Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

AN POD GAEILGE: Paiste cainte ag Helen Ní Shé le John Deairbe Ó Flatharta: ‘Nuair a bhí mé trí lá d’aois tugadh amach ar an mbád mé le mé a bhaisteadh’

Ar an gCeathrú Rua atá Helen Ní Shé d’eagrán na seachtaine seo, mar ar bhuail sí le John Deairbe Ó Flatharta, bádóir agus fear farraige ó rugadh é.

Tá nach mór 40 bliain ann ó ritheadh an geall ó Árainn go Baile na nGall i gCorca Dhuibhne agus trí bhád mhóra ó Chonamara in iomaíocht le chéile – An Macdara, An Mac Duach agus an An American Mór. Ba le Tom Deairbe Ó Flatharta, deartháir John, An American Mór.

Tá cuimhní geala ag John féin ar an aistear ó dheas i 1987. Chuaigh Helen go dtí an Cheathrú Rua chun paiste cainte a dhéanamh leis faoin rás sin, faoin dúil a bhí aige i mbáid ó rugadh é i mbéal na farraige ar Inis Mhic Cionaith.

Labhraíonn siad faoi thraidisiún agus faoi cheard na mbád seoil, faoin bpléisiúr atá bainte ag John astu. Labhraíonn siad chomh maith faoi na blianta a chaith sé ag obair i Sasana agus i Meiriceá agus go leor eile.

Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta