Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Tá an séipéilín beag fós ina sheasamh’ – sceitimíní faoi chuairt Foo Fighters ar an Daingean

| ,

“Glórmhar” agus glórach a bhí Foo Fighters in Eaglais Naomh Séamus sa Daingean oíche Dé Domhnaigh agus ceolchoirm speisialta tugtha ag ceann de na bannaí rac is mó ar domhan i gCorca Dhuibhne.

Ceithre scór duine ar a mhéad a d’fhreastail ar an ócáid, a eagraíodh faoi rún mar chuid den fhéile cheoil aitheanta Other Voices, atá ag ceiliúradh 25 bliain ar an bhfód.

“Oíche iontach a bhí ann,” a dúirt Philip King, a bhunaigh Other Voices agus a bhí lárnach in eagrú na hócáide ag an deireadh seachtaine. “Bhí lucht féachana iontach ann agus bhaineadar an-sult go deo as…bhí sceitimíní ar dhaoine.”

Is ar an Satharn a thosaigh ráflaí á scaipeadh ar na meáin shóisialta go raibh rud éigin ar bun agus leoraithe a bhíonn ag iompar trealamh Foo Fighters feicthe ar an tSráid Mhór i lár an bhaile ach is i bhfad roimhe sin a fuair King scéala go raibh suim ag Dave Grohl agus a chomrádaithe teacht go Corca Dhuibhne.

“Fuarthas ríomhphost réasúnta luath roimh an Nollaig ó Denis Desmond ó MCD, an promoter mór,” a dúirt King agus é ag labhairt ar An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Cuireadh King i dteagmháil le gníomhairí Foo Fighters thall i Meiriceá agus dúradh go rabhadar ag iarraidh ceolchoirm a thabhairt in Eaglais Naomh Séamus sa Daingean.

“Dúirt mise leo, ’An bhfuil a fhios agaibh anois nach féidir ach ceithre scór duine a chur isteach sa séipéilín beag seo?’

“Tháinig fear sall agus measuring tape aige agus chuaigh muid ag spaisteoireacht timpeall an tsuímh ar fad. Diaidh ar ndiaidh, dúirt siad ‘Táimid ag teacht’.”

Dúirt King go raibh sé fós “ábhairín beag amhrasach” go mbeadh ceann de na bannaí is mó ar domhan sásta teacht chuig an Daingean chun seinm os comhair ceithre scór duine ach tháinig dreamanna eile anall chun na socruithe a chinntiú agus tháinig an lá mór faoi dheireadh.

“Déardaoin seo caite, rinne siad taifeadadh ar [an Graham Norton Show ar an BBC] agus ar an Aoine, de tháinig road crew, 30 acu, go dtí an Daingean. Ansin tháinig an banna ceoil ar an Satharn, isteach ar an jet go dtí an Fearann Fuar.

“Shiúil siad isteach sa séipéilín beag ar a cúig a chlog tráthnóna Dé Sathairn agus bhí a fhios agam ansin cinnte, tá na leaids anseo agus beidh muid in ann an rud léiriú agus a chur le chéile.”

Dúirt King gur “daoine áille, séimhe, cneasta” iad Grohl agus an chuid eile den bhanna.

Tá cúpla cuairt ar a laghad tugtha ag Grohl ar Chiarraí. Dúirt Grohl le linn na ceolchoirme Dé Domhnaigh go raibh sé i gCiarraí den chéad uair ag tús na nóchaidí lena mháthair agus a dheirfiúr agus ba ar thuras eile chun an Ríochta, mar atá inste cheana aige, a spreagadh é chun banna nua a bhunú i ndiaidh bhás Kurt Cobain.

Tá na milliúin ceirnín díolta ó bunaíodh Foo Fighters breis is 30 bliain ó shin agus ceolchoirmeacha tugtha acu ar fud an domhain ach dúirt Grohl gurb é ceann an Domhnaigh an chéad cheann acu i séipéal.

“Bhí time iontach acu,” a dúirt King dúirt agus go raibh “an séipéilín beag fós ina sheasamh,” tar éis do Foo Fighters taispeántas lán fuinnimh a thabhairt.

“Tá an-taithí againn rudaí a bheith glórmhar istigh sa séipéal beag. Bhí an t-atmaisféar dochreidte. Bhí an glór ard ach ní raibh sé ró-ard. D’éirigh go han-mhaith leo.”

Don chuid eile againn nach raibh i láthair, rinneadh taifeadadh ar an gceolchoirm ach dúirt King go bhfuil sé le socrú go fóill cén uair agus cén chaoi a gcuirfear os comhair an phobail é.

“Beidh rud ar fáil, cinnte, cinnte.”

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta