Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Athbhreithniú á dhéanamh ar ‘An Caighdeán Oifigiúil’

|

An Caighdeán Oifigiúil á athbhreithniú ag Tithe an Oireachtais agus súil acu an cháipéis thábhachtach Ghaeilge a “athleasú” i mbliana. Foilsíodh an leagan is deireanaí de An Caighdeán Oifigiúil sa bhliain 2017 – leagan “mionleasaithe” den cháipéis a foilsíodh an bhliain roimhe sin.

Mar chuid den phróiseas athbhreithnithe atá ar siúl faoi láthair, tá comhairliúchán poiblí á reáchtáil agus táthar ag iarraidh ar an bpobal a dtuairimí a thabhairt ar “inúsáideacht” an Chaighdeáin Oifigiúil.

“Ós rud é go ndearnadh grinn-athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil sa phróiseas deiridh, beidh na moltaí sa phróiseas seo dírithe ar leasuithe lena gcuirfear feabhas ar inúsáideacht an Chaighdeáin Oifigiúil trí chur le soiléireacht na rialacha,” a deirtear san fhógra a chuir Tithe an Oireachtais amach.

Ba í Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais a cheap an Caighdeán Oifigiúil an chéad lá riamh agus a d’fhoilsigh é sa bhliain 1958. Sa bhliain 2012, d’fhoilsigh an Rannóg leagan athbhreithnithe de agus scríobhadh sa réamhrá leis an eagrán sin go ndéanfaí athbhreithniú air i gceann trí bliana.

Bhain breis is bliain de mhoill le foilsiú an chéad athbhreithnithe eile sin a fhad is a bhí ceisteanna éagsúla gramadaí á bplé ag an gCoiste Comhairleach a bhí ina bhun. Nuair a bunaíodh an Coiste Comhairleach i mí Dheireadh Fómhair na bliana 2014, thug Rannóg an Aistriúcháin le fios go bhfoilseofaí an Caighdeán nua i mí Mhárta na bliana 2015. Bhí ocht gcruinniú le bheith ag Coiste Comhairleach an Chaighdeáin i dtús aimsire ach 18 cruinniú a bhí ann sa deireadh.

Sa réamhrá leis an leagan is déanaí den Chaighdeán deirtear gur “áis bhunriachtanach” é “maidir le cruinneas brí a bhaint amach i ndoiciméid oifigiúla – sa reachtaíocht, i gcáipéisí stáit, i dtéacsleabhair, i bpáipéir scrúdaithe etc – agus comhthuiscint oifigiúil a bhunú ar mhaithe le cumarsáid bheacht idir aonaid oifigiúla stáit agus an pobal”.

“Ní caighdeán oifigiúil le haghaidh na cainte atá i gceist ná ní séanadh ar an saibhreas teanga sna canúintí éagsúla é,” a deirtear.

Ní hionann, a mhaítear, gan foirm nó leagan a bheith sa Chaighdeán Oifigiúil “agus gan ceart na Gaeilge a bheith ag an bhfoirm nó ag an leagan sin”.

Tá fáilte curtha roimh an scéala go bhfuil athbhreithniú le déanamh ar An Caighdeán Oifigiúil ag daoine a bhíonn ag plé le cúrsaí teanga ar bhonn laethúil. Dúirt Sinéad Ní Ráinne, stiúrthóir an chomhlachta aistriúcháin Europus atá lonnaithe ar an gCeathrú Rua, gur “maith ann” an Caighdeán agus gur maith an rud é go bhfuil “soiléiriú” le déanamh ar roinnt rialacha.

“Ba feabhas é [ACO 2017] ar an gceann a bhí ann roimhe sin [ACO 2012]. Daoine nach mbíonn ag plé leis an nGaeilge fheidhmeach, bíonn drogall orthu roimh an gCaighdeán, ach is maith ann é i dtaobh cáipéisí oifigiúla de chuid an stáit.

“Bíonn soiléireacht i gceist ann nuair nach mbíonn daoine ag aontú ar rialacha [na teanga] agus má tá siad in ann tuilleadh soiléireachta agus tuilleadh samplaí de na rialacha a thabhairt, is maith ann aon athbhreithniú mar seo,” a dúirt Ní Ráinne.

Dúirt sí go bhfuil sé tábhachtach cuimhneamh gur “le haghaidh cáipéisí oifigiúla stáit” an Caighdeán agus nár cheart é “a bhrú anuas ar áiteacha nach bhfeileann sé” ach gur maith ann é dá leithéid a bhíonn ag plé go gairmiúil leis an nGaeilge.

