil sé ag freastal uirthi.

“Is dóigh liom freisin gur cheart go mbeadh roinnt bheag Spáinnise g na tiománaithe bus ar a laghad le go mbeidís in ann smacht a choinneáil ar rudaí ar an mbus. Fiú mura dtuigfidh siad gach uile rud, tuigfidh siad roinnt agus beidh siad in ann prótacal éigin a leanacht,” a dúirt an dalta.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta