Tá agóid faoi sheirbhís aeir Dhún na nGall a bhí le bheith ar siúl taobh amuigh de Theach Laighean inniu curtha siar coicís.
Coiste Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall a bhí leis an agóid a dhéanamh inniu faoi sheirbhís aeir PSO Dhún na nGall go Baile Átha Cliath.
D’eagraigh siad an agóid chun aird a tharraingt ar na fadhbanna a bhaineann leis an chonradh úr atá anois i bhfeidhm don tseirbhís aeir PSO.
D’fhág na hathruithe sa chonradh úr nach bhfuil eitiltí fillte lár an lae ó aerfort Dhún na nGall agus Bhaile Átha Cliath ag feidhmiú níos mó, rud a chuireann isteach go mór ar othair ailse i nDún na nGall.
Tráthnóna Dé hAoine, sheol an tAire Iompair, Darragh O’Brien, comhfhreagras chuig Coiste Eitiltí agus Seirbhísís Ailse Dhún na nGall.
Ina chomhfhreagras thagair sé don phlé leanúnach atá ar siúl chun an sceideal iomlán a bhí ann roimhe seo a athbhunú agus chun a chinntiú go mbeadh an t-eitleán á fhágáil thar oíche i nDún na nGall gach oíche feasta.
Dúirt an tAire go bhfuil “obair mhór” ar siúl chun réiteach a fháil ar an bhfadhb seo agus go bhfuil sé ag súil go mbeidh réiteach ar an scéal taobh istigh de choicís.
I ráiteas a d’eisigh Coiste Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall, dúirt siad nach ndearbhaíonn comhfhreagras an Aire “athbhunú na seirbhíse ina hiomláine ar bhealach ar bith” agus nach bhfuil “aon ghealltanas” tugtha maidir le hathbhunú na n-eitiltí ag am lóin.
Dúirt siad go bhfuil “easpa deimhneachta” ina chomhfhreagras agus nach léirítear ann “an chinnteacht riachtanach a theastaíonn go práinneach ó othair ailse, teaghlaigh agus pobail fud fad Dhún na nGall”.
“Ní thugann an comhfhreagras seo ón Aire aon fhreagraí substaintiúla, ná réiteach de chineál ar bith, ach ina áit sin, níl ann ach achoimre ar an nós imeachta atá ar siúl go dáta,” a dúirt siad.
Dúradh go bhfuil “fráma ama” an Aire tugtha faoi deara agus go bhfuil “dearbhú soiléir” de dhíobháil ar an choiste taobh istigh de choicís maidir le “hathbhunú na n-eitiltí ag am lóin, agus an t-eitleán a bheith lonnaithe thar oíche i nDún na nGall”.
Dúirt siad mura bhfaigheann siad an toradh atá uathu go mbeidh siad ag dul i mbun agóide taobh amuigh de Theach Laighean ar an 14 Aibreán.







