Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Seoladh an leabhair ‘Sí’ le Seán Ó Muireagáin

|

Seoladh an t-úrscéal Sí’ le SeáÓ Muireagáin i gCathair Ard Mhacha ar na mallaibh. Is é seo an chéad úrscéal atá scríofa ag an scríbhneoir, ealaíontóir agus ceoltóir. Tá dhá leabhar gearrscéalta scríofa aige go dtí seoGáire in Éag’ agus Bádh B’fhéidir’, leabhair a raibh rath orthu.

Leanann an scéal triúr ban atá lonnaithe i gceantar tuaithe, Cnoc Fola, i gcontae Dhún na nGall agus rún dorcha acu nach féidir leo a roinnt leis an phobal. De réir mar a bhogann an plota ar aghaidh, athraíonn an luas agus titeann neart eachtraí agus tubáistí amach. Tá ceisteanna casta á bplé sa scéal seo atá ábharach don lá inniu, téamaí ar nós ionsaithe ar mhná agus a ndúnmharú, agus ar an easpa tuisceana agus comhbhá maidir leis an fhadhb sa phobal mhór.

Dfhreastail Meon Eile ar an tseoladh in Aonach Mhacha an tseachtain seo caite, áit ar labhair muid le Seán féin faoin úrscéal, an spreagadh taobh thiar de agus an próiseas scríbhneoireachta a chleacht sé.

Is é Éabhlóid a d’fhoilsigh ‘Sí’ agus is féidir é a cheannach ó An Ceathrú Póilí anseo

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta