Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Údarás na Gaeltachta ag diúltú aon eolas a thabhairt faoi dhíolachán scaireanna ar €5 milliún

| ,

Níl Údarás na Gaeltachta sásta aon eolas ar chor ar bith a thabhairt faoi €5.2 milliún, a thug siad ar ais don státchiste in 2023 mar thoradh ar dhíolachán scaireanna.

Chuir Tuairisc sraith ceisteanna ar an Údarás faoin scéal, ach dhiúltaigh an eagraíocht fiú a rá an clásal rúndachta ba chúis lena gcinneadh gan aon sonraí a thabhairt faoi dhíolachán na scaireanna a bhí acu i gcliantchomhlacht nó cliantchomhlachtaí dá gcuid.

Chuir Tuairisc ceist ar an Údarás chomh maith an ndearna siad cás go gcoimeádfaí an t-airgead le caitheamh sa Ghaeltacht seachas é a thabhairt ar ais go dtí an státchiste ach níor freagraíodh an cheist sin ach oiread.

Deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, gur “cúis imní” é go bhfuil an tÚdarás “ag diúltú eolas a sholáthar” faoi dhíol na scaireanna €5.2 milliún agus nach bhfuil sásta a rá fiú “an bhfuil coinníoll rúndachta i gceist nó nach bhfuil”.

“Tá breis is €5 milliún i gceist, figiúir ana-shuntasach, go háirithe i gcomhthéacs na Gaeltachta, agus ní chóir go mbeadh rúndacht i gceist, ach ar chúis éigin is cosúil go bhfuil ainm an chomhlacht a díoladh faoi cheilt.”

Deir Ó Snodaigh go bhfuil ceisteanna Dála curtha faoi bhráid Aire Gaeltachta Dara Calleary aige maidir leis na scaireanna a dhíol an tÚdarás.

“Teastaíonn soiléiriú le práinn, agus tá súil agam go gcuirfidh an tAire Calleary agus an tÚdarás eolas ar fáil go luath,” a dúirt sé le Tuairisc.

Bhí tagairt do dhíol na scaireanna €5.218 milliún i dtuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a foilsíodh ag deireadh na bliana seo caite.

Luaitear díol na scaireanna sna Cuntais Leithreasa sa tuarascáil faoi ‘Fáltais bhreise is iníoctha leis an Státchiste’. Deirtear ansin gur thug an tÚdarás €5.218 milliún ar ais don státchiste in 2023 mar thoradh ar dhíolachán scaireanna.

Nuair a cheistigh Tuairisc an tÚdarás faoin eolas sin, ní raibh siad sásta fiú teideal an chomhlachta nó na comhlachtaí ar dhíol siad na scaireanna iontu a chur ar fáil.

Thairg urlabhraí ón Údarás do Tuairisc go bhfaigheadh sé amach an raibh clásal rúndachta ag baint leis an socrú maidir leis na scaireanna a dhíol ach sa deireadh diúltaíodh freisin an méid sin a nochtadh.

Ní bheadh an tÚdarás ag tabhairt aon eolas do Tuairisc faoin scéal, a dúradh. Maíodh go raibh eolas íogair tráchtála i gceist.

Rinne Tuairisc iarratas ar an eolas ina dhiaidh sin faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, ach diúltaíodh don iarratas sin chomh maith. Tá achomharc déanta ag Tuairisc faoin chinneadh sin.

Deir Aengus Ó Snodaigh nár chóir don Údarás eolas mar seo a choimeád faoi rún, go háirithe i bhfianaise na conspóide faoi dhíol an chomhlachta Arramara.

Coimeádadh ina rún docht ó 2013 sonraí faoin margadh a rinne Údarás na Gaeltachta faoi dhíol an chomhlacht feamainne Arramara leis an chomhlacht as Ceanada, Acadian Seaplants, in 2014.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús in 2015 bhí clásal rúndachta ag baint leis an margadh a dhein an tÚdarás le Acadian Seaplants, clásal ar cloíodh go daingean leis in ainneoin na n-iarrachtaí a dhein iriseoirí, polaiteoirí agus iomaitheoirí gnó sonraí an tsocraithe díolacháin a fháil amach.

Foilsíodh na mionsonraí faoi mhargadh Arramara ar Tuairisc in 2025.

Cé gur dhiúltaigh Oifig an Choimisinéara Faisnéise d’achomharc a rinne Nuacht TG4 maidir le cinneadh Údarás na Gaeltachta gan eolas a scaoileadh faoin gcomhaontú díolacháin i gcás Arramara, léirigh siad “imní mhór” agus amhras faoi chomhlachtaí poiblí amhail Údarás na Gaeltachta a bheith ag úsáid clásal rúndachta chun teacht timpeall ar dhualgais faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

Deir Aengus Ó Snodaigh go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag “diúltú don trédhearcacht arís” i gcás dhíol na scaireanna €5.2 milliún a luaitear sa tuarascáil is déanaí ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.

“Chuir Tuairisc ceisteanna fíorshimplí ar an Údarás, agus tar éis na rúndachta go léir, droch-chleachtas, a bhain le díolachán an chomhlachta feamainne Arramara leis an gcomhlacht as Ceanada Acadian Seaplants in 2014, rud a chuir imní ar Oifig an Choimisinéara Faisnéise, b’ait liom go bhfuil an tÚdarás fós ag diúltú don trédhearcacht,” a dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta