Pádraic Ó Ciardha
Tá sé tugtha le fios ag oifigigh ón Roinn Leanaí go bhfuiltear ag obair ar scéim aitheantais do naíonraí Gaeilge mar chuid de phlean náisiúnta don teanga sa luathoideachas ach níl aon soiléireacht ann maidir le cén uair a fhoilseofar an plean.
Agus é ag labhairt le Coiste Oireachtais na Gaeilge, dúirt Toby Wolfe, Príomhoifigeach sa Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, go raibh an plean náisiúnta le foilsiú “i mbliana, sna míonna amach romhainn”.
Tá caint ar an bplean ó bhí 2018 ann agus an obair ar é a fhorbairt tosaithe in 2023. Bhí sé i gceist go bhfoilseofaí an plean roimh dheireadh 2024 ach táthar ag fanacht go fóill air.
Ghéill Toby Wolfe go raibh ullmhú an phlean ag tógáil níos faide ná mar a bhí beartaithe ach dúirt sé go raibh próiseas cuimsitheach comhairliúcháin curtha i gcrích agus go rabhthas anois ag lorg tacaíochta ranna rialtais eile chun an plean a chur i bhfeidhm.
Dúirt Wolfe gur léiríodh go leor tacaíochta le linn an chomhairliúcháin do scéim aitheantais do naíonraí agus naíolanna atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge agus go raibh an Roinn anois ag gníomhú ar an gceist áirithe sin.
Faoi láthair, níl aon chóras ag an Stát le naíonraí lán-Ghaeilge a aithint. Tá an eagraíocht Gaeloideachas ina measc siúd a deir go bhfuil a leithéid de scéim ag teastáil chun go mbeadh a fhios ag tuismitheoirí go bhfuil an tumoideachas á chleachtadh i suíomh.
Bunaíodh scéim aitheantais do scoileanna Gaeltachta mar chuid den Pholasaí don Oideachas Gaeltachta atá anois ag feidhmiú ó 2017.
Dúradh ag an gcruinniú i dTeach Laighean go bhfuil 192 seirbhís luathbhlianta sa stát a thugann le fios go bhfeidhmíonn siad go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Is ionann sin agus thart ar 4% de líon iomlán na seirbhísí, a dúradh. Is sa nGaeltacht atá 84 den 192 sin agus tá 108 eile lasmuigh den Ghaeltacht.
Tugann an Roinn Leanaí an maoiniú céanna do sheirbhísí a sholáthraítear trí mheán na Gaeilge agus trí mheán an Bhéarla ach dúradh ag an gcruinniú go bhfuil sé aitheanta ag an Roinn gur gá tuilleadh tacaíochta a thabhairt don earnáil Ghaeilge.
Pléadh freisin ag an gcruinniú an scéal go bhfuil 30 naíonra ag feidhmiú i mBéarla sa nGaeltacht.
Dúirt Comhar Naíonraí na Gaeltachta an tseachtain seo caite go raibh airgead á chaitheamh ag an eagraíocht ar na hionaid sin chun iad a “aistriú i dtreo na Gaeilge” ach dúradh inné go mbeadh sé “an-deacair” na seirbhísí sin a chur ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge.
Dúirt an Dr Aodhán Mac Cormaic, Ceannasaí Roinn na Gaeltachta, gur i gceantair ina bhfuil an Ghaeilge “imeallach” atá cuid mhaith de na hionaid atá i gceist. Dúradh go raibh Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag freastal orthu chun a chinntiú go raibh “leibhéal áirithe Gaeilge” iontu agus go mbeadh blaiseadh den teanga faighte ag páistí, go háirithe má bhí siad le freastal ar scoil lán-Ghaeilge ina dhiaidh sin.
Dúirt Mac Cormaic go reáchtálann Comhar Naíonraí na Gaeltachta ceardlanna amhránaíochta, scéalaíochta, spóirt agus eile mar chuid den obair sin agus go raibh an Roinn Leanaí anois ag breathnú ar a leithéid de sheirbhís a chur ar fáil ar fud na tíre mar chuid den phlean náisiúnta atá á fhorbairt.
Dúirt Toby Wolfe go bhfuil idir 30 agus 40 ionad sa nGaeltacht ag feidhmiú trí Bhéarla nó i mBéarla agus i nGaeilge agus gur mheas sé gur ag “freastal ar éileamh éigin” do sheirbhís trí Bhéarla a bhí na hionaid sin.
Dúirt Mac Cormaic go mbeadh sé an-deacair naíonra Béarla a thiontú isteach ina naíonra Gaeilge, go háirithe mura raibh Gaeilge ag an bhfoireann ann.
Dúirt sé go raibh an ról atá ag daoine atá ag obair in earnáil na luathbhlianta Gaeilge “go hiomlán difriúil” ón ról atá acu siúd atá ag obair in earnáil an Bhéarla.
“Is cúramóirí teanga iad. Tá ról ar leith acu, ról breise,” a dúirt sé.
Dúirt Mac Cormaic gur mhaith leis a fheiceáil amach anseo go mbeadh daoine atá ag obair in earnáil na luathbhlianta Gaeilge ar comhchéim le múinteoirí bunscoile i dtaobh scála pá agus cáilíochtaí ach go mbeadh “i bhfad Éireann níos mó maoiniú” ag teastáil chun é sin a bhaint amach.
Níl aon chúrsa ann i láthair na huaire atá dírithe ar dhaoine a bheadh ag obair san earnáil luathbhlianta Gaeilge agus dúradh go raibh an Roinn i dteagmháil le roinnt eagraíochtaí maidir le ceann a chur ar fáil arís.
Dúradh go raibh maoiniú curtha ar fáil ag Roinn na Gaeltachta do ar a laghad ollscoil amháin chun modúil agus céim trí Ghaeilge a fhorbairt ach go raibh deacrachtaí ann daoine a earcú.