Dúirt Ní Ráinne go bhfuil sí “an-sásta” go bhfuil an t-athbhreithniú ag teacht agus go bhfuil neamhréir ann idir an leagan a foilsíodh in 2017 agus cuid de na samplaí a thugtar sna “seanfhoinsí agus sna foinsí nua” – Foclóir Gaeilge-Béarla Néill Uí Dhónaill agus an Foclóir Nua a d’fhoilsigh foireann foclóireachta Fhoras na Gaeilge in 2020.

Dúirt Kevin Hickey, atá ina léachtóir le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, go gceapann sé go bhfuil sé go maith go mbeidh “deis ag an bpobal” aighneachtaí a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais agus an t-athbhreithniú ar bun ach go bhfuil leideanna maithe in áiteanna eile faoi leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar An Caighdeán Oifigiúil.

“Rud amháin a ritheann liom ná na moltaí atá déanta i leith na n-uimhreacha san Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge. An rud atá ann [sa Chaighdeán] anois ná ‘dhá bhosca mhóra’ agus ‘trí chathaoir mhóra’, ach tá cur chuige níos simplí san fhoclóir. ‘Dhá bhosca mór’ agus ‘trí chathaoir mhór’ atá ansin. Deirtear liom go bhfuil sé sin ag muintir Thír Chonaill go nádúrtha. An simpliú beag sin a bhaineann leis na huimhreacha, dhéanfadh sé leas,” a dúirt Hickey, a scríobhadh colún faoi ghnás na Gaeilge do Tuairisc.

Dúirt sé go gcaithfidh “rialacha daingne leanúnacha” a bheith i bhfeidhm sa Chaighdeán agus nach bhféadfaí a bheith ag súil go ndéanfadh riail ná eisceacht do gach gné de ghramadach na Gaeilge mar a labhraítear sna canúintí ar fad í.

“An rud eile, hata fhear an tí, tá an séimhiú sin sa chaint go cinnte, ach is nádúrtha leaganacha áirithe seachas a chéile. ‘Os comhair muintir an tí’ a bhí ag Máirtín Ó Cadhain, ach ar ndóigh bheadh séimhiú ar ‘mhuintir’ san abairt sin sa Chaighdeán. Le fírinne, ní fhéadfaí dul in aice le rudaí mar sin, caithfidh rialacha daingne leanúnacha a bheith ann,” a dúirt sé.

Dúirt Hickey go bhfuil cainteoirí dúchais na Gaeilge “ag dul i dtreo na bhfoirmeacha scartha” taobh amuigh de chúige Mumhan – “fiú san áit a mbíodh an fhoirm tháite go nádúrtha ag cainteoirí Chonnacht”. Dúirt sé gurbh fhiú do lucht an athbhreithnithe súil a chaitheamh ar na foirmeacha táite agus na foirmeacha scartha.

Is aistritheoir agus scríbhneoir é Antain Mac Lochlainn, duine eile a bhíodh ag scríobh faoi chúrsaí teanga do Tuairisc. Dúirt seisean gur “maith an rud” é go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh agus mhol do dhaoine a bhfuil an-spéis acu sa teanga páirt a ghlacadh sa phróiseas.

“Mholfainn do dhaoine a mbíonn na pointí gramadaí ag teacht idir iad agus codladh na hoíche aighneacht a chur isteach. An chuid is míshásúla faoin gCaighdeán faoi láthair ná na rialacha faoin séimhiú, ní thuigim cuid mhór acu agus ní thuigim cén bunús atá leo.

“Chuir siad go mór le liosta na bhfocal nach séimhítear ainmfhocail ina ndiaidh [leithéidí ‘roinn’, ‘scéim’, agus ‘rannóg’]. Níor éirigh liom riamh an leabhar iomlán a léamh, leabhar a d’fhoilsigh Mícheál Ó Cearúil faoin séimhiú. Bhí moltaí an-mhion ar fad faoi chuid de na rialacha nach raibh mórán céille leo – ba chóir aird a thabhairt ar an méid a scríobh Mícheál,” a dúirt Mac Lochlainn.

Cé go bhfuil sé luaite ag Rannóg an Aistriúcháin nach bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar na rialacha féin ach ar “inúsáideacht” an Chaighdeáin, dúirt Mac Lochlainn gur chóir don choiste a bheidh ag plé leis “gach rud” a chur san áireamh.

“Má tá ciall ar bith leis an bhfocal ‘athbhreithniú’ ba cheart gach rud a chur san áireamh ann agus san áit a bhfuil moladh le dealramh déanta in aighneacht aird a thabhairt air sin agus an cheist a phlé,” a dúirt sé.

Tá go dtí an 1 Bealtaine agus an bpobal aighneacht a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais faoin athbhreithniú atáthar a dhéanamh ar An Caighdeán Oifigiúil.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta