Tá “soiléiriú práinneach agus láithreach” á lorg ag Cumann Gaelach Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste faoi “fhaillí” na hinstitiúide i leith na Gaeilge.
Tá an soiléiriú iarrtha ar Leas-Seansailéir na hollscoile, an tOllamh Ian Greer, mar gheall ar an éagóir a deirtear atá déanta ag an ollscoil ar an teanga ina Straitéis do Chomhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú 2026-2029.
Maíonn an Cumann Gaelach nach “leagtar amach na dlúthchéimeanna a bhaineann le coimitmintí na hollscoile i leith chur chun cinn na Gaeilge” sa cháipéis agus nach féidir glacadh leis nach bhfuil “tagairt ná soláthar ar bith” don Ghaeilge sa straitéis.
“Tá neamhréir ann idir focal na dréacht-straitéise agus focal na hollscoile féin, a d’admhaigh in 2022 gur príomhbheartas de chuid na hollscoile é cur chun cinn na Gaeilge,” a dúradh i ráiteas a chuir an Cumann amach.
Dúirt an Cumann go gcreideann siad go raibh sé “faillitheach” gur foilsíodh an straitéis gan comhairle an Choimisinéara nua Gaeilge Pól Deeds a lorg agus go bhfuil beag is fiú déanta d’Oifig an Choimisinéara ag an ollscoil.
“Cé gur thaispeáin Ollscoil na Banríona go bhfuil siad sásta cruinniú siombalach a bheith acu leis an Choimisinéir chun dea-chuma a chur orthu féin sna meáin, creideann an Cumann Gaelach, ní hamháin gur faillí é an straitéis seo a fhoilsiú gan comhairle an Choimisinéara a lorg, ach go mbaineann sé seo an bonn den tábhacht agus de riachtanas Oifig an Choimisinéara agus den Choimisinéir é féin,” a dúradh.
Chuir an Cumann Gaelach i leith lucht bainistíochta na hollscoile go bhfuil siad “fós amhrasach” faoin nGaeilge agus go ndéanann siad “gan náire, a ndícheall an Ghaeilge a choinneáil sna seomraí ranga agus sna hallaí céilí”.
“Is léir go bhfuil an ollscoil fós daingean ina tiomantas do champas aonteangach a dhéanann neamhaird de stádas oifigiúil na Gaeilge agus de phobal beo bríomhar Gaeilge atá faoi bhláth ar fud an champais agus ar fud na cathrach.
“Léiriú leanúnach é ar institiúid a scrios an Ghaeilge óna ballaí i 1997 agus nár éirigh léi í a chur ar ais le scór blianta go leith is ea an drogall atá ar an ollscoil polasaí Gaeilge a chur i bhfeidhm,” a dúradh.
Tá baill an Chumainn Ghaelaigh ag iarraidh “soiléiriú práinneach” ón Ollamh Ian Greer agus ó ardbhainistíocht na hollscoile maidir le stádas na Gaeilge “mar phríomhbheartas acu”.
“Ba cheart agus ba chóir amlíne shoiléir ionraic thrédhearcach a leagan amach go poiblí maidir le forbairt agus cur i bhfeidhm polasaí cuimsitheach Gaeilge,” a dúradh sa ráiteas ón gCumann.
Dúirt an tOllamh Greer ina réamhrá don cháipéis From Inclusion to Impact: Equality, Diversity & Inclusion Strategy (2026-2029) go bhfuil “bród as cuimse” air as an dea-cháil atá ar Ollscoil na Banríona maidir leis an gcomhionannas, an éagsúlacht, agus an ionchuimsitheacht.
Dúirt sé go gcaithfí iarracht leanúnach a dhéanamh agus beartais ar leith a chur i gcrích chun an comhionannas a chinntiú.
Ní luaitear an Ghaeilge oiread is uair amháin sa cháipéis 22 leathanach.